(Cás C-16/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberlandesgericht Graz
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Staatsanwaltschaft Graz
Cosantóir: MS
Páirtí eile: Finanzamt für Steuerstrafsachen und Steuerfahndung Düsseldorf
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear an chéad abairt d’Airteagal 1(1) agus Airteagal 2(c)(i) de Threoir 2014/41/AE 1 a léirmhíniú amhail go bhfuil oifig cánach sa Ghearmáin a bhfuil freagracht uirthi as ábhair chánach choiriúla agus imscrúdú cánach agus a gcuirtear ar a cumas faoi rialacha náisiúnta cearta a fheidhmiú agus oibleagáidí a chomhlíonadh, ar cearta agus oibleagáidí d’oifig an ionchúisitheora phoiblí iad, i ndáil le cionta áirithe le meas mar “údarás breithiúnach” agus “údarás eisiúna” de réir bhrí na bhforálacha sin?
____________
1 Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO 2014, L 130, lch. 1).