Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – Naass agus Sea Watch v Frontex
(Cás T-205/22)1
(Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Doiciméid a bhaineann le hoibríocht aerfhaireachais sa Mheánmhuir Láir a bhí faoi stiúir Frontex an 30 Iúil 2021 – Diúltú rochtana– Airteagal 4(1)(a) de Rialachán Uimh. 1049/2001 – Eisceacht a bhaineann le leas an phobail a chosaint maidir le slándáil phoiblí – Dualgas cúiseanna a lua)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí : Marie Naass (Beirlín, an Ghearmáin), Sea-Watch eV (Beirlín) (ionadaithe: I. Van Damme agus A. Matthaiou, Dlíodóirí)
Cosantóir : an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) (ionadaithe : R.-A. Popa agus H. Caniard, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Trína gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí ar neamhní Cinneadh DGSC/TO/PAD-2021-00350 ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) an 7 Feabhra 2022, maidir le hiarratas daingniúcháin ar rochtain ar na doiciméid sin.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear Cinneadh DGSC/TO/PAD-2021-00350 ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) an 7 Feabhra 2022 ar neamhní a mhéid a dhiúltaítear leis rochtain ar ‘gach pictiúr agus gach físeán a bhaineann leis an oibríocht aerfhaireachais sa Mheánmhuir Láir an 30 Iúil 2021’;
Diúltaítear an chuid eile den chaingean.
Ordaítear do Marie Naass agus Sea-Watch eV a gcostais féin a íoc agus na leath de na costais arna dtabhú ag Frontex a íoc.
Ordaítear do Frontex an leath eile dá chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 244, 27.6.2022.