Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – Mushie & Co v EUIPO – Diana Dolls Fashions (Mushie)

(Cás T-262/24) 1

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Mushie’ – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘KUSHIES’ – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Ionadaithe gairmiúla – Airteagal 120(1) de Rialachán 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Mushie & Co, LLC (Houston, Texas, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: S. Vasegård Andreasen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Hanf, E. Markakis agus K. Zajfert, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Diana Dolls Fashions Inc. (Stoney Creek, Ceanada)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Márta 2023 (Cás R 2062/2022-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.    Díbhtear an chaingean.

2.    Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 252, 17.7.2023.