Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Márta 2023 — Merlin agus Eile v an Coimisiún

(Cás T-141/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Laurent Merlin (Equihen-Plage, an Fhrainc) agus 27 iarratasóir eile (ionadaithe: F.-C. Laprévote agus F. de Bure, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú, faoi Airteagal 265 CFAE, gur mhainnigh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le Státchabhair a líomhnaítear a bheith ann ar bhonn na faisnéise a chuir na hiarratasóirí ar fáil, agus go bhfuil mainneachtain gníomhú i gceist leis an méid sin;

a ordú don Choimisiún cinneadh a dhéanamh laistigh de dhá mhí ar bhonn Rialachán (AE) 2015/15891 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm;

a ordú don Choimisiún na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí amháin. Dearbhaíonn siad gur mhainnigh an Coimisiún, go neamhdhleathach, gníomhú sa mhéid nár ghlac sé an cinneadh dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán 2015/1589 i ndiaidh réamhscrúdú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach i gcomhthéacs na ngearán a sheol na hiarratasóirí chuige maidir le státchabhair a líomhnaítear a bheith neamhdleathach arna ndeonú ag údaráis na hÍsiltíre d’úinéirí soithí iascaireachta muirí.

____________

1 Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).