Eagrán sealadach
TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
RICHARD DE LA TOUR
arna tabhairt an 11 Eanáir 2024 (1)
Cás C‑808/21
An Coimisiún Eorpach
v
Poblacht na Seice
(Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Saoránacht den Aontas – Airteagal 22 CFAE – An ceart chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát cónaithe faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin – Saoránaigh a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na Seice gan bheith ina náisiúnaigh de chuid na Seice – Easpa ceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta – Iarratas ar thoghcháin bhardasacha nó ar thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa faoin choinníollacha difriúla leo siúd dá fhoráiltear dóibh le haghaidh náisiúnach – Airteagal 10 CFAE – Prionsabal an daonlathais – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 12, 39 agus 40 – Údar – Airteagal 4(2) CAE)
Clár
I. Réamhrá
II. An dlí lena mbaineann
A. Dlí an Aontais Eorpaigh
1. CFAE
2. An Chairt
3. Treoir 93/109/CE
4. Treoir 94/80/CE
B. Dlí na Seice
1. An Dlí maidir le Páirtithe Polaitíochta
2. An Dlí maidir le Toghcháin do Chomhairlí Bardasacha
3. An Dlí maidir le Toghcháin do Pharlaimint na hEorpa
III. An nós imeachta réamhdhlíthíochta
IV. An tordú atá á lorg
V. Anailís
A. An phléadáil do-ghlacthachta arna hardú ag Poblacht na Seice
1. Argóintí na bpáirtithe
2. Measúnú
B. Substaint
1. Bunús na nimeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh
(a) Argóintí na bpáirtithe
(1) An Coimisiún
(2) Poblacht na Seice
(b) Measúnú
2. Teorainn a bheith ann le feidhmiú na gceart toghcháin
(a) Argóintí na bpáirtithe
(1) An Coimisiún
(2) Poblacht na Seice
(b) Measúnú
3. Údar le teorainn le ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta
(a) Argóintí na bpáirtithe
(1) An Coimisiún
(2) Poblacht na Seice
(3) Poblacht na Polainne, idiragraí
(b) Measúnú
VI. Costais
VII. Conclúid
VIII. Iarscríbhinn I: Na rialacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún maidir le maoiniú páirtithe polaitíochta
IX. Iarscríbhinn II: An fhaisnéis arna cur ar fáil ag Poblacht na Seice maidir le comhdhéanamh na liostaí agus na hiarrthóirí tofa i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha
I. Réamhrá
1. Lena chaingean arna tabhairt de bhun Airteagal 258 CFAE, bunaithe ar Airteagal 22 CFAE, iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt a chinneadh gur mhainnigh Poblacht na Seice sna hoibleagáidí atá uirthi a chomhlíonadh faoin dara foráil sin ar an bhforas, go bunúsach, gur lú an seans atá ag saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh nach náisiúnaigh de chuid na Seice iad, ach a chónaíonn ina críoch,(2) go dtoghfaí sna toghcháin bhardasacha nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa iad, ná mar atá ag náisiúnaigh de chuid na Seice, toisc nach dtugann Poblacht na Seice an ceart dóibh a bheith mar bhall de pháirtí polaitíochta. (3)
2. Sa Tuairim seo, míneoidh mé na cúiseanna le neamh-inghlacthacht dhearcadh Phoblacht na Seice nach mór gan ach léamh litriúil a dhéanamh ar Airteagal 22 CFAE, ós rud é nach rialaítear leis ach na coinníollacha dlí maidir le hintofacht i dtoghcháin agus, seachas sin, go measfaí go bhfuil bunús leis an éileamh, mar a thacaíonn an Coimisiún leis, go bhfuil feidhmiú éifeachtach an chirt chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin á shárú ar bhonn anailís chomhthéacsúil theileolaíoch a dhéanamh ar na hoibleagáidí faoin bhforáil sin.
II. An dlí lena mbaineann
A. Dlí an Aontais Eorpaigh
1. CFAE
3. Seo a leanas foclaíocht Airteagal 20 CFAE:
‘1. Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht den Aontas ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.
2. Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear iontu. Beidh acu, inter alia:
[...]
(b) an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;
[...]
Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a shainítear leis na Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh dá mbun.’
4. Foráiltear le hAirteagal 22 CFAE:
‘1. Beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.
2. Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 223(1) agus do na forálacha arna nglacadh lena chur chun feidhme, beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.’
2. An Chairt
5. Seo a leanas foclaíocht Airteagal 12 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, (4)dar teideal ‘Saoirse comhthionóil agus comhlachais’:
‘1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla, ceardchumainn agus sibhialta, rud a thugann le tuiscint go bhfuil ag gach duine an ceart chun ceardchumainn a chur ar bun agus an ceart chun bheith mar bhall de cheardchumainn chun a leasanna a chosaint.
2. Rannchuidíonn na páirtithe polaitíochta ar leibhéal Aontais le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.’
3. Treoir 93/109/CE
6. Leagtar amach an méid seo a leanas in aithris 4 a ghabhann le Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú cheart shaoránaigh an Aontais chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ar saoránaigh iad a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad: (5)
‘de bhrí nach mbaineann Airteagal 8 B(2) CAE ach le leis an bhféidearthacht an ceart chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú, gan dochar do chur chun feidhme Airteagal 138(3) lena bhforáiltear do nós imeachta aonfhoirmeach le haghaidh na dtoghchán sin a leagan síos sna Ballstáit; gurb é atá i gceist go bunúsach leis ná deireadh a chur le coinníoll na náisiúntachta, rud atá de dhíth faoi láthair i bhformhór na mBallstát chun na cearta sin a fheidhmiú.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
7. Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 1(1) den Treoir sin:
‘Leagtar síos leis an Treoir seo na rialacha mionsonraithe maidir le hinfheidhmeacht an chirt chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha atá ag saoránaigh an Aontais a chónaíonn i mBallstát nach náisiúnaigh de iad.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
4. Treoir 94/80/CE
8. Leagtar amach an méid seo a leanas le haithris 5 a ghabhann le Treoir 94/80/CE ón gComhairle, an 19 Nollaig 1994 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú cheart shaoránaigh an Aontais chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha, ar saoránaigh iad a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad:(6)
‘de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag Airteagal 8 B(1) den Chonradh [gur] féidir le gach saoránach an Aontais, bíodh nó ná bíodh siad ina náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit cónaithe, a cheart chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú sa Bhallstát sin faoi na coinníollacha céanna; rud a fhágann gur gá gurb ionann na coinníollacha, go háirithe iad siúd maidir le fad agus cruthúnas ar chónaí a bhaineann le neamhnáisiúnaigh agus na coinníollacha is infheidhme, i gcás inarb iomchuí, maidir le náisiúnaigh an Bhallstáit lena mbaineann; gur gá nach bhfuil na saoránaigh is neamhnáisiúnaigh faoi réir coinníollacha sonracha mura dtugtar údar, go heisceachtúil, le caitheamh go héagsúil le náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh trí imthosca, a bhaineann go sainiúil le náisiúnaigh an Bhallstáit lena mbaineann, lena ndéantar iad a idirdhealú ó na neamhnáisiúnaigh.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
9. Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 1(1) den Treoir sin:
‘Leagtar síos leis an Treoir seo na rialacha mionsonraithe faoina bhféadfaidh saoránaigh den Aontas a chónaíonn i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad a gcearta chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú sa Bhallstát sin.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
B. Dlí na Seice
1. An Dlí maidir le Páirtithe Polaitíochta
10. Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 1(1) de zákon č. 424/1991 Sb., o sdružování v politických stranách a v politických hnutích (Dlí Uimh. 424/1991 maidir le dul i gcomhlachas i bpáirtithe polaitíochta agus gluaiseachtaí polaitíochta), an 2 Deireadh Fómhair 1991, arna leasú:(7)
‘Beidh an ceart ag saoránaigh chun dul i gcomhlachas i bpáirtithe polaitíochta agus gluaiseachtaí polaitíochta (“páirtithe agus gluaiseachtaí”). Cuirtear saoránaigh ar a gcumas a bheith rannpháirteach i saol polaitíochta na sochaí le feidhmiú an chirt sin, go háirithe i gcomhdhéanamh comhlachtaí reachtacha agus comhlachtaí rialtais réigiúnaigh agus áitiúil [...]’
11. Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 2(3) den Dlí sin:
‘Is féidir le gach saoránach atá os cionn 18 mbliana d’aois ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí nó i ngluaiseacht; ní féidir leis, áfach, ach ballraíocht a ghlacadh in aon pháirtí nó gluaiseacht amháin.’
2. An Dlí maidir le Toghcháin do Chomhairlí Bardasacha
12. Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 20(1) de zákon č. 491/2001 Sb., o volbách do zastupitelstev obcí a o změně některých zákonů (Dlí Uimh. 491/2001 maidir le toghcháin do chomhairlí bardasacha agus lena leasaítear dlíthe áirithe), an 6 Nollaig 2001, arna leasú: (8)
‘D’fhéadfaidís seo a leanas a bheith ina bpáirtí toghcháin de réir an dlí seo: páirtithe polaitíochta agus gluaiseachtaí polaitíochta atá cláraithe [...], nár cuireadh a ngníomhaíochtaí ar fionraí agus comhghuaillíochtaí idir na páirtithe sin, iarrthóirí neamhspleácha, comhlachais iarrthóirí neamhspleácha nó comhlachais páirtithe polaitíochta nó gluaiseachtaí polaitíochta agus iarrthóirí neamhspleácha.’
3. An Dlí maidir le Toghcháin do Pharlaimint na hEorpa
13. Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 21(1) de zákon č. 62/2003 Sb., o volbách do Evropského parlamentu a o změně některých zákonů (Dlí Uimh. 62/2003 maidir le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus lena leasaítear dlíthe áirithe), (9) an 18 Feabhra 2003:
‘Féadfaidh páirtithe polaitíochta agus gluaiseachtaí polaitíochta cláraithe nár cuireadh a ngníomhaíochtaí ar fionraí [...] agus a gcomhghuaillíochtaí liostaí na n‑iarrthóirí ar thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a chur isteach [...]’
14. Leagtar amach an méid seo a leanas le hAirteagal 22(2) agus (3) den Dlí sin:
‘(2) Ní mór seo a leanas a chur le liosta na n‑iarrthóirí: cruthúnas ar náisiúntacht an iarrthóra agus dearbhú arna shíniú ag an iarrthóir go dtoilíonn sé dá iarratas, nach bhfuil constaicí roimh a intofacht atá ar eolas aige, agus i gcás inarb iomchuí, nach mbeidh na constaicí sin ann ar lá na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, agus nár iarr sé a bheith ar liosta eile iarrthóirí ar thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, fiú i mBallstát eile. Tabharfaidh an t‑iarrthóir a áit chónaithe nó, más náisiúnach Ballstáit eile é, a áit fanachta agus a dháta breithe, le fios ina dhearbhú chomh maith. Is féidir dearbhú an iarrthóra a scríobh i Seicis nó i gceann de theangacha oibre an Aontais [...] i gcomhréir le hAirteagal 4.
(3) I gcás inar náisiúnach de chuid Ballstáit eile é an t‑iarrthóir, tabharfaidh sé le fios ina dhearbhú, chomh maith leis an eolas dá bhforáiltear le mír 2, a áit bhreithe agus seoladh a áite fanachta deireanaí ina Bhallstát tionscnaimh, cuirfidh sé dearbhú leis ina dtabharfaidh sé le fios nár baineadh an ceart chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin ina Bhallstát tionscnaimh uaidh agus cuirfidh sé na doiciméid dá dtagraítear sa chéad abairt de mhír 2 le liosta na n‑iarrthóirí.’
III. An nós imeachta réamhdhlíthíochta
15. In 2010, rinne an Coimisiún scrúdú, mar chuid de chóras EU Pilot 1300/10/JUST, ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 22 CFAE gur ag náisiúnaigh de chuid na Seice amháin atá an ceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta.
16. Ós rud é nár cuireadh an Coimisiún ó amhras faoi mhainneachtain Phoblacht na Seice sna hoibleagáidí atá uirthi a chomhlíonadh de réir Airteagal 22 CFAE leis an eolas arna sholáthar ag an mBallstát sin, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuici an 22 Samhain 2012. Ina bharúlacha mar fhreagra an 22 Eanáir 2013, chuir an Ballstát sin faoi chonspóid go ndearnadh aon sárú ar dhlí an Aontais, toisc é a bheith ar mhalairt tuairime faoin léiriú ar an Airteagal sin agus, go háirithe, faoin léiriú ar an nath ‘faoi na coinníollacha céanna’ atá ann. D’áitigh sé nach bhfuil oibleagáid ar Bhallstáit cead a thabhairt do shaoránaigh Ballstát eile ballraíocht a ghlacadh i bpáirtithe polaitíochta agus páirtithe polaitíochta a chruthú.
17. An 22 Aibreán 2014, d’eisigh an Coimisiún tuairim réasúnaithe inar áitigh sé gur mhainnigh Poblacht na Seice sna hoibleagáidí atá uirthi de réir Airteagal 22 CFAE tríd an gceart chun páirtí polaitíochta nó gluaiseacht polaitíochta a chur ar bun agus chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta agus i ngluaiseacht polaitíochta a shéanadh ar shaoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais.
18. Ina fhreagra an 20 Meitheamh 2014, thug Poblacht na Seice le fios go raibh sé le meas go raibh na bearta a ghlac sí comhréireach agus i gcomhréir le dlí an Aontais mar sin.
19. I litir dar dáta an 2 Nollaig 2020, d’iarr an Coimisinéir Eorpach um Cheartas ar Phoblacht na Seice é a chur ar an eolas dá n‑athródh sí a seasamh nó faoi athruithe reachtacha arna nglacadh lena ráthú go bhfuil na cearta atá i gceist ag saoránaigh ‘thaistil’.
20. Ós rud é nach bhfuair sé freagra ar an litir sin, thionscain an Coimisiún an chaingean seo agus chuir sé teorainn lena raon feidhme ionas nach mbaineann sí ach le ballraíocht i bpáirtí polaitíochta a bheith teoranta do náisiúnaigh de chuid na Seice amháin. Shoiléirigh an Coimisiún, maidir leis an gceart chun páirtí polaitíochta a chur ar bun ag saoránaigh ‘thaistil’ an Aontais, rud dá ndearnadh tagairt le linn na gcéimeanna níos luaithe de na himeachtaí, gur fhorchoimeád sé an fhéidearthacht é a ardú in imeachtaí ar leith.
IV. An t‑ordú atá á lorg
21. Trína iarratas, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt:
– a dhearbhú ‘tríd an gceart chun páirtí polaitíochta nó gluaiseacht polaitíochta a chur ar bun agus chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta nó i ngluaiseacht polaitíochta [(10)] a shéanadh ar shaoránaigh de chuid an Aontais nach náisiúnaigh de chuid na Seice iad ach a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na Seice, gur mhainnigh [an Ballstát sin] sna hoibleagáidí a chomhlíonadh atá uirthi de réir Airteagal 22 [CFAE]’, agus
– a ordú do Phoblacht na Seice na costais a íoc.
22. Áitíonn Poblacht na Seice, go príomha, go bhfuil an chaingean do-ghlactha agus, mar mhalairt air sin, gur cheart diúltú di toisc í a bheith gan bhunús. Iarrann sí go n‑ordaítear don Choimisiún na costais a íoc chomh maith.
23. Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 19 Bealtaine 2022, tugadh cead idiragartha do Phoblacht na Polainne chun tacú leis an ordú a bhí á lorg ag Poblacht na Seice.
24. Chuige sin, ina ráiteas idiragartha, thíolaic Poblacht na Polainne barúlacha maidir le feidhmiú na gceart a leagtar amach in Airteagal 22 CFAE, maidir le cearta shaoránaigh an Aontais chun vótála i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha faoi dhlí na Seice agus maidir leis na cumhachtaí a eascraíonn ó Airteagal 22 CFAE agus ó ‘chleamhnacht’ le páirtí polaitiúil.
25. Cuireann an Coimisiún críoch lena bharúlacha maidir leis an trí sraith argóintí seo tríd an ordú atá á lorg ina iarratas a choimeád ar bun.
V. Anailís
26. Chun tacú lena imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain Phoblacht na Seice sna hoibleagáidí atá uirthi a chomhlíonadh faoi Airteagal 22 CFAE agus a bhaineann le reachtaíocht náisiúnta lena ndeonaítear an ceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta do náisiúnaigh de chuid na Seice amháin, dearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil an Ballstát sin ag sárú na forála sin trí neamh-chomhlíonadh phrionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhíthin náisiúntachta lena gceanglaítear air a ráthú go bhfuil an ceart chun seasaimh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa ag saoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir lena náisiúnaigh.
27. Cuireann sé béim ar a an tábhacht atá ag baint leis an bhféidearthacht ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí le linn toghchán agus áitíonn, go háirithe, go luaitear in Airteagal 12(2) den Chairt go rannchuidíonn na páirtithe polaitíochta ar leibhéal an Aontais le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.
A. An phléadáil do-ghlacthachta arna hardú ag Poblacht na Seice
1. Argóintí na bpáirtithe
28. Maíonn Poblacht na Seice, cé go mbunaíonn an Coimisiún a chaingean go foirmiúil ar Airteagal 22 CFAE, go líomhnaíonn sí, áfach, i dtéacs a iarratais, go bhfuil forálacha éagsúla eile de dhlí an Aontais á sárú.
29. Measann an Ballstát sin, in éagmais argóintí atá inéilithe faoi Airteagal 22 CFAE nach ndéantar leis, de réir chásdlí na Cúirte, (11)ach prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhíthin náisiúntachta a chur i bhfeidhm maidir leis an gceart chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin, gur líomhain an Coimisiún, i ndáiríre a mhéid a bhaineann leis an gceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta, sárú ar an bprionsabal sin a leagtar síos in Airteagal 18 CFAE agus sárú ar Airteagal 12(1) den Chairt.
30. Sna himthosca sin, ní féidir bunús na caingne a thuiscint agus tá sé éagsúil leis an mbunús a thugtar sa chéim réamhdhlíthíochta de na himeachtaí. Chuirfí an Chúirt i mbaol rialú a thabhairt ultra petita leis.
31. Dar leis an gCoimisiún, is léir óna iarratas agus ón ordú atá á lorg aige araon go bhfuil dlí na Seice, lena ndeonaítear an ceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta do náisiúnaigh de chuid na Seice amháin, ar neamhréir le hAirteagal 22 CFAE agus gur féidir leis rialacha eile den dlí príomha a mheas, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, go háirithe forálacha na Cairte, d’fhonn chomhthéacs dlíthiúil na bhforálacha a dhíorthaítear ó na Conarthaí agus na cearta bunúsacha a chur san áireamh. (12)
2. Measúnú
32. Measann Poblacht na Seice go n‑eascraíonn forais éagsúla leis an gcaingean ó fhorais an iarratais atá ar neamhréir leis an ordú atá á lorg san iarratas.
33. Bíonn an méid seo a leanas á chinneadh go seasta ag an gCúirt: (13)
– i gcomhréir le hAirteagal 120(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais agus le cásdlí na Cúirte Breithiúnais a bhaineann leis an bhforáil sin, ní mór ábhar na n‑imeachtaí, na saincheisteanna dlí agus na hargóintí ar a bhfuiltear ag brath agus achoimre ar na saincheisteanna dlí sin a lua le gach iarratas chun imeachtaí a thionscnamh. Ní mór a leithéid de léiriú a bheith soiléir agus beacht go leor ionas gur féidir leis an gcosantóir a chosaint a ullmhú agus gur féidir leis an gCúirt rialú a thabhairt. Tugtar le tuiscint uaidh sin nach mór na fíricí nó pointí dlí riachtanacha atá ina mbunús le caingean a bheith curtha in iúl go comhleanúnach sothuigthe ó théacs an iarratais agus nach mór an t‑ordú atá á lorg a dhréachtú gan débhrí ionas nach rialódh an Chúirt ultra petita nó ionas nach mainneoidh sí rialú ar ghearán; agus
– i gcomhthéacs caingean arna tabhairt faoi Airteagal 258 CFAE, ní mór na gearáin a leagan amach go comhleanúnach beacht inti, ionas gur féidir leis an mBallstát agus an gCúirt cruinntuiscint a bhaint amach ar raon feidhme an tsáraithe líomhainte ar dhlí an Aontais, ar coinníoll riachtanach é chun go mbeidh an Stát sin in ann a chosaint a dhéanamh go héifeachtach agus chun go mbeidh an Chúirt in ann a chinneadh an ndearnadh nó nach ndearnadh an mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh, mar a líomhnaítear.
34. Sa chás seo, is léir ó fhorais an iarratais, gan débhrí agus i gcomhréir leis an tuairim réasúnaithe, nach mór Airteagal 22 CFAE, ar a bhfuil sé bunaithe, a léiriú trína chur ina chomhthéacs agus tríd na naisc leis an gCairt agus, go háirithe, le hAirteagal 12(1) di a chur san áireamh.
35. I ndáil leis sin, d’áitigh an Coimisiún, i bhfianaise an róil lárnaigh agus bhunúsaigh atá ag páirtithe polaitíochta i gcórais toghcháin na mBallstát agus chun bheith rannpháirteach sa saol polaitíochta, nach bhféadfaí a mheas go bhfuil saoránach den Aontas in ann seasamh mar iarrthóir i dtoghchán ina Stát cónaithe faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin mura féidir leis seasamh mar iarrthóir is ball de pháirtí polaitíochta sa Stát sin, ós rud é go n‑imrítear drochthionchar leis an staid sin ar an seans go dtoghfar é.
36. Dá bhrí sin, ní thugtar le tuiscint uaidh sin go líomhnaítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 12(1) den Chairt. (14)
37. Ina theannta sin, is cosúil go mbaineann an débhrí a d’agair Poblacht na Seice lena hanailís féin ar bhunús na mainneachtana líomhainte in oibleagáidí a chomhlíonadh, ar cheart, dar le Poblacht na Seice, gur Airteagal 18 CFAE a bheadh ann. Dá bhrí sin, is cosaint í a bhí in‑áitithe go héifeachtach ag an Stát sin agus atá le cur faoi scrúdú de réir fiúntais agus ní ag céim inghlacthacht na caingne.
38. Mar sin, molaim don Chúirt diúltú don phléadáil do-ghlacthachta sin.
B. Substaint
1. Bunús na n‑imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh
(a) Argóintí na bpáirtithe
(1) An Coimisiún
39. Tugann an institiúid sin chun cuimhne go gceanglaítear go sonrach le hAirteagal 20(2)(b) agus le hAirteagal 22 CFAE go bhféadfaidh saoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa ‘faoi na coinníollacha céanna’ le náisiúnaigh. (15) Aithníonn sí nach sonraítear in Airteagal 22 CFAE na rialacha mionsonraithe praiticiúla éagsúla faoinar gá an chóir chomhionann a ráthú, ach measann sí go leagtar síos leis oibleagáid ghinearálta uilíoch maidir le cóir chomhionann. Leis an oibleagáid sin, ceanglaítear ar na Ballstáit, in éagmais liosta uileghabhálach ceanglas lena n‑áirítear na ceanglais a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta, a áirithiú go gcuirtear ar chumas do shaoránaigh de chuid an Aontais vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa faoi na coinníollacha céanna lena náisiúnaigh faoi na rialacha atá ann cheana.
40. Dá bhrí sin, chun a chinneadh go gcomhlíontar an oibleagáid sin go héifeachtach, is gá scrúdú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil constaicí dlíthiúla nó de facto ann i mBallstát a fhágann nach féidir úsáid a bhaint as ceann de na bealaí chun seasaimh i dtoghchán atá ar fáil go foirmiúil faoin dlí náisiúnta do shaoránaigh ‘thaistil’ den Aontas, nó a fhágann a bhfuil sé deacair úsáid a bhaint astu. (16)
41. Tá an Coimisiún ag brath ar chásdlí na Cúirte chomh maith, ar dá réir, de pháirt, cé gur faoi na Ballstáit atá sé faoi láthair rialú a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa nach bhfuil comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, nach mór dóibh, agus an méid sin á dhéanamh acu, dlí an Aontais a chomhlíonadh. (17) Den pháirt eile, ní féidir údar a thabhairt le beart náisiúnta lena bhféadfaí srian a chur ar fheidhmiú na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an gConradh i bhfianaise dhlí an Aontais ar mhaithe le leas an phobail ach amháin má tá an beart sin i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear le dlí an Aontais. (18)
42. I ndáil leis sin, áitíonn sé gur léir gur teorainneacha ar an gceart bunúsach chun saoirse comhlachais a leagtar síos in Airteagal 12(1) den Chairt iad na teorainneacha ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh chun páirtí polaitíochta a chur ar bun agus ar an gceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta, Airteagal a bhfuil a fhoclaíocht ag teacht le foclaíocht Airteagal 11 den Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. (19)
43. Go deimhin, measann an Coimisiún, i bhfianaise an róil lárnaigh agus bhunúsaigh atá ag páirtithe polaitíochta i gcórais toghcháin na mBallstát, nach féidir a mheas go bhfuil saoránach den Aontas in ann seasamh mar iarrthóir i dtoghchán ina Stát cónaithe faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin mura féidir leis seasamh mar iarrthóir mar bhall de pháirtí polaitíochta sa Stát sin.
44. Dá bhrí sin, áitíonn sé an méid seo a leanas:
– sna Ballstát go léir, tá páirtithe polaitíochta fós ina bhfoirm bhunúsach rannpháirtíochta sa saol polaitíochta agus ina mbealach is minice úsáid chun bheith rannpháirteach sna toghcháin mar iarrthóirí, agus
– dá bhrí sin, aithníodh tábhacht na bpáirtithe polaitíochta i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (20) agus cuireadh béim uirthi sna Treoirlínte maidir le Páirtithe Polaitíochta a rialú ón gCoimisiún Eorpach maidir le Daonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise). (21)
45. Deir an Coimisiún chomh maith nach bhfuil feidhm shoiléir sa chás seo ag na forais a leagtar amach in Airteagal 11(2) de ECHR, ar forais iad lena bhféadfaí údar a thabhairt le teorainn le feidhmiú an chirt chun saoirse comhlachais nach mór tagairt a dhéanamh dóibh faoi Airteagal 52(3) den Chairt.
46. Mar fhreagairt ar na hargóintí a bhaineann leis an raon feidhme teoranta d’Airteagal 22 CFAE a bhaineann le hinniúlacht na mBallstát i ndáil le gníomhaíocht pholaitiúil, (22)áitíonn an Coimisiún, ar an gcéad dul síos, nach gcuimsítear raon feidhme iomlán an choisc ar aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta faoi Airteagal 22 CFAE le raon feidhme Threoracha 93/109 agus 94/80 lena rialaítear ceisteanna riaracháin agus nós imeachta. Ní fhéadfaidh an raon feidhme sin a bheith ina bhunús nó ina fhoras le léiriú sriantach ar raon feidhme an dlí phríomha. (23) Thairis sin, ar thaobh amháin, d’fhágfaí lena leithéid réasúnaíocht go nglacfaí le hidirdhealú i ndáil le rialacha eile, amhail na rialacha sin a bhaineann leis an bhfeachtas toghcháin i ndáil le comhthionóil nó le comharthaíocht, mar shampla. Ar an taobh eile, ní féidir le Poblacht na Seice a thabhairt le tuiscint as an mbreithiúnas in Eman agus Sevinger, (24) go mbaineann sé le cearta toghcháin náisiúnach Ballstát eile.
47. Ar an dara dul síos, cuireann an Coimisiún faoi chonspóid gur féidir glacadh trí Airteagal 16 de ECHR (25) leis an srian ar ghníomhaíocht pholaitiúil náisiúnach Ballstát eile agus cuireann sé béim air nach mór an coincheap ‘saoránacht den Aontas’ agus na cearta ag dul leis sin a chur san áireamh. I ndáil leis sin, tugann sé chun cuimhne nach gcuireann sé faoi chonspóid gur féidir leis na Ballstáit bearta a ghlacadh chun teorainn a chur le rannpháirtíocht shaoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais in olltoghcháin náisiúnta, ach seasann sé air nach bhféadfaí dul chomh fada le raon feidhme na mbeart arna nglacadh agus comhionannas choinníollacha rannpháirtíochta na saoránach sin sna toghcháin bhardasacha agus do Pharlaimint na hEorpa a chur i mbaol. Tugann sé dá haire chomh maith, cé is moite de Phoblacht na Seice agus de Bhallstát eile, nach ndéanann aon Bhallstát foráil maidir lena leithéid de srian.
48. Ar an tríú dul síos, maidir le gné bhunreachtúil na teorann le rannpháirtíocht i bpáirtithe polaitíochta mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leo ar an leibhéal náisiúnta, rud a thugtar údar leis tríd an tagairt a rinne Poblacht na Seice do bhreithiúnas an Nejvyšší správní soud (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, Poblacht na Seice), (26) tugann an Coimisiún dá aire, i mír 9 den bhreithiúnas sin, go luaitear go sainráite gurbh é ábhar na n‑imeachtaí an cinneadh reachtanna an pháirtí sin a leasú seachas ‘cur isteach ar chearta shaoránaigh an Aontais [...] sna coinníollacha maidir lena rannpháirtíocht i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha’. Thairis sin, maidir leis an léiriú ar an Listina základních práv a svobod (an Chairt um Chearta Bunúsacha agus Saoirsí), ar cuid d’ord bunreachtúil na Seice é, a rinne an Nejvyšší správní soud (an Chúirt Riaracháin Uachtarach), ar dá réir a chuirtear cosc ar bhallraíocht daoine nach saoránaigh de chuid na Seice iad, tugann an Coimisiún dá aire nár rialaigh an Ústavní soud (an Chúirt Bhunreachtúil, Poblacht na Seice) ar a leithéid de léiriú agus go bhfuil tuairimí dlí éagsúla ina leith. (27)
(2) Poblacht na Seice
49. De réir an Bhallstáit sin, ní thagann ceist na ballraíochta i bpáirtí polaitíochta faoi Airteagal 22 CFAE. Sa chéad áit, is iad is bun léi tionscnamh agus daingne ábhar na forála sin.(28) Ó cuireadh iad leis an dlí príomha in Airteagal 8 B CE ar dtús, mar a rinneadh leasú air le Conradh Maastricht, go dtí Conradh Liospóin lena raibh a n‑éifeacht in Airteagal 22 CFAE, leagtar amach cearta toghcháin na saoránach ‘taistil’ de chuid an Aontais sna téarmaí céanna.
50. Sa dara háit, áitíonn Poblacht na Seice go dtagann a léiriú ó fhoclaíocht Airteagal 22 CFAE agus ó rún an reachtóra a chuirtear in iúl go soiléir sna haithrisí a ghabhann le Treoracha 93/109 agus 94/80. (29)Is é an aidhm atá ann deireadh a chur le haon cheanglas náisiúntachta maidir le feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin, gan baint a bheith ann le haon ghnéithe eile, lena n‑áirítear na coinníollacha le haghaidh ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta. (30) Ina theannta sin, dúirt an reachtóir go sainráite, i ndáil leis sin, nach mór prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh.
51. Sa tríú háit, cuireann Poblacht na Seice béim air gur shoiléirigh an reachtóir in Airteagal 22 CFAE go ndéanfar na cearta chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin a fheidhmiú ‘faoi réir na rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle’. (31) Go sonrach baineann sé le rialacha mionsonraithe Threoracha 93/109 agus 94/80, nach ndéantar aon tagairt leo do thionchar éigin a bheith ag an gceart dá bhforáiltear in Airteagal 22 CFAE ar na coinníollacha maidir le ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta.
52. Sa cheathrú háit, tá raon feidhme Airteagal 22 CFAE, atá teoranta mar sin, agus reachtaíocht cur chun feidhme an Aontais i lán-chomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, (32)faoina n‑urramaíonn an tAontas féiniúlacht náisiúnta na mBallstát, rud atá ina chuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil. Mar sin féin, is bunchloch na struchtúr sin an reachtaíocht lena rialaítear feidhmiú na bpáirtithe polaitíochta (33) agus aithnítear le hAirteagal 16 de ECHR chomh maith go bhféadfaidh páirtithe conarthacha srianta a fhorchur ar ghníomhaíocht pholaitiúil eachtrannach. I ndáil leis sin, is eisceacht é Airteagal 22 CFAE nach féidir a léiriú go leathan sa chaoi go dtagann gach gníomhaíocht pholaitiúil faoi. (34)Ní bhaineann sé le hábhar líon na mBallstát a agairt nach bhfuil a leithéid de sheasamh glactha acu, mar a d’agair an Coimisiún.
53. Thairis sin, tugtar le tuiscint ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, mar a luaigh an Coimisiún, go bhfuil na páirtithe polaitíochta bunúsach le haghaidh toghcháin ar an leibhéal náisiúnta. Ní maidir leis sin a bhfuil feidhm ag dlí an Aontais, áfach, mar a aithníonn an Coimisiún.
54. Ag an deireadh ar fad, tá nasc díreach ag ceart na mBallstát chun rannpháirtíocht san eochair-ardán a fhorchoimeád dá náisiúnaigh le haghaidh gníomhaíocht pholaitiúil náisiúnta, eadhon páirtithe polaitíochta, leis an bhféidearthacht iarratais ar thoghcháin don chomhlacht reachtach a theorannú, rud a admhaíonn an Coimisiún, agus leis an bhféidearthacht saoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais a eisiamh ó phoist chomhlachtaí feidhmiúcháin na mbardas, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 94/80.
55. Ina hathfhreagra, cuireann Poblacht na Seice lena hargóint gur cheart Airteagal 18 CFAE (35) a bheith mar bhunús dlí substainteach leis an gcaingean seo. De pháirt, is léir ón mbreithiúnas in Eman agus Sevinger (36) go bhfuil feidhm ag an Airteagal sin maidir le ceisteanna a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, ó thaobh idirdhealú a d’fhéadfadh a bheith ann de bhíthin náisiúntachta, amhail, mar shampla, fógraíocht toghcháin.
56. Den pháirt eile, measann Poblacht na Seice, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, d’fhonn an fhoráil is infheidhme de dhlí an Aontais a roghnú idir an fhoráil lena leagtar amach an cosc ginearálta ar idirdhealú agus forálacha speisialta an dlí phríomha, tá sé riachtanach a fháil amach an bhfuil nó nach bhfuil ‘stádas’ faighte ag an duine lena mbaineann (37) dá bhforáiltear le foráil speisialta, (38) amhail, inter alia, stádas oibrí de réir bhrí Airteagal 45 CFAE nó stádas duine bunaithe de réir bhrí Airteagal 49 CFAE.
57. Mar sin, de réir Phoblacht na Seice, níl feidhm ag Airteagal 22 CFAE maidir le saoránach ‘taistil’ de chuid an Aontais ach amháin i gcás ina bhfaigheann sé stádas toghthóra nó iarrthóra i dtoghchán. Ní féidir le stádas iarrthóra a bheith faoi réir ballraíocht i bpáirtí polaitíochta toisc nach ráthaítear leis go mbeidh an t‑iarrthóir ar liosta d’iarrthóirí. (39)
(b) Measúnú
58. Baineann an chaingean seo le hiarmhairtí maidir le hintofacht i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a eascraíonn ón gceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta, rud nach ndeonaítear do shaoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais faoi dhlí na Seice. An bhfuil sé d’éifeacht ag an gcosc sin, mar a áitíonn an Coimisiún, nach bhfeidhmíonn na saoránaigh sin a gceart chun seasaimh mar iarrthóir sna toghcháin sin ‘faoi na coinníollacha céanna’ le náisiúnaigh de chuid na Seice de réir bhrí Airteagal 22 CFAE?
59. Faoi mar a sheasann dlí an Aontais, tagann ballraíocht i bpáirtí polaitíochta faoi inniúlacht na mBallstát. Is léir, áfach, ó chásdlí comhsheasmhach na Cúirte go gceanglaítear ar na Ballstáit, agus a n‑inniúlacht á feidhmiú acu, na hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh. (40)
60. Dá bhrí sin, tá cinneadh le déanamh ar na ceanglais faoi Airteagal 22 CFAE, ar Airteagal é atá á agairt ag an gCoimisiún.
61. De réir a fhoclaíochta, ós rud é go bhfuil raon feidhme Airteagal 22 CFAE teoranta do thoghcháin dá dtagraíonn sé amháin, eadhon toghcháin bhardasacha (mír 1) agus toghcháin do Pharlaimint na hEorpa (mír 2), tá olltoghcháin nó toghcháin uachtaráin as an áireamh.
62. Leis an gcaingean seo, iarrtar ar an gCúirt a shoiléiriú an í an tuiscint atá le baint as prionsabal an chomhionannais a leagtar síos in Airteagal 22 CFAE ná go gcuimsítear na coinníollacha go léir inar féidir le haon saoránach ‘taistil’ de chuid an Aontais seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin, nó an é nach mbaineann sé ach le coinníollacha dlíthiúla maidir le hintofacht.
63. Dá bhrí sin, ní mór an méid rogha a shainiú a thugtar do na Ballstáit ós rud é go leagtar síos le Treoracha 93/109 agus 94/80 faoi seach na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (41) agus i dtoghcháin bhardasacha.
64. An argóint de chuid Phoblacht na Seice, atá bunaithe ar léamh litriúil ar Airteagal 22 CFAE, ar dá réir a chuirtear srian ar phrionsabal an chomhionannais a leagtar síos san fhoráil sin leis na Treoracha sin, ní mór diúltú di ón tús mar gheall ar ordlathas na rialacha, mar a thacaíonn an Coimisiún leis mar is ceart, ar dá réir nach bhféadfaí srian a chur ar cheart a aithnítear sa Chonradh trí reachtaíocht thánaisteach.(42)
65. Mar sin, ní dhéantar leis na treoracha sin ach íoschreat a shainiú lena ndaingnítear prionsabal an chomhionannais ar mhaithe le feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin.(43)
66. Tugtar chun suntais, áfach, go han‑soiléir, ó Chonradh Liospóin ar aghaidh, trí thionscnamh Airteagal 22 CFAE agus trí fhorbairt an chreata dlí lena mbaineann ábhar na forála sin, nach mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin tríd an dá chrann taca leis a chur san áireamh, eadhon saoránacht den Aontas agus an daonlathas ionadaíoch.
67. Maidir le saoránacht den Aontas, sa chéad áit, braitheann an Coimisiún, mar is ceart, ar chur i bhfeidhm Airteagal 20(2)(b) CFAE, ina luaitear go dtugtar, leis an tsaoránacht sin, (44) i measc cearta eile, an ceart chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.
68. Is cuid den dlí príomha ó Chonradh Maastricht ar aghaidh, a síníodh an 7 Feabhra 1992, é an nasc sin leis an tsaoránacht.(45) Bhí baint aige ón tús leis an gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (46) agus le prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhíthin náisiúntachta, atá mar chuid de gach ceann de na saoirsí gluaiseachta.
69. Cuireadh tréith ar leith, áfach, leis an nasc sin mar thoradh ar na hathruithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin toisc gur mhian leis na Ballstáit, go háirithe, tús áite a thabhairt don tsaoránacht. Go deimhin, ar thaobh amháin, saibhríodh Conradh AE le Teideal II, dar teideal ‘Forálacha maidir leis na prionsabail dhaonlathacha’, ina bhfuil Airteagal 9, lena bhforáiltear don mhéid seo a leanas: ‘ina chuid gníomhaíochtaí uile, urramóidh an tAontas prionsabal chomhionannas a shaoránach, a gheobhaidh cóir chomhionann óna institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí. Is saoránach den Aontas é gach náisiúnach de Bhallstát. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad’. Leagtar amach na cearta a ghabhann le saoránacht den Aontas in Airteagail 20 go 24 CFAE, ar Airteagail iad a fhreagraíonn d’Airteagail 17 go 21 CE. Leagtar síos in Airteagal 20(2)(b) agus in Airteagal 22 CFAE na cearta atá ag saoránaigh ‘thaistil’ an Aontais i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha.
70. Ar an taobh eile, tá gach ceann de na cearta sin i dTeideal V den Chairt chomh maith,(47) dar teideal ‘Saoránacht’. Cumhdaítear ann na cearta atá ag saoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha in Airteagail 39 (48) agus 40 (49) i dtéarmaí ginearálta.
71. Mar sin, le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór anailís a dhéanamh ar chearta toghcháin shaoránaigh an Aontais a leagtar síos in Airteagal 22 CFAE mar chearta bunúsacha agus mar léiriú ar phrionsabal na córa comhionainne, rud atá ina chuid dhílis de stádas bunúsach náisiúnaigh na mBallstát.(50)
72. Féachtar chomh maith lena n‑athdhearbhú in CAE agus sa Chairt naisc a bhunú leis na cearta agus prionsabail eile a leagtar amach iontu, amhail an comhionannas agus an daonlathas, ar comhluachanna ag Ballstáit iad na luachanna sin a bhfuil an tAontas fothaithe orthu.(51)
73. Sa dara háit, maidir leis na prionsabail dhaonlathacha, ó Chonradh Liospóin ar aghaidh, luaitear in Airteagal 10(1) CAE go ‘[mb]eidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch’ (52) agus aithnítear i míreanna 2 agus 3 an ceart atá ag saoránaigh an Aontais go ndéanfar ionadaíocht dhíreach dóibh i bParlaimint na hEorpa agus chun bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais.
74. Dá bhrí sin, mar gheall ar an gcomhcheangal a rinneadh le Conradh Liospóin, ar a laghad le haghaidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, idir na cearta chun vótála agus chun seasaimh mar iarrthóir a théann le saoránacht den Aontas agus prionsabail dhaonlathacha laistigh den Aontas, cuirtear in iúl go soiléir an cuspóir maidir le hionadaíocht éifeachtach shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais a áirithiú.
75. Áitíonn an Coimisiún, agus an ceart aige, gurb é atá san ionadaíocht sin ná an comhthoradh ar imeascadh shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais ina Stát cónaithe, mar a luaitear sna haithrisí a ghabhann le Treoracha 93/109 agus 94/80. (53) Go sonrach, ar an leibhéal áitiúil, is é is aidhm do na cearta polaitiúla a aithnítear a bhfuil ag na saoránaigh sin chun spreagadh a thabhairt d’imeascadh sóisialta na saoránach sin a roghnaigh cónaí i mBallstát nach náisiúnaigh de iad. Ón taobh sin de, ní mór an cuspóir a thabhairt faoi deara chomh maith a leagtar amach sna haithrisí sin, eadhon ‘aon deighilt a sheachaint idir liostaí d’iarrthóirí is náisiúnaigh agus liostaí d’iarrthóirí is neamhnáisiúnaigh’.
76. Mar sin, dar liom, d’fhéadfadh an Coimisiún a áitiú, agus cúis mhaith aige, ar bhonn Airteagal 22 CFAE, agus é curtha i gcomhthéacs na gceart a théann le saoránacht an Aontais agus leis na prionsabail dhaonlathacha a leagtar amach sna Conarthaí, nach mór oibleagáid ghinearálta gan drogall a chur roimh rannpháirtíocht sna toghcháin ar chúiseanna éagsúla a bheith i gceist leis an ráthaíocht um chomhionannas chearta thoghcháin shaoránaigh an Aontais, gan gá le liosta na gcritéar táscach, nó uileghabhálach fiú, a chur le chéile. (54)
77. Is é sin le rá, tá Airteagal 22 CFAE le tuiscint sa chaoi gurb ionann aon bhac ar fheidhmiú na gceart toghcháin lasmuigh de na creataí a shainítear le Treoir 93/109 agus Treoir 94/80, de bhíthin náisiúntachta, agus idirdhealú laistigh de raon feidhme na gConarthaí, rud a bhfuil cosc air. (55)
78. Ós rud é nach mór scrúdú a dhéanamh ar na bearta náisiúnta atá i gceist i bhfianaise na rialacha sonracha sin maidir le neamh-idirdhealú a leagtar síos le CFAE, níl feidhm ag Airteagal 18 den Chonradh sin, atá á agairt ag Poblacht na Seice, i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach na Cúirte.(56) Thairis sin, ní gá aon ‘stádas’ ar leith a lorg chun críocha fhorálacha Airteagal 22 CFAE a chur chun feidhme, ós rud é go n‑eascraíonn comhionannas na gceart i gcúrsaí toghcháin ó stádas shaoránach an Aontais. (57)
79. Sna himthosca sin, tá scrúdú le déanamh anois ar anailís an Choimisiúin ar dá réir gur bac ar fheidhmiú na gceart sin í mura féidir ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta.
80. Sa chás seo, tá na páirtithe ar aon intinn maidir leis an ráiteas go bhfuil an seans go bhfuil rochtain ar fheidhmeanna tofa ar an leibhéal bardasach nó Eorpach ag brath ar an leibhéal rannpháirtíochta i saol daonlathach an Bhallstáit ina bhfuil saoránaigh ‘thaistil’ den Aontas mar iarrthóirí, bíodh sin mar chuid de pháirtí nó go neamhspleách.
81. Táim den tuairim, áfach, mar atá an Coimisiún, a bhraitheann ar threoirlínte Choimisiún na Veinéise, (58) nár cháin Poblacht na Seice, go bhfuil rochtain ar na hacmhainní atá ar fáil do pháirtithe polaitíochta ina ghné ríthábhachtach chun iarratais a chur chun cinn i dtoghcháin bhardasacha (59) nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.
82. Thairis sin, mar a d’áitigh an Coimisiún ar bhonn chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, tá buntábhacht le ról na bpáirtithe polaitíochta i bhfeidhmiú na gceart polaitiúil sna Ballstáit. (60) Ar leibhéal an Aontais, aithnítear go soiléir an ról sin in Airteagal 10(4) CAE, (61) a fhreagraíonn d’Airteagal 12(2) den Chairt. (62)
83. Go deimhin, tá nasc follasach idir an tAirteagal sin den Chairt agus Airteagail 39 agus 40 di.(63) Sna himthosca sin, agus ar na cúiseanna arna leagan amach cheana féin, (64) agus i gcomhréir iomlán le prionsabal na tabhartha, mar a leagtar amach in Airteagal 5(2) CAE, ní mór do gach Ballstát na forálacha sin a chur san áireamh, chun feidhmiú na gceart a thugtar le hAirteagal 22 CFAE a ráthú.
84. Dá bhrí sin, táim ar aon tuairim leis an gCoimisiún nach mór measúnú a dhéanamh ar a chaingean faoi Airteagal 22 CFAE i bhfianaise an chirt chun saoirse comhlachais a chumhdaítear in Airteagal 12(1) den Chairt, i gcomhar le hAirteagal 11(65) di maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Cosnaítear na saoirsí sin go háirithe mar gheall ar an ról buntábhachtach atá acu i rannpháirtíocht na saoránach sa daonlathas. (66) Léirítear le hAirteagal 12(2) den Chairt sampla den nasc sin a bhaineann le páirtithe polaitíochta Eorpacha.
85. Tá an ceart sin chun saoirse comhlachais ag freagairt don cheart a ráthaítear in Airteagal 11(1) de ECHR, dá bhrí nach mór a aithint gurb ionann an bhrí agus an raon feidhme acu, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt.(67)
86. Is léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine go bhfuil an ceart chun saoirse comhlachais ar cheann de na bunchlocha riachtanacha de shochaí dhaonlathach agus iolraíoch, a mhéid a chuirtear ar chumas do shaoránaigh leis gníomhú i dteannta a chéile sna réimsí a bhfuil leas coiteann acu iontu agus rannchuidiú le dea-fheidhmiú an saoil phoiblí dá bhrí sin. (68)
87. Mar sin, is i bhfianaise fhorálacha CAE agus na Cairte sin nach mór measúnú a dhéanamh, mar a áitíonn an Coimisiún, an mbaineann sé nó nach mbaineann sé de chomhionannas choinníollacha intofachta shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais chun seasaimh i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, go háirithe a mhéid a fhágtar gur lú go suntasach an seans go dtoghfaí iad, mura féidir leo ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta i bPoblacht na Seice de réir dlí.
2. Teorainn a bheith ann le feidhmiú na gceart toghcháin
(a) Argóintí na bpáirtithe
(1) An Coimisiún
88. Go nithiúil, leagann an Coimisiún béim ar thrí chineál buntáiste a bhaineann le ballraíocht i bpáirtí polaitíochta chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin.
89. Ar an gcéad dul síos, is féidir leis na hiarrthóirí is baill de pháirtí polaitíochta seanbhunaithe sochar a bhaint as traidisiún, íomhá agus struchtúir shoch-eagraíochtúla an pháirtí sin. Seasann an Coimisiún air gur leor ainm an pháirtí chun luachanna nó cineálacha cur chuige áirithe polaitíochta a thabhairt le tuiscint, gan aon nasc a bheith ann le duine aonair.
90. Ar an dara dul síos, is féidir leis na hiarrthóirí sin sochar a bhaint as feiste thoghcháin agus as acmhainní na bpáirtithe polaitíochta. Mar sin, tacaíonn siad lena n‑iarrthóirí atá ag seasamh i dtoghcháin a bhuí lena dtaithí, lena mbonneagar agus lena nósanna imeachta oibríochtúla sonracha (mar shampla, líonraí, meáin agus córais chumarsáide).
91. Ar an tríú dul síos, ós gníomhaithe polaitiúla aitheanta iad páirtithe polaitíochta, is minic pribhléidí sonracha a bheith acu faoin dlí náisiúnta, amhail buntáistí airgeadais, córas cánach speisialta agus rochtain ar na meáin. Maidir le maoiniú i bPoblacht na Seice, agraíonn an Coimisiún roinnt forálacha a bhaineann le páirtithe.(69)
92. Mar sin, de réir an Choimisiúin, murab ionann agus saoránaigh atá ina mbaill de pháirtithe polaitíochta seanbhunaithe, ní mór do shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais, arb éigean dóibh seasamh mar iarrthóirí neamhspleácha i bPoblacht na Seice, a bhféiniúlacht pholaitiúil féin a chruthú agus a chur chun cinn, a n‑eagraíocht féin a fhorbairt chun feachtas toghcháin a reáchtáil, agus rochtain gan pribhléidí sonracha a bheith acu ar mhaoiniú agus ar na meáin.
93. Ina theannta sin, tugann an institiúid sin aird ar roinnt deacrachtaí a bhaineann le liostaí na n‑iarrthóirí neamhspleácha. Shoiléirigh sí, i dtoghcháin bhardasacha, gurb iad sin amháin a bhfuil orthu achainí a thaisceadh a shínigh na toghthóirí chun tacú lena n‑iarratas. Braitheann líon na sínithe ar mhéid an bhardais ina bhfuil an t‑iarrthóir ag seasamh.(70)
94. Ina theannta sin is doshéanta leis, maidir leo siúd a chur le liosta páirtí polaitíochta, go bhfuil laige ag baint le hiarrthóirí neamhspleácha i gcomparáid le hiarrthóirí ar baill den pháirtí sin iad, ós rud é go mbraitheann siad ar chinneadh an pháirtí sin iad a chur lena liosta agus a n‑áit ar an liosta sin a chinneadh, gan aon tionchar ar bith a bheith acu laistigh den pháirtí sin.
95. Cuireann sí béim air chomh maith nach mór a chur san áireamh go dtugtar le fios ar liostaí na n‑iarrthóirí agus ar pháipéar ballóide go bhfuil duine ag seasamh mar ‘iarrthóir neamhchleamhnaithe’ ar liosta páirtí polaitíochta. Sna himthosca sin, maidir le tosaíochtaí nó dearcthaí polaitiúla a roghnú, níl an oiread céanna measa ar iarrthóirí neamhspleácha agus atá ar bhaill, a d’fhéadfadh a ról gníomhach laistigh dá pháirtí a chur chun a thairbhe i dtuairim na dtoghthóirí.(71)
96. Ag an deireadh ar fad, tugann an Coimisiún aird ar ráiteas an Kancelář Veřejného ochránce práv (Oifig an Ombudsman de chuid na Seice) go bhfuil saoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais faoi mhíbhuntáiste i dtoghcháin chomh maith lena dtuairim maidir leis an idirdhealú díreach ina leith i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa toisc gurbh iad páirtithe polaitíochta amháin a ainmníonn na hiarrthóirí. (72)
97. Ina fhreagra, diúltaíonn an Coimisiún gach argóint atá bunaithe ar chleachtais toghcháin. Sa chéad áit, tugann sé chun cuimhne go n-eascraíonn an difríocht cóireála ón dlí atá i gceist ar dá réir a fhéadfaidh náisiúnach de chuid na Seice rogha a dhéanamh ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta agus ionadaíocht a dhéanamh don pháirtí sin sna toghcháin, nó a bheith neamhspleách agus glacadh, b’fhéidir, le tairiscint ar chlárú mar iarrthóir ‘nach bhfuil cleamhnaithe’ ar liosta páirtí polaitíochta lena bhfuil sé á iarraidh, fad nach bhfuil an rogha sin ar fáil do shaoránach ‘taistil’ de chuid an Aontais agus nach féidir leis ach seasamh mar iarrthóir neamhspleách nó súil a bheith aige go bhfaigheadh sé tairiscint ón bpáirtí polaitíochta ar mhian leis a bheith mar bhall ann go ndéanfaí iarrthóir ‘nach bhfuil cleamhnaithe’ de.
98. Sa dara háit, maidir leis an dualgas cruthúnais, measann sé, i gcás idirdhealú de jure amhail an t‑idirdhealú atá á agairt, nach gá, le cinneadh go ndearnadh sárú ar dhlí an Aontais, sonraí staitistiúla a sholáthar don Chúirt maidir le líon na saoránach ‘taistil’ de chuid an Aontais a bhain dochar dóibh, sa chleachtas, de dheasca a leithéide d’idirdhealú díreach. Dúirt sé chomh maith go bhfuil sé geall le bheith do-dhéanta tuairisc a thabhairt ar na cásanna inar cuireadh drogall ar shaoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais seasamh i dtoghcháin toisc nárbh féidir le ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta. (73)
99. Sa tríú háit, measann an Coimisiún nach bhfuil na sonraí staitistiúla arna soláthar(74) ag Poblacht na Seice ábhartha i gcás idirdhealú de jure. Sa mhéid go bhfuil nasc indíreach míshoiléir eatarthu, deimhníonn siad a sheasamh ina ionad sin. Luaitear ann, ina leith sin, go mbaineann na staitisticí sin go ginearálta le ‘daoine nach bhfuil cleamhnacht polaitíochta acu’, gan bheith in ann a shainaithint cé mhéad díobh atá ina saoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais, ar saoránaigh iad a bhaineann an chaingean seo lena gcás. Ina theannta sin, léirítear lena scrúdú mionsonraithe ar na sonraí sin, go bunúsach, maidir le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa:
– gur sheas beagnach dhá thrian de na hiarrthóirí mar chuid de pháirtí polaitíochta;
– i dtrí cheann de na ceithre thoghchán do Pharlaimint na hEorpa, gurbh ísle sciar na n‑iarrthóirí neamhspleácha a toghadh ná sciar na n‑iarrthóirí a toghadh atá ina mbaill de pháirtithe polaitíochta, agus
– gurb an‑mhinic daoine móra le rá a bhfuil clú agus cáil as an ngnáth orthu a bhí sna hiarrthóirí neamhspleácha a thoghtar do Pharlaimint na hEorpa.(75)
100. Maidir le toghcháin bhardasacha, aontaíonn an Coimisiún go bhfuil rogha na dtoghthóirí ag brath níos mó ar a aitheanta agus atá daoine mór le rá go háitiúil. Measann sé, áfach, go léirítear leis sin go raibh gá níos mó ag saoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta ionas gur mhó an seans go dtoghfaí iad.
(2) Poblacht na Seice
101. Tar éis a thabhairt dá aire arís nach mbaineann an chaingean seo leis na coinníollacha dlí lena rialaítear feidhmiú na gceart toghchán, cuireann an Ballstát sin béim, ar an gcéad dul síos, air go bhféadfaidh daoine nach baill de pháirtí polaitíochta iad tairbhe iomlán a bhaint as na buntáistí a leagann an Coimisiún amach ina iarratas, trí bheith ar liosta iarrthóirí aon pháirtí agus gur cleachtas coiteann é ina chríoch.(76)
102. Ansin, tugann Poblacht na Seice faoi deara go bhfuil an sárú arna agairt ag an gCoimisiún bunaithe ar thoimhdí agus líomhaintí nach bhfuil bunús leo. (77) Thairis sin, níor chuir an Coimisiún san áireamh na mínithe ar fhírinní áitiúla a tugadh ag an gcéim réamhdhlíthíochta, ach léiríonn siad nach féidir leis an gCoimisiún a mhaíomh nach bhfuil aon amhras ann maidir le laige na n‑iarrthóirí neamhspleácha.
103. Cuireann sé gnéithe nithiúla éagsúla chun cinn chun a léiriú go mbíonn ‘daoine nach bhfuil cleamhnacht polaitíochta acu’ i bPoblacht na Seice ina n‑iarrthóirí ag barr liostaí na bpríomhpháirtithe polaitíochta go rialta, gur minic a thoghtar iad agus go mbíonn feidhmeanna tábhachtacha acu ansin san institiúid ar toghadh chuici iad.(78) Baineann an Ballstát sin de thátal as sin nach bhfuil rath iarrthóra sna toghcháin faoi réir ballraíocht a bheith aige i bpáirtí polaitíochta, ach ar thosca amhail a thuairimí agus a phearsantacht.
(b) Measúnú
104. De réir Phoblacht na Seice, arna tacú ag Poblacht na Polainne, níor chuir an Coimisiún fianaise ar fáil maidir le héifeachtaí praiticiúla na bhforálacha dlí atá i gceist maidir le hintofacht shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais.
105. Chinn an Chúirt gur féidir a chruthú gurb ann do mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh, i gcás ina n‑eascraíonn sé ó bheart reachtach nó rialála a ghlacadh nach gcuirtear a bheithsine ná a chur i bhfeidhm faoi chonspóid, trí anailís dhlíthiúil a dhéanamh ar fhorálacha an bhirt sin.(79)
106. Sa chás seo, is é is bun leis an mainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh ná beart reachtach a ghlacadh, nach gcuireann an Ballstát sin faoi chonspóid gurb ann dó agus nach gcuireann sé a chur i bhfeidhm faoi chonspóid, ar beart reachtach é ar cuireadh a fhorálacha faoi anailís dhlíthiúil in iarratas tionscanta na n-imeachtaí.
107. Ina theannta sin, tá measúnú le déanamh ar a mhéid a bhfuil éifeachtaí athchomhairleacha ag an reachtaíocht sin ar iarratais fhéideartha ar thoghcháin, rud nach bhfuil inchainníochtaithe.
108. Dá réir sin, níl bunús cáinte ag Phoblacht na Seice i leith an Choimisiúin toisc nár sholáthair sí fianaise maidir leis na héifeachtaí praiticiúla atá ag an dlí lena bhforchoimeádtar ballraíocht i bpáirtí polaitíochta do náisiúnaigh de chuid na Seice ar chearta toghcháin shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais.
109. Maidir le dlí Phoblacht na Seice atá i gceist lena bhforchoimeádtar ballraíocht i bpáirtí polaitíochta do náisiúnaigh de chuid na Seice, dar liom, is é is cúis amháin leis an gcóir neamh-chomhionann ná an ráiteas go bhfuil sé de shaor-rogha acu a bheith ina n‑iarrthóirí ar thoghcháin bhardasacha nó do Pharlaimint na hEorpa, eadhon mar bhaill de pháirtí polaitíochta nó mar iarrthóirí neamhspleácha, fad nach féidir le saoránaigh ‘thaistil’ an Aontais ach a bheith ina n‑iarrthóirí neamhspleácha. Mar a leagadh amach cheana féin, cuirtear i gcumas, le rochtain a bheith ar pháirtithe polaitíochta, cearta toghcháin a fheidhmiú ar bhealach níos éifeachtúla chun bheith rannpháirteach sa saol daonlathach.
110. Ní an measúnú sin in‑athraithe le haon cheann de na réitigh arna leagan amach ag Poblacht na Seice. Go deimhin, go háirithe, níl an teorainn sin lena gcumas gníomhaíochta inréitithe trí ghlacadh le saoránaigh ‘thaistil’ an Aontais chun bheith ina n‑iarrthóirí ar liosta páirtí, ós rud é go mbraitheann siad ar chritéir shonracha atá le comhlíonadh, mar a leag an Coimisiún iad amach.
111. Ina theannta sin, mar atá ag teacht le dearcadh na hinstitiúide sin, abraimis dá bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar an gcaingean seo ar bhonn sonraí uimhriúla mionsonraithe maidir leis na hiarrthóirí tofa, arna gcur ar fáil ag Poblacht na Seice, (80) táim den tuairim nach bhféadfaí a léiriú leo go gcaitear go comhionann le saoránaigh ‘thaistil’ an Aontais. Is deimhin go dtarraingítear aird leis na staitisticí ar fhírinní sonracha áitiúla sna toghcháin bhardasacha. Ní féidir conclúidí ábhartha a bhaint astu, áfach, maidir le cás shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais ar ábhar don chaingean seo iad. Ar thaobh amháin, is léir ó na samplaí gur náisiúnaigh de chuid na Seice den chuid is mó (nó gur náisiúnaigh de chuid na Seice amháin) iad na hiarrthóirí nach baill den pháirtí iad agus a thoghtar chuig Parlaimint na hEorpa. Ar an taobh eile, ní mór na deacrachtaí a chur san áireamh atá le sárú in éagmais ballraíocht i bpáirtí polaitíochta, go háirithe na deacrachtaí sin a bhaineann le clárú ar liostaí na n‑iarrthóirí, a eascraíonn go díreach ó na forálacha dlí, atá aicmithe mar ‘idirdhealaitheach’ ag na húdair arna lua ag an gCoimisiún. (81)
112. Mar sin, molaim don Chúirt a chinneadh gur shuigh an Coimisiún go leordhóthanach gurb ann do theorainn le feidhmiú na gceart toghcháin chun dochair do shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais arb ionann a gcás agus cas náisiúnach.
113. Dá bhrí sin, níor chomhlíon Poblacht na Seice, trí na forálacha náisiúnta atá i gceist a ghlacadh i bhfeidhmiú a dlínse, ceanglais dhlí an Aontais, eadhon ceanglais Airteagal 22 CFAE, nach mór a léamh i gcomhar le hAirteagail 12, 39 agus 40 den Chairt.
3. Údar le teorainn le ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta
(a) Argóintí na bpáirtithe
(1) An Coimisiún
114. Sa chéad áit, tá an Coimisiún den tuairim nach mór diúltú d’argóint Phoblacht na Seice ar dá réir a bhfuil údar leis an srian ar bhallraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta a fhorchuirtear ar shaoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais toisc gur gá gnóthaí polaitiúla náisiúnta a chosaint ar ‘chur isteach’ ó na saoránaigh sin, mar gheall ar bhallraíocht i bpáirtí polaitíochta, ina ndéantar cinntí tábhachtacha le haghaidh toghcháin don reachtas.(82)
115. Measann sé go bhfuil an t‑údar sin ar neamhréir dhíreach le bunbhrí agus cuspóir fhorálacha na gConarthaí maidir le saoránacht. Is é is aidhm shonrach do na cearta polaitiúla a leagtar amach leo a áirithiú gur féidir le saoránaigh ‘thaistil’ an Aontais iad féin a imeascadh agus ról gníomhach polaitiúil a bheith acu ina mBallstát cónaithe mar chuid de thoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.
116. I ndáil leis sin, cuireann an Coimisiún béim air nach gcuirtear aon chosc ar na Ballstáit an fhéidearthacht chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin don reachtas a fhorchoimeád do dhaoine a bhfuil náisiúntacht an Bhallstáit óstaigh acu leis an oibleagáid chun cóir chomhionann a áirithiú a leagtar síos in Airteagal 20(2)(b) agus in Airteagal 22 CFAE, nach mór léiriú a dhéanamh orthu i bhfianaise Airteagail 11 agus 12 den Chairt lena ráthaítear rannpháirtíocht i bpáirtithe polaitíochta.
117. Sa dara háit, mar fhreagairt ar an argóint a bhaineann le cosaint na féiniúlachta náisiúnta, bunaithe ar Airteagal 4(2) CAE, a mhéid a chumhdaítear feidhmiú agus saor-iomaíocht na bpáirtithe polaitíochta san Ústava (an Bunreacht), tugann an Coimisiún chun cuimhne nach mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin i gcomhréir le forálacha eile na gConarthaí a gheall na Ballstáit iad a urramú agus iad ag aontú leis an Aontas, lena n‑áirítear Airteagal 22 CFAE, nach bhfuil feidhm aige maidir le toghcháin don reachtas. (83) Dá bhrí sin, ní féidir a mheas go ndéantar dochar do phrionsabal na hurraime don fhéiniúlacht náisiúnta le cearta toghcháin shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais.
118. Sa tríú háit, maidir leis an agóid arna déanamh ag Poblacht na Seice nár shonraigh an Coimisiún beart nach bhfuil chomh sriantach sin lena bhféadfaí an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, tá amhras ar an gCoimisiún an féidir le Ballstát údar a thabhairt le beart náisiúnta lena maolaítear ar cheanglais Airteagal 20(2)(b) agus Airteagal 22 CFAE agus a dhéanann idirdhealú díreach de bhíthin náisiúntachta. Ina theannta sin, is faoin mBallstát atá sé údar a thabhairt le comhréireacht a bheart. (84)
119. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire, sa nós imeachta réamhdhlíthíochta, nár léirigh Poblacht na Seice — go háirithe in imthosca an cháis seo — go bhfuil leas poiblí ann is sonrach don chosc ar shaoránach ‘taistil’ de chuid an Aontais ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta. Baineann sé de thátal as sin nár míníodh an cuspóir atá á shaothrú ná riachtanas nó comhréireacht an choisc sin.
120. Thairis sin, ina fhreagra, maidir le ‘bunphrionsabal comhionannas na mball de pháirtí polaitíochta’, atá á agairt ag Poblacht na Seice, measann an Coimisiún gur bréagach agus neamhréireach ar fad é idirdhealú díréireach a thabhairt ar, mar shampla, rannpháirtíocht shaoránaigh an Aontais i bpáirtithe polaitíochta a chur ar comhleibhéal lena gcearta polaitíochta de réir dhlí an Aontais agus, i gcodarsnacht leis sin, idirdhealú comhréireach a thabhairt ar chosc iomlán ar shaoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta.
(2) Poblacht na Seice
121. Áitíonn sí na trí argóint seo a leanas: ‘Ar an gcéad dul síos, saothraítear leis an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear an cuspóir dlisteanach go ndéanfar rannpháirtíocht in eochair-ardán le haghaidh gníomhaíocht pholaitiúil ar an leibhéal náisiúnta a fhorchoimeád do shaoránaigh de chuid na Seice, rud atá i lán-chomhréir le hAirteagal 4(2) CAE [...] Dála an scéil, is é sin a aithníonn an Coimisiún go bunúsach ina thuairim réasúnaithe [...] Ar an dara dul síos, is beart iomchuí é chun an cuspóir sin a bhaint amach gan ach saoránaigh de chuid na Seice a údarú chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta, toisc go gcomhlíontar an tsubstaint leis go díreach. Ar an tríú dul síos, tá an reachtaíocht náisiúnta comhréireach. Ní dhéantar difear léi do shubstaint na gceart toghcháin faoi Airteagal 22 CFAE, ós rud é nach n‑athraítear léi na cearta iomlána gníomhacha agus éighníomhacha toghcháin atá ag saoránaigh taistil de chuid an Aontais [...] agus fágtar léi go bhfuil na cearta sin infheidhmithe go hiomlán sa chleachtas [...] Dá bharr sin, tá an reachtaíocht i lán-chomhréir leis an gcásdlí atá á lua ag an gCoimisiún [...].’ (85)
122. Soiléiríonn Poblacht na Seice nach bhféadfaí an cuspóir dlisteanach atá á shaothrú a bhaint amach trí bheart nach bhfuil chomh sriantach céanna ar an bhforas nach féidir a shamhlú saoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais a údarú chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta chun mion‑pháirt amháin a ghlacadh sa ghníomhaíocht pholaitiúil, teoranta do thoghcháin bhardasacha nó do thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Measann sé go mbeadh a leithéid de reachtaíocht ar neamhréir leis an bprionsabal bunúsach maidir le cóir chomhionann a thabhairt do bhaill de pháirtí polaitíochta. Thairis sin, ní thugann sé seasamh láidir do na saoránaigh sin sa pháirtí polaitíochta a mheasann an Coimisiún go mícheart go bhfuil gá leis. Tugann sí faoi deara nárbh fhéidir leis an institiúid sin féin a thabhairt le fios, ina leith sin, cén beart nach mbeadh chomh sriantach céanna.
(3) Poblacht na Polainne, idiragraí
123. Maidir le teorannú le raon feidhme ghníomhaíocht shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais laistigh de pháirtithe polaitíochta, atá i gceist ag an gCoimisiún, áitíonn Poblacht na Polainne go dtagann ‘cleamhnacht’ do pháirtí polaitíochta faoi réimse gníomhaíochtaí atá i bhfad níos leithne ná na gníomhaíochtaí a bhíonn ann roimh thoghcháin áirithe. Baineann siad le tionchar ar bheartas náisiúnta, lena n‑áirítear réimsí beartais atá ina n‑inniúlacht eisiach ag na Ballstáit go fóill. Níl aon oibleagáid ar Bhallstát cead a thabhairt do na saoránaigh tionchar a imirt ar thoradh na dtoghchán parlaiminteach agus uachtaráin trí chóras na bpáirtithe.
(b) Measúnú
124. Mar gheall ar argóintí Phoblacht na Seice, tá na coinníollacha le soiléiriú faoinar féidir údar a thabhairt le srian ar phrionsabal na córa comhionainne a leagtar síos in Airteagal 22 CFAE.
125. Agraíonn an Ballstát sin Airteagal 4(2) CAE agus áitíonn sé, go bunúsach, go mbeadh sé de thoradh ar dhlí an Aontais, mar a rinne an Coimisiún léiriú air, go mbeadh saoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais rannpháirteach sa saol poiblí ar leibhéal atá éagsúil leis an leibhéal arna cheadú ag na Ballstáit agus, go háirithe, go gcuirtear ar a gcumas tionchar a bheith acu ar chinntí náisiúnta trí bhíthin na bpáirtithe polaitíochta.
126. Ní mór a thabhairt chun cuimhne, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, go n‑urramóidh an tAontas Eorpach féiniúlacht náisiúnta a Bhallstát, rud atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil.
127. Is fíor gur cuid den fhéiniúlacht náisiúnta de réir bhrí Airteagal 4(2) CAE é eagrú an tsaoil pholaitiúil náisiúnta, rud a rannchuidíonn na páirtithe polaitíochta leis. I ndáil leis sin, léirítear urraim don fhéiniúlacht sin i dteorainn ar shaoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais maidir le rannpháirtíocht i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha amháin, gan aon chuspóir a bheith ann maidir le réimis toghcháin na mBallstát a chomhchuibhiú.(86) Chuir reachtóir an Aontais san áireamh chomh maith an tionchar ag na toghcháin sin a bheith níos sorochtana ar chothromaíocht shaol polaitiúil an Bhallstáit chónaithe trína fhoráil go bhféadfaidh na Ballstáit socruithe áirithe, atá faoi réir rialacha (87) agus idirthréimhseach, a ghlacadh ar son a náisiúnach.
128. Maidir leis an gceist faoin tionchar ar an leibhéal náisiúnta a bheadh ag ballraíocht shaoránaigh ‘thaistil’ an Aontais i bpáirtithe polaitíochta mar gheall ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige laistigh de na páirtithe sin, tugaim faoi deara, i dtuairim na bpáirtithe go léir, gur faoi na páirtithe polaitíochta é sin. Go deimhin, tá saorchead acu maidir le sainiú a n‑eagraíochta agus na rialacha mionsonraithe maidir lena n‑iarrthóirí a roghnú.(88) Tugaim faoi deara nach ndéanann Poblacht na Seice ach a dhearbhú, gan a léiriú, nach bhféadfaí a dhéanamh go bhfuil gníomhaíocht a mbaill, ar shaoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais iad, teoranta do thoghcháin áirithe.
129. Mar sin, tá mé ar aon tuairim leis an gCoimisiún nach bhféadfaí dochar a dhéanamh d’fhéiniúlacht náisiúnta Phoblacht na Seice le cead ballraíochta i bpáirtí polaitíochta a thabhairt do shaoránaigh ‘thaistil’ de chuid an Aontais chun éifeachtacht a gceart i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a ráthú.
130. Thairis sin, dá nglacfaí leis go ndéanfaí a leithéid de dhifear, ní mór Airteagal 4(2) CAE a léamh i bhfianaise fhorálacha atá ar comhleibhéal leis.(89)
131. Dá bhrí sin, le hAirteagal 4(2) CAE, ní fhéadfaí na Ballstáit a dhíolmhú ó urraim a thabhairt do na cearta bunúsacha a athdhearbhaítear leis an gCairt, (90) lena n‑áirítear prionsabal an daonlathais agus prionsabal an chomhionannais a leagtar amach in Airteagal 22 CFAE (91) agus a thugtar le saoránacht den Aontas, chun an ceart chun seasaimh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú. Tá na prionsabail sin ar luachanna bunaidh an Aontais. (92)
132. Ina theannta sin, mar gheall ar argóintí Phoblacht na Seice maidir le comhréireacht na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist, ní mór a lua chomh maith nach féidir scrúdú a dhéanamh ar theorann leis na cearta a thugtar le hAirteagal 22 CFAE ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin.
133. Go deimhin, tá na cearta toghcháin a aithnítear in Airteagail 39 agus 40 den Chairt ina n‑ábhar d’fhorálacha sonracha in CFAE, eadhon Airteagal 22. Ní bhaineann na haon leasuithe maidir le feidhmiú na gceart sin dá bhforáiltear sa reachtaíocht thánaisteach dá dtagraítear san Airteagal sin (93) ach leis na coinníollacha dlí maidir le vótáil nó le hintofacht. (94)
134. Maidir leis na breithnithe sin go léir, molaim gur cheart don Chúirt a chinneadh go bhfuil bunús maith le caingean an Choimisiúin.
VI. Costais
135. Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Sa mhéid gur cheart don Chúirt, i mo thuairimse, an t‑ordú atá á lorg ag an gCoimisiún a cheadú, ní mór a ordú do Phoblacht na Seice na costais a íoc.
136. I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór do Phoblacht na Polainne a costais féin a íoc.
VII. Conclúid
137. I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, molaim don Chúirt rialú a thabhairt mar seo a leanas:
1) a dhearbhú gur mhainnigh Poblacht na Seice na hoibleagáidí atá uirthi de réir Airteagal 22 CFAE a chomhlíonadh, tríd an gceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitíochta nó i ngluaiseacht polaitíochta a shéanadh ar shaoránaigh de chuid an Aontais nach náisiúnaigh de chuid na Seice iad ach a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na Seice;
2) a ordú do Phoblacht na Seice na costais a íoc.
3) a ordú do Phoblacht na Polainne a costais féin a íoc.
VIII. Iarscríbhinn I: Na rialacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún maidir le maoiniú páirtithe polaitíochta
1. Tugtar 30 coróin Sheiceacha (CZK) (thart ar EUR 1.20) le haghaidh gach vóta mar ranníocaíocht le caiteachas toghcháin do na páirtithe polaitíochta a fuair 1 % ar a laghad de na vótaí sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 65 den Dlí maidir le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa).
2. Tugtar 100 CZK (thart ar EUR 4) le haghaidh gach vóta mar ranníocaíocht le caiteachas toghcháin do na páirtithe polaitíochta a fhaigheann 1.5 % ar a laghad de na vótaí i dtoghcháin don Poslanecká sněmovna (Teach na dTeachtaí, Poblacht na Seice) (Airteagal 85 de Dhlí Uimh. 247/1995 maidir le toghcháin do Pharlaimint Phoblacht na Seice agus lena ndéantar dlíthe áirithe a leasú agus a fhorlíonadh).
3. Tugtar freisin ranníocaíocht bhliantúil Stáit CZK 6 000 000 (thart ar EUR 245 430) ar mhaithe leis an bpáirtí nó leis an ngluaiseacht do na páirtithe polaitíochta a fuair 3 % de na vótaí sna toghcháin dheireanacha do Theach na dTeachtaí, agus ag an am céanna tugtar CZK 200 000 (thart ar EUR 8 180) in aghaidh na bliana le haghaidh gach 0.1 % de vótaí sa bhreis (Airteagal 20(6) de Dhlí na bPáirtithe Polaitíochta).
4. I gcás ina bhfaigheann páirtí nó gluaiseacht níos mó ná 5 % de na vótaí, ní mhéadaíonn an ranníocaíocht agus tugtar CZK 10 000 000 (thart ar EUR 409 000) don pháirtí nó don ghluaiseacht (Airteagal 20(6) de Dhlí na bPáirtithe Polaitíochta).
5. Tugtar ranníocaíocht bhliantúil CZK 900 000 (thart ar EUR 36 800) do na páirtithe polaitíochta le haghaidh tréimhse oifige feisire nó seanadóra, agus CZK 250 000 (thart ar EUR 10 200) le haghaidh tréimhse oifige comhalta den Chomhairle Réigiúnach agus comhalta de Chomhairle Bhardasach Praha (Prág) (Airteagal 20(7) den Dlí maidir le Páirtithe Polaitíochta).
6. Faoi choinníollacha áirithe, tugtar ranníocaíocht bhliantúil chun tacú le gníomhaíochtaí institiúide polaitiúla do na páirtithe agus gluaiseachtaí polaitiúla chomh maith, arb ionann é agus 10 % den ranníocaíocht iomlán le gníomhaíochtaí páirtí nó a leithéide de ghluaiseacht (Airteagal 20(5) agus (8) den Dlí maidir le Páirtithe Polaitíochta).
IX. Iarscríbhinn II: An fhaisnéis arna cur ar fáil ag Poblacht na Seice maidir le comhdhéanamh na liostaí agus na hiarrthóirí tofa i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha
1. Reáchtáladh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i bPoblacht na Seice in 2004, 2009, 2014 agus 2019.
1. Ba mar seo a leanas sciar na n‑iarrthóirí nach raibh cleamhnacht polaitíochta acu a bhí ar liostaí na bpáirtithe polaitíochta nó na gcomhghuaillíochtaí polaitíochta:
a) in 2004, ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 37.22 % de na hiarrthóirí;
b) in 2009, ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 38.28 % de na hiarrthóirí;
c) in 2014, ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 30.27 % de na hiarrthóirí, agus
d) in 2019, ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 33.89 % de na hiarrthóirí.
2. Toghadh na daoine seo a leanas:
a) in 2004, seachtar iarrthóirí nach bhfuil cleamhnacht polaitíochta acu, is é sin le rá 29.17 % de na daoine a toghadh i bPoblacht na Seice;
b) in 2009, iarrthóir amháin nach raibh cleamhnacht polaitíochta aige, is é sin le rá 4.55 % de na daoine a toghadh i bPoblacht na Seice;
c) in 2014, ochtar iarrthóirí nach raibh cleamhnacht polaitíochta acu, is é sin le rá 38.10 % de na daoine a toghadh i bPoblacht na Seice, agus
d) in 2019, ceathrar iarrthóirí nach raibh cleamhnacht polaitíochta acu, is é sin le rá 19.05 % de na daoine a toghadh i bPoblacht na Seice.
3. Ba mhinic iarrthóirí nach raibh cleamhnacht polaitíochta acu a bheith ar bharr liostaí na n‑iarrthóirí, lena n‑áirítear mórpháirtithe polaitíochta. Go nithiúil:
a) in 2004, ba iad an triúr Feisirí tofa de Pharlaimint na hEorpa a bhí ar liosta Sdružení nezávislých a evropští demokraté (Aontas na nIarrthóirí Neamhspleácha agus na nDaonlathaithe Eorpacha) (SNK), lena n‑áirítear an tUasal Zieleniec a bhí ag barr an liosta agus Hybášková, Uasal, sa dara háit ar an liosta; nó fiú an tUasal Remek, a bhí sa dara háit ar liosta iarrthóirí Komunistická strana Čech a Moravy (Páirtí Cumannach na Boihéime agus na Moráive) (KSČM);
b) in 2009, ba é an tUasal Remek a bhí sa dara háit ar liosta iarrthóirí KSČM;
c) in 2014, ba iad an tUasal Niedermayer agus an tUasal Pospíšil a bhí ar bharr liosta an pháirtí TOP 9 a Starostové (Top 9 agus Méaraí); an tUasal Keller sa dara háit ar an liosta sin, a bhí ina cheannaire de liosta Česká strana sociálně demokratická (an Páirtí Sóisialta-Daonlathach de chuid na Seice) (ČSSD), arbh é an páirtí rialtais ba láidre i bPoblacht na Seice ag an am sin; nó ceathrar feisirí a toghadh ó liosta pháirtí ANO fiú, arbh é an dara páirtí is láidre den rialtas ag an am sin, lena n‑áirítear a cheannaire an tUasal Pavel Telička, a toghadh ina dhiaidh sin mar Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus
d) in 2019, ba iad triúr feisirí a toghadh do Pharlaimint na hEorpa a bhí sna chéad trí áit ar liosta ANO, lena n‑áirítear a cheannaire, Dita Charanzová, Uasal, a toghadh mar Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ansin.
4. In 2004, toghadh an saoránach de chuid na Gearmáine, an tUasal Stros, do Pharlaimint na hEorpa i bPoblacht na Seice.
2. Maidir leis na toghcháin bhardasacha (bardais, bailte agus cathracha) in 2006, 2010, 2014 agus 2018.
1. Ba mar seo a leanas sciar na n‑iarrthóirí agus na ndaoine tofa nach raibh cleamhnacht polaitíochta acu:
a) in 2006, 79.85 % de na hiarrthóirí agus 84.51 % de na daoine tofa;
b) in 2010, 81.25 % de na hiarrthóirí agus 86.15 % de na daoine tofa;
c) in 2014, 84.13 % de na hiarrthóirí agus 88.30 % de na daoine tofa, agus
d) in 2018, 84.97 % de na hiarrthóirí agus 89.96 % de na daoine tofa.
2. Feictear sciar ard na n‑iarrthóirí agus na n‑ionadaithe tofa nach bhfuil cleamhnacht polaitíochta acu ar liostaí na bpríomhpháirtithe polaitiúla chomh maith. Mar shampla, i gcás na dtoghchán bardasach in 2018:
a) ar liostaí iarrthóirí ČSSD, arb é an páirtí polaitíochta is sine de chuid na Seice agus a bhfuil baint sheanbhunaithe aige leis an bpolaitíocht bhardasach, ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 54.58 % de na daoine, agus ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 57.31 % de na daoine tofa ó na liostaí sin;
b) ar liostaí iarrthóirí de pháirtí Občanská demokratická strana (an Páirtí Daonlathach Sibhialta) (ODS), ar páirtí polaitíochta coimeádach traidisiúnta é a bhfuil baint sheanbhunaithe aige leis an bpolaitíocht bhardasach, ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 59.47 % de na daoine, agus ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 52.93 % de na daoine tofa sin, agus
c) ar liostaí iarrthóirí an pháirtí Křesťanská a demokratická unie — Československá strana lidová (an tAontas Daonlathach Críostaí — Páirtí Phobal na Seicslóvaice) (KDU-ČSL), ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 73.62 % de na daoine, ar páirtí polaitíochta traidisiúnta é a raibh an líon is airde iarrthóirí agus ionadaithe tofa aige sa pholaitíocht bhardasach, agus ní raibh cleamhnacht polaitíochta ag 72.49 % de na daoine tofa sna liosta sin.
3. Maidir le mórchathracha na Seice, i bPrág, roghnaíodh an t‑iarrthóir gan cleamhnacht polaitíochta Bohuslav Svoboda in 2010 le bheith ar bharr liosta ODS, an páirtí is láidre de rialtas Phoblacht na Seice ag an am; rinneadh méara Phrág de ansin. In 2014, rinneadh Méara Phrág de Adriana Krnáčová, Uasal, ar iarrthóir gan cleamhnacht polaitíochta ar bharr liosta ANO í agus rinneadh Méara Ostrava, an tríú cathair is mó de Phoblacht na Seice, den Uasal Tomáš Macura, ar iarrthóir gan cleamhnacht polaitíochta ar bharr liosta ANO é.