Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 14 Iúil 2022 ag OC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-384/20, OC v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-479/22 P)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Achomharcóir: OC (ionadaí: I. Ktenidis, Dlíodóir)

Páirtí eile sna himeachtaí achomhairc: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Ábhar an achomhairc: breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-384/20, OC v an Coimisiún Eorpach (ECLI:EU:T:2022:273)

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní ina iomláine;

rialú críochnaitheach a thabhairt sa díospóid;

a ordú don Choimisiún na costais a bhaineann leis na himeachtaí achomhairc agus leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena hachomharc, maíonn an t-achomharcóir na trí shaincheist dlí seo a leanas:

An chéad saincheist dlí, lena líomhnaítear léirmhíniú earráideach ar Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1725,1 sa chéad áit, maidir leis an gcoincheap den duine nádúrtha “sainaitheanta” agus, sa dara háit, maidir leis an gcoincheap “modhanna go léir is dócha, le réasún, a d’fhéadfaí a úsáid chun an duine nádúrtha a shainaithint”, chomh maith le saobhadh eilimint fianaise a bhaineann le sainaithint an achomharcóra ag duine áirithe.

An dara saincheist dlí, lena líomhnaítear léirmhíniú earráideach maidir le raon thoimhde na neamhchiontachta d’Airteagal 9(1) de Rialachán Uimh. 883/2013 1 agus d’Airteagal 48(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(2) ECHR.

An tríú saincheist dlí, lena líomhnaítear saobhadh eilimint fianaise a bhaineann le dochar don cheart chun dea-riaracháin a chumhdaítear in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

____________

1     Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39).

1     Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO 2013 L 248, lch. 1).