Iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus (an Fhionlainn) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – X v Maahanmuuttovirasto
(Cás C-790/23, Qassioun 1 )
Teanga an cháis: an Fhionlainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Korkein hallinto oikeus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X
Cosantóir: Maahanmuuttovirasto
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 18(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát le léiriú sa chaoi go gcumhdaítear le diúltú an iarratais, de réir bhrí na forála sin, cás nach ndearnadh athnuachan ar chead cónaithe sealadach bunaithe ar leochaileacht a deonaíodh don duine sin roimhe sin sa Danmhairg ar bhonn a iarratais nó a hiarratais, i gcás nach ndearnadh an cinneadh maidir leis an neamh-athnuachan ar bhonn iarratais ón duine sin ach ón údarás féin?
____________
1 Tá ainm bréige tugtha sa chás seo nach ionann agus fíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stat (IO 2013 L 180, lch. 31).