Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 10 Feabhra 2022 – Gjensidige’ ADB
(Cás C-90/22)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Lietuvos Aukščiausiasis Teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: ‘Gjensidige’ ADB
Páirtithe eile: ‘Rhenus Logistics’ UAB, ‘ACC Distribution’ UAB
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An bhféadfaí Airteagal 71 de Rialachán Uimh 1215/2012,1 ag féachaint d’Airteagail 25, 29 agus 31 agus aithris 21 agus 22 den rialachán céanna, a léiriú sa mhéid go gceadaítear leis Airteagal 31 den Choinbhinsiún CMR a chur i bhfeidhm i gcásanna arb é díospóid a thagann faoi raon feidhme an dá ionstraim dlí sin is ábhar do chomhaontú lena dtugtar dlínse?
Ag féachaint d’intinn an reachtóra an chosaint ar chomhaontuithe a bhronnann dlínse san Aontas Eorpach a neartú, an bhféadfaí Airteagal 45(1)(e)(ii) de Rialachán Uimh. 1215/2012 a léiriú le brí níos leithne, a chumhdódh leis ní hamháin Roinn 6 de Chaibidil II den rialachán sin ach Roinn 7 chomh maith?
I ndiaidh measúnú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de na dálaí agus na hiarmhairtí dlí dá dheasca, an bhféadfaí an téarma “beartas poiblí” arna úsáid i Rialachán Uimh. 1215/2012 a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear an foras leis chun cinneadh a dhéanamh gan breithiúnas de chuid Ballstáit a aithint ina gcruthaítear le cur i bhfeidhm coinbhinsiúin speisialaithe ann, cosúil leis an gCoinbhinsiún CMR, dálaí dlí nach gcomhlíontar an comhaontú a bhronnann dlínse ná an comhaontú ar an dlí infheidhme araon sa chás céanna?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).