Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa — CAAD) (an Phortaingéal) a taisceadh an 10 Eanáir 2022 Caxamar — Comércio e Indústria de Bacalhau, S.A. v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-23/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa — CAAD)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Caxamar — Comércio e Indústria de Bacalhau, S.A.

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

An cheist a tharchuirtear:

An féidir, le léirmhíniú ceart ar na Treoirlínte maidir le Státchabhair Réigiúnach le haghaidh 2014-2020, i ndáil lena bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2014, 1 go háirithe le hAirteagail 1 agus 2(11); le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, 2 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, teacht ar an gconclúid, i gcomhréir le hairteagal 2(2), agus airteagal 22(1), den Código Fiscal do Investimento (Cód Fioscach na hInfheistíochta), arna fhormheas le Decreto-Lei n.º 162/2014 (Dlí Foraithne Uimh. 162/2014), an 31 Deireadh Fómhair, agus [ le] airteagail 1 agus 2 den Portaria n.º 282/2014 (Ordú ón Aire Uimh. 282/2014), an 30 Nollaig, nach ionann gníomhaíocht próiseála táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhaineann le "bacalao salado", "bacalao congelado" agus "bacalao desalado", a chumhdaítear i gCód CAE 10204Rev3, agus gníomhaíocht próiseála táirgí talmhaíochta chun críocha na cabhrach fioscaí atá beartaithe?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 an 17 Meitheamh 2014 lena sonraítear catagóirí áirithe cabhrach atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus Airteagail 107 agus 108 den Chonradh á gcur i bhfeidhm (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

1 Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO 2013, L 354, lch. 1).