Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Aibreán 2024 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóvaice

(Cás C-281/24)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Lindenthal, E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Slóvaice

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí mhainneachtain athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna um bainistíocht riosca i gcás tuilte, agus iad a thabhairt cothrom le dáta más gá, agus trí mhainneachtain iad a chur ar fáil don Choimisiún faoi na teorannacha ama arna sonrú, gur mhainnigh Poblacht na Slóvaice ina cuid oibleagáidí faoi Airteagail 14(3) agus 15(1) de Threoir 2007/60/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte;

a ordú do Phoblacht na Slóvaice na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

De réir Airteagal 14(3) de Threoir 2007/60/CE, ceanglaíodh ar Bhallstáit an Aontais athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna um bainistíocht riosca i gcás tuilte, agus iad a thabhairt cothrom le dáta roimh an 22 Nollaig 2021. De réir Airteagal 15(1) de Threoir 2007/60/CE, ceanglaíodh ar Bhallstáit an Aontais a n-athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, an méid de na pleananna um bainistíocht riosca i gcás tuilte arna thabhairt cothrom le dáta, a chur ar fáil don Choimisiún roimh an 22 Márta 2022.

Mhainnigh Poblacht na Slóvaice ina cuid oibleagáidí faoi Airteagail 14(3) agus 15(1) de Threoir 2007/60/CE faoi na teorannacha ama arna sonrú.

____________

1 IO 2007 L 288, lch. 27.