Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Noord-Holland (an Ísiltír), arna taisceadh an 7 Samhain 2023 - B v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-656/23, Karaman) 1

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Noord-Holland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: B

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Na ceisteanna a tharchuirtear

An mbaineann Airteagal 6 de Threoir 2013/32/AE 1 (an Treoir maidir le Nósanna Imeachta) leis an bhfreagra ar an gceist maidir le cén uair a measfar cead cónaithe a bheith deonaithe?

Má bhaineann: an bhfuil Airteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta le léiriú sa chaoi go go gcinnfear dáta éifeachtach an cheada cónaithe leis an dáta:

a dhéanfar an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta); nó

a chláraítear an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(5) den Treoir um Nósanna Imeachta); nó

a thaiscfear an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (go foirmiúil) (Airteagal 6(2), (3) agus (4) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta)?

Mura gcinntear dáta éifeachtach an cheada cónaithe leis an dáta a dhéantar an t-iarratas, cad é an gaol le hAirteagal 13 den Treoir Cáilitheachta, 1 i gcomhar le haithris 21 de, ar dá réir atá deonú stádais dídeanaí dearbhaitheach?

____________

1 Is ainm bréige é seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).

1 Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (athmhúnlú) (IO L 337, lch. 9).