Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán – Biogen Netherlands v an Coimisiún
(Cás T-278/22) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Sláinte poiblí – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Cinneadh chun údarú a thabhairt maidir le Dimethyl fumarate Neuraxpharm - fúmaráit démheitile a chur ar an margadh – An cinneadh atá faoi chonspóid a aisghairm – Dul in éag ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek agus B. Jong, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Mifsud-Bonnici, A. Sipos agus E. Mathieu, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasór go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3254 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2022 lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh Dimethyl fumarate Neuraxpharm - fúmaráit démheitile mar tháirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.
Ordaítear do Biogen Netherlands BV agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha.
____________
1 IO C 284, 25.7.2022.