Language of document : ECLI:EU:C:2022:298

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

26 Aibreán 2022 (*)

“Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Saorghluaiseacht daoine – Rialachán (AE) 2016/399 – Cód Teorainneacha Schengen – Airteagal 25(4) – Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach ar feadh uastréimhse atá teoranta do shé mhí san iomlán – Reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le roinnt tréimhsí rialuithe leanúnacha a fhágann gur sáraíodh an tréimhse sin – Mainneachtain na reachtaíochta sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh, i gcás go bhfuil tréimhsí leanúnacha bunaithe ar an mbaol céanna – Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear pas nó cárta aitheantais a chur i láthair agus seiceálacha á ndéanamh ag an teorainn inmheánach, faoi réir pionóis – Mainneachtain na hoibleagáide sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh nuair atá an tseiceáil féin contrártha leis an bhfhoráil sin”

I gCásanna Uamtha C‑368/20 agus C‑369/20,

IARRATAÍ ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Landesverwaltungsgericht Steiermark (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Staiermark, an Ostair), trí bhreitheanna an 23 Iúil 2020, a fuarthas sa Chúirt an 5 Lúnasa 2020, sna himeachtaí idir

NW

agus

Landespolizeidirektion Steiermark (C‑368/20),

Bezirkshauptmannschaft Leibnitz (C‑369/20),

Tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan (Rapóirtéir), S. Rodin, I. Jarukaitis agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.‑C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb, N. Piçarra agus L. S. Rossi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: H. Saugmandsgaard Øe,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, agus tar éis éisteacht an 15 Meitheamh 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        NW, ag C. Tometten, Rechtsanwalt,

–        Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, M. Witzmann, J. Schmoll agus M. Augustin, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Danmhairge, ar dtús ag M. Søndahl Wolff, J. Nymann‑Lindegren agus P. Brøchner Jespersen, agus ina dhiaidh sin ag M. Søndahl Wolff agus V. Jørgensen, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fraince, ar dtús ag E. de Moustier, D. Dubois agus T. Stéhelin, agus ina dhiaidh sin ag D. Dubois agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Sualainne, ag H. Shev, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson agus H. Eklinder, i gcáil Gníomhairí,

–        An Coimisiún Eorpach, ag G. Wils agus J. Tomkin, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 6 Deireadh Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann na hiarrataí sin ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 22, Airteagal 25 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2016 L 77, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 (IO 2016 L 251, lch. 1) (“Cód Teorainneacha Schengen”), chomh maith le hAirteagal 21(1) CFAE agus Airteagal 45(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2        Rinneadh na hiarrataí in imeachtaí idir NW agus Landespolizeidirektion Steiermark (Ard-Stiúrthóireacht Póilíneachta Steiermark, an Ostair) (C‑368/20) agus Bezirkshauptmannschaft Leibnitz (Údarás Riaracháin Cheantair Leibnitz, an Ostair) (C‑369/20), maidir le seiceálacha teorann inar iarradh ar an duine lena mbaineann pas nó cárta aitheantais a thaispeáint i gcás amháin agus, sa chás eile, pas a thaispeáint.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 2004/38/CE

3        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 5 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158 lch. 77, agus Ceartúchán IO 2004 L 229 lch. 35), dar teideal “Ceart dul isteach”, faoi mhír 1:

“Gan dochar do na forálacha maidir le doiciméid taistil is infheidhme maidir le rialuithe teorann náisiúnta, ceadóidh na Ballstáit do shaoránaigh den Aontas [Eorpach] dul isteach ar a gcríoch le cárta aitheantais nó pas bailí agus baill dá dteaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus a bhfuil pas bailí ina seilbh acu.

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán (CE) Uimh. 562/2006;

4        Foráiltear le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2006 L 105 lch. 1), dar teideal “Seiceálacha laistigh den chríoch:

“Ní dhéanfaidh díothú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’aon cheann acu seo a leanas:

(a)      feidhmiú cumhachtaí póilíneachta ag údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta, sa mhéid nach bhfuil an éifeacht chéanna ag feidhmiú na gcumhachtaí sin agus atá ag seiceálacha teorann; beidh feidhm ag an méid sin i limistéir teorann freisin. [...]

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán (AE) Uimh. 1051/2013;

5        De réir aithris 1 agus aithris 2 den Rialachán (AE) Uimh. 1051/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán Uimh. 562/2006 d’fhonn rialacha comhchoiteanna a sholáthar maidir le rialú teorann a thabhairt isteach ag teorainneacha inmheánacha go sealadach in athuair i gcásanna eisceachtúla (IO 2013 L 295, lch. 1):

“(1)      Ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas tá cruthú limistéir ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine thar theorainneacha inmheánacha. I limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, tá gá le freagairt choiteann ar chásanna a théann i bhfeidhm go mór ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach an limistéir sin, nó codanna de, nó Ballstáit amháin nó níos mó trína cheadú gur féidir rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach i gcúinsí eisceachtúla, ach gan prionsabal na saorghluaiseachta daoine a chur i mbaol. I bhfianaise an tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag na bearta sin atá ina rogha dheireanach, ar na daoine ar fad a bhfuil sé de cheart acu gluaiseacht laistigh den limistéar sin gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun na bearta sin a athbhunú a leagan síos, chun go n‑áiritheofaí gur beart eisceachtúil a bheadh sna bearta sin agus go [n-urramófaí] prionsabal na comhréireachta. I gcás ina n‑athbhunófaí bearta den sórt sin go sealadach, ba cheart nár mhó a raon feidhme agus a ré ná an leibhéal is íosta a mbeadh gá leis chun freagairt do bhagairt tromchúiseach do bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach.

(2)      Tá saorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas. Toisc go dtéann athbhunú sealadach rialú ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm ar shaorghluaiseacht daoine, ba cheart aon chinneadh chun rialú den sórt sin a athbhunú a dhéanamh i gcomhréir le critéir a chomhaontófaí go comhchoiteann agus ba cheart an cinneadh sin a chur in iúl don Choimisiún nó a bheith molta ag institiúid Aontais. I gcás ar bith, ba cheart gur eisceacht i gcónaí a bheadh i rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus níor cheart é a chur ar bun ach mar rogha dheiridh, ar feadh tréimhse teoranta agus le raon feidhme teoranta, bunaithe ar chritéir shonracha oibiachtúla agus ar mheasúnú ar an ngá atá leis, ar cheart faireachán a dhéanamh ina leith ar leibhéal an Aontais. Nuair a éilítear beart láithreach toisc baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná deich lá. Ní mór faireachán a dhéanamh ar leibhéal an Aontais maidir le haon síneadh ar an tréimhse sin.”

 Cód Teorainneacha Schengen

6        Rinneadh Rialachán Uimh. 562/2006 agus na leasuithe a rinneadh air i ndiaidh a chéile a chódú agus cuireadh Cód Teorainneacha Schengen ina n-ionad.

7        Luaitear an méid seo a leanas in aithris 21 den Chód sin:

“      I limistéar ina bhféadfaidh daoine gluaiseacht faoi shaoirse, ba cheart gur rud eisceachtúil é rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha. Níor cheart rialú ag teorainneacha a dhéanamh ná foirmiúlachtaí a fhorfheidhmiú díreach toisc gur trasnaíodh teorainn den chineál sin.”

8        Le haithris 22 agus aithris 23 den Chód sin, déantar aithris 1 agus aithris 2 de Rialachán Uimh. 1051/2013 a atáirgeadh.

9        De réir aithris 27 agus aithris 34 de Chód Teorainneacha Schengen:

“ (27)       I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is gá go ndéanfaí aon mhaolú ó phrionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine a léiriú go docht agus glactar leis, le coincheap an bheartais phoiblí, gurb ann d’fhíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do leasanna bunúsacha na sochaí.

[...]

(34) Ós rud é nárbh fhéidir leis na Ballstáit cuspóir Rialachán […] Uimh. 562/2006] agus na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air, eadhon rialacha a bhunú is infheidhme maidir le gluaiseacht daoine thar theorainneacha, a ghnóthú go leordhóthanach agus gurbh fhearr dá bhrí sin ab fhéidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, d’fhéad an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). [...]”

10      Foráiltear le hAirteagal 1 den Chód sin, dar teideal “Ábhar agus prionsabail”:

“Déanann an Rialachán seo foráil nach ndéanfar rialú teorann ar dhaoine a thrasnaíonn na teorainneacha inmheánacha atá idir Ballstáit an Aontais.

[...]”

11      Foráiltear le hAirteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen, dar teideal “Teorainneacha inmheánacha a thrasnú”:

“Féadfar teorainneacha inmheánacha a thrasnú ag aon phointe gan seiceáil teorann a dhéanamh ar dhaoine, beag beann ar a náisiúntacht.”

12      Faoi Airteagal 23 den Chód sin, dar teideal “Seiceálacha laistigh den chríoch”:

“Ní dhéanfaidh éagmais rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’aon cheann acu seo a leanas:

[...]

(c)      féidearthacht ag Ballstát foráil a dhéanamh sa dlí maidir le hoibleagáid a chur ar dhaoine páipéir agus doiciméid a bheith ina seilbh nó á n-iompar acu;

[...]”

13      Foráiltear le hAirteagal 25 den Chód sin, dar teideal “Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach”:

“1.      I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá. Ní rachaidh raon feidhme agus ré athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach.

2.      Ní athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ach mar rogha dheiridh, agus i gcomhréir le hAirteagal 27, le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 29. Cuirfear na critéir dá dtagraítear faoi seach in Airteagal 26 agus in Airteagal 30 san áireamh i ngach cás ina bhfuil sé beartaithe rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú de bhun Airteagal 27, Airteagal 28 nó Airteagal 29 faoi seach.

3.      Más ann fós, tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, don bhaol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a shíneadh, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26 á gcur san áireamh agus i gcomhréir le hAirteagal 27, ar bhonn na bhforas céanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, ag cur aon ghné nua san áireamh, ar feadh tréimhsí in-athnuaite 30 lá ar a mhéid.

4.      Ní rachaidh an tréimhse iomlán ina n-athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha lena n-áirítear aon síneadh dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo thar sé mhí. I gcúinsí eisceachtúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 29, féadfar an tréimhse iomlán seo a fhadú d’uasfhad dhá bhliain, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin.”

14      Foráiltear le hAirteagal 26 den Chód sin, dar teideal “Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach”:

“I gcás ina gcinneann Ballstát mar rogha dheiridh, rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó dá chuid nó ag codanna dá theorainneacha inmheánacha, nó má chinneann sé athbhunú den sórt sin a shíneadh, i gcomhréir le hAirteagal 25 nó le hAirteagal 28(1), déanfaidh sé measúnú ar a mhéid is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar bhealach leordhóthanach, agus déanfaidh sé measúnú ar chomhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin. Agus measúnú den sórt sin á dhéanamh, cuirfidh an Ballstát an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)      an tionchar is dóigh a bheidh ag aon bhaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, lena n-áirítear i ndiaidh gníomhartha sceimhlitheoireachta nó i ndiaidh bagairtí sceimhlitheoireachta agus lena n-áirítear gníomhartha nó bagairtí a thagann ón gcoireacht eagraithe;

(b)      an tionchar is dóigh a bheidh ag an mbeart sin ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.”

15      Foráiltear le hAirteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen, dar teideal “Nós imeachta maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach faoi Airteagal 25”:

“1.      I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi Airteagal 25, cuirfidh sé sin in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiúin laistigh de cheithre seachtaine ar a dhéanaí roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú, nó laistigh de thréimhse níos giorra i gcás ina bhfuil na cúinsí is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar eolas níos lú ná ceithre seachtaine roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú. Chuige sin, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis seo a leanas:

(a)      na cúiseanna atá leis an athbhunú atá beartaithe, lena n-áirítear na sonraí ábhartha ar fad ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhartha is cúis le baol tromchúiseach dá bheartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach;

(b)      raon feidhme an athbhunaithe atá beartaithe, ina sonraítear an chuid nó na codanna den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha atá le hathbhunú;

(c)      ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

(d)      dáta agus ré an athbhunaithe atá beartaithe;

(e)      i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le glacadh ag na Ballstáit eile.

[...]

4.      Tar éis fógra a fháil ó Bhallstát faoi mhír 1, agus ag féachaint don chomhairliúchán dá bhforáiltear i mír 5, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát eile tuairim a eisiúint, gan dochar d’Airteagal 72 CFAE.

Más rud é, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san fhógra nó ar aon fhaisnéis bhreise a bheidh faighte aige, go mbeidh imní ar an gCoimisiún maidir leis an riachtanas nó leis an gcomhréireacht a bhaineann le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, nó má mheasann sé go mbeadh comhairliúchán maidir le gné éigin den fhógra iomchuí, eiseoidh sé tuairim chuige sin.

5.      Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le haon tuairim ón gCoimisiún nó ó Bhallstát faoi mhír 4, faoi réir comhairliúchán, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhchruinnithe, idir an Ballstát a bhfuil beartaithe aige rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha, na Ballstáit eile, go háirithe iad siúd a mbeidh tionchar díreach ag na bearta sin orthu, agus an Coimisiún, d’fhonn comhar frithpháirteach a eagrú, i gcás inarb iomchuí, idir na Ballstáit agus d’fhonn comhréireacht na mbeart a scrúdú i ndáil leis na himeachtaí is cúis le rialú teorann a athbhunú agus leis an mbaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach.

[...]”

16      Faoi Airteagal 28 den Chód sin, dar teideal “Nós imeachta sonrach le haghaidh cásanna a éilíonn beart láithreach”:

“1.      I gcás ina n-éilítear beart láithreach de bharr baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach i mBallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann ar bhonn eisceachtúil rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach, ar feadh tréimhse teoranta deich lá ar a mhéid.

[...]

3.      Más ann don bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh tréimhsí in-athnuaite 20 lá ar a mhéid. Tríd an méid sin a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26 san áireamh, lena n-áirítear measúnú chun dáta ar riachtanas agus comhréireacht an bhirt, agus cuirfidh sé aon ghnéithe nua san áireamh.

[...]

4.      Gan dochar d’Airteagal 25(4), ní rachaidh an tréimhse iomlán ina n-athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha thar dhá mhí, ar bhonn na buntréimhse atá sonraithe i mír 1 den Airteagal seo agus aon síntí atá sonraithe i mír 3 den Airteagal seo.

[...]”

17      Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 29 den Chód sin, dar teideal “Nós imeachta sonrach i gcás ina mbeidh cúinsí eisceachtúla ann lena gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol”:

“1.      I gcúinsí eisceachtúla ina gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol mar thoradh ar easnaimh thromchúiseacha leanúnacha a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach dá dtagraítear in Airteagal 21 [den Rialachán sin nó de thoradh Ballstát gan cinneadh ón gComhairle an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán 2016/1624 a chomhlíonadh], agus a mhéid is gur baol tromchúiseach iad na cúinsí sin do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha nó i gcodanna de, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar feadh tréimhse sé mhí ar a mhéid. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh, trí huaire ar a mhéid, go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí más ann do na cúinsí eisceachtúla fós.

2.      Féadfaidh an Chomhairle mar rogha dheiridh agus mar bheart chun na leasanna coiteanna a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, i gcás ina bhfuil na bearta eile go léir, go háirithe na cinn dá dtagraítear in Airteagal 21(1) [den Rialachán sin], gan éifeacht maidir leis an mbaol tromchúiseach a aithníodh a mhaolú, moladh a dhéanamh go ndéanfadh Ballstát amháin nó níos mó díobh cinneadh rialú teorann a athbhunú ag a dteorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá dteorainneacha inmheánacha. Bunófar moladh na Comhairle ar thogra ón gCoimisiún. Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún togra mar sin a chur faoi bhráid na Comhairle chun moladh a fháil.

Ina moladh, léireoidh an Chomhairle ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(1)(a) go (e).

Féadfaidh an Chomhairle síneadh a mholadh i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo.

Sula ndéanfaidh Ballstát rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún dá réir.

[...]

4.      Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cuí leo, i gcásanna nach eol na cúiseanna leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, i gcomhréir le mír 2, ach taobh istigh de 10 lá roimh dheireadh na tréimhse roimhe sin maidir le rialú ag teorainneacha a thabhairt isteach arís, féadfaidh an Coimisiún aon mholtaí riachtanacha a ghlacadh láithreach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 38(3). Laistigh de 14 lá tar éis moltaí den sórt sin a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle agus moladh á iarraidh ina leith i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

5.      Beidh an tAirteagal seo gan dochar do bhearta a fhéadfaidh an Ballstát a ghlacadh i gcás ina mbeidh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach faoi Airteagal 25, Airteagal 27 agus Airteagal 28.”

18      Mar is léir óna cheannteideal, leagtar síos in Airteagal 30 den Chód sin na critéir is infheidhme maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i gcúinsí eisceachtúla lena gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol, dá dtagraítear in Airteagal 29.

 Dlí na hOstaire

 An Dlí maidir le pasanna

19      Foráiltear in Airteagal 2(1) den leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí den Bundesgesetz betreffend das Passwesen für österreichische Staatsbürger (Passgesetz 1992) [an Dlí Cónaidhme maidir le pasanna a eisiúint do náisiúnaigh na hOstaire](BGBl. 839/1992), (“an Dlí maidir le pasanna”):

“Mura bhforáiltear a mhalairt i gcoinbhinsiún idirnáisiúnta nó i ngnáthnós idirnáisiúnta, ní mór do náisiúnaigh Ostaracha [...] doiciméad taistil bailí (pas nó doiciméad coibhéiseach) a bheith acu chun dul isteach i gcríoch Phoblacht na hOstaire agus chun an chríoch sin a fhágáil. [...]”

20      Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 24(1) den Dlí sin:

“Aon duine

(1)      atá ag teacht isteach nó ag imeacht as an gcríoch náisiúnta go neamhrialta (Airteagal 2),

[...]

mura rud é gur cion coiriúil é an gníomh, tá cion riaracháin déanta aige is inphionóis le fíneáil suas le EUR 2 180 nó le pianbhreith choimeádta suas le sé seachtaine. Má dhéantar an cion arís, déanfar fíneáil agus pianbhreith choimeádta a fhorchur go carnach má tá imthosca géaraitheacha ann.”

 An Dlí maidir le rialú ag teorainneacha

21      Leis an Bundesgesetz über die Durchführung von Personenkontrollen aus Anlaß des Grenzübertritts (Grenzkontrollgesetz – GrekoG) [an Dlí Cónaidhme maidir le rialuithe céannachta a chur i bhfeidhm agus an teorainn á trasnú (an Dlí maidir le rialú ag teorainneacha)] (BGBl. 435/1996), sa leagan is infheidhme maidir le díospóidí sna príomhimeachtaí (“an Dlí maidir le rialú teorann”), foráiltear mar a leanas in Airteagal 10, dar teideal “An teorainn a thrasnú”:

“1. Mura bhforáiltear a mhalairt i gcoinbhinsiún idirnáisiúnta nó i ngnáthnós idirnáisiúnta, ní fhéadfar an teorainn sheachtrach a thrasnú ach ag pointí trasnaithe teorann.

2.      Féadfar an teorainn inmheánach a thrasnú in aon áit. I gcás ina ndealraíonn sé gur gá sin chun an tsíocháin, an beartas poiblí agus an tslándáil phoiblí a choimeád, údaraítear mar sin féin don Aire Cónaidhme Gnóthaí Baile, laistigh de theorainneacha coinbhinsiún idirnáisiúnta, ordú a eisiúint lena leagfar síos nach bhféadfar codanna áirithe den teorainn inmheánach a thrasnú ach amháin ag pointí trasnaithe teorann ar feadh tréimhse áirithe.

[...]”

22      Foráiltear le hAirteagal 11 den Dlí sin, dar teideal “Oibleagáid chun dul faoi rialú teorann”:

“1.      Ciallaíonn trasnú na teorann ag pointí trasnaithe teorann [...] go gcaithfidh an duine lena mbaineann glacadh leis an tseiceáil (oibleagáid dul faoi rialú teorann).

2.      Ní bheidh oibleagáid chun dul faoi rialú teorann mar thoradh ar thrasnú na teorann inmheánaí, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus (3).

[...]”

23      Foráiltear i mír 1 in Airteagal 12 den Dlí sin, dar teideal “Cur chun feidhme an rialaithe teorann”:

“Is é an t-údarás riaracháin a bheidh freagrach as rialú teorann. I gcás ina mbaineann a chur chun feidhme le feidhmiú cumhachta dírí chun orduithe a thabhairt agus forneart a úsáid ag an údarás sin, forchoimeádtar é do chomhlachtaí um fhorfheidhmiú an dlí agus d’Ard‑Stiúrthóireacht na bPóilíní (Airteagal 12). [...]”

24      Foráiltear le hAirteagal 12(a) den Dlí sin, dar teideal “Cumhachtaí comhlachtaí forfheidhmithe dlí”:

“Beidh comhlachtaí na bhfórsaí póilíneachta i dteideal daoine a chur faoi réir rialú teorann má tá cúiseanna ann lena chreidiúint go bhfuil sé de cheangal ar an duine sin dul faoin rialú sin [...]”

 Ordú Uimh. 114/2019 maidir le rialú teorann

25      Foráiltear mar a leanas le Verordnung des Bundesministers für Inneres über die vorübergehende Wiedereinführung von Grenzkontrollen an den Binnengrenzen (Ordú ón Aire Cónaidhme Gnóthaí Baile maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach) an 9 Bealtaine 2019 (BGBl. II, 114/2019) (“Ordú Uimh. 114/2019 maidir le rialú ag teorainneacha”):

“Ar bhonn Airteagal 10(2) [den Dlí maidir le rialú ag teorainneacha], ordaímid leis seo:

Airteagal 1.      D’fhonn an tsíocháin, an beartas poiblí agus an tslándáil phoiblí a chaomhnú, ní fhéadfar na teorainneacha inmheánacha le Poblacht na Slóivéine agus leis an Ungáir a thrasnú de thalamh ach amháin idir 00:00 an 13 Bealtaine 2019 agus 24:00 an 13 Samhain 2019 ag pointí trasnaithe teorann.

Airteagal 2.      Scoirfidh an tOrdú seo de bheith i bhfeidhm an 13 Samhain 2019 ag meán oíche.”

 Na príomhimeachtaí, na ceisteanna a tarchuireadh agus an nós imeachta os comhair na Cúirte

26      Mar is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil don Chúirt, d’athbhunaigh Poblacht na hOstaire rialú teorann ag a teorainneacha leis an Ungáir agus le Poblacht na Slóivéine ón 16 Meán Fómhair 2015. Sa chéad dhá mhí, bhí an tseiceáil sin bunaithe ar Airteagal 25 de Rialachán Uimh. 562/2006 (anois Airteagal 28 de Chód Teorainneacha Schengen). Ón 16 Samhain 2015, bhí Poblacht na hOstaire ag brath ar Airteagal 23 agus ar Airteagal 24 de Rialachán Uimh. 562/2006 (anois Airteagal 25 agus Airteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen). Ón 16 Bealtaine 2016, bhí an Ballstát sin ag brath ar cheithre mholadh chomhleanúnacha ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen chun an tseiceáil sin a dhéanamh ar feadh 18 mí eile. Chuaigh an ceathrú moladh sin in éag an 10 Samhain 2017.

27      An 12 Deireadh Fómhair 2017, thug Poblacht na hOstaire fógra do na Ballstáit eile agus do roinnt institiúidí de chuid an Aontais, lena n‑áirítear an Coimisiún, faoi rialú teorann a athbhunú ar feadh sé mhí ag a teorainneacha leis an Ungáir agus le Poblacht na Slóivéine, le linn na tréimhse ón 11 Samhain 2017 go dtí an 11 Bealtaine 2018. Athbhunaíodh an rialú sin ar feadh roinnt tréimhsí leantacha sé mhí, le linn na tréimhse ón 11 Bealtaine go dtí an 11 Samhain 2018, ansin le linn na dtréimhsí ón 12 Samhain 2018 go dtí an 12 Bealtaine 2019 agus ón 13 Bealtaine go dtí an 13 Samhain 2019. Thug an Ballstát sin fógraí ina dhiaidh sin chun an rialú sin a athbhunú arís go dtí mí na Samhna 2021.

 Cás C368/20

28      An 16 Samhain 2019, bhí an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí, NW, faoi réir seiceáil teorann ar bhonn mhír 1 d’Airteagal 12(a) den Dlí maidir le rialú ag teorainneacha, agus é ag iarraidh dul isteach i gcríoch na hOstaire le carr ón tSlóivéin ag an bpointe trasnaithe trasteorann ag Spielfeld (an Ostair).

29      D’iarr an t-oifigeach rialaithe teorann ar NW é féin a shainaithint trí phas nó trí chárta aitheantais. D’fhiafraigh NW den oifigeach rialaithe an raibh seiceáil teorann nó seiceáil aitheantais i gceist leis an oibríocht seo. Tar éis dó a bheith curtha ar an eolas gur seiceáil teorann a bhí i gceist, d’iarr NW cláruimhir an oifigigh rialaithe sin. Iarradh ar NW ansin a fheithicil a bhogadh go taobh an bhóthair agus tháinig oifigeach rialaithe teorann eile isteach san oibríocht. Chuir na húdaráis rialaithe teorann deireadh leis an oibríocht agus chuir siad a gcláruimhreacha seirbhíse in iúl do NW.

30      An 19 Nollaig 2019, thionscain NW caingean os comhair na cúirte náisiúnta, Landesverwaltungsgericht Steiermark (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Steiermark, an Ostair), ag cur i gcoinne feidhmiú cumhachta dírí chun orduithe a thabhairt agus forneart a úsáid ag údaráis mhaoirseachta na hOstaire. Maidir le seiceáil teorann a dhéanamh ar bhonn mhír 1 d’Airteagal 12(a) den Dlí maidir le rialú ag teorainneacha, cuireann sé faoi bhráid an Choimisiúin gur gníomh é arna ghlacadh i bhfeidhmiú na cumhachta sin.

31      Fiafraíonn an chúirt náisiúnta an bhfuil Ordú Uimh. 114/2019 maidir le rialú ag teorainneacha agus Airteagal 24(1) den Dlí maidir le pasanna, a chuirtear i bhfeidhm leis an Ordú sin, ag luí le dlí AE agus, go háirithe, le forálacha Chód Teorainneacha Schengen, ag féachaint, inter alia, do cheart saorghluaiseachta shaoránaigh an Aontais, a chumhdaítear in Airteagal 21(1) CFAE agus in Airteagal 45(1) den Chairt agus a shoiléirítear le forálacha Threoir 2004/38.

32      Go háirithe, tugann an Chúirt náisiúnta faoi deara gur seiceáil a thoirmisctear faoi Airteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen í an tseiceáil teorann atá i gceist sna príomhimeachtaí. Foráiltear leis an bhforáil sin, áfach, do dhá eisceacht ón bprionsabal sin. Ar an gcéad dul síos, de réir Airteagal 25(1) den Chód sin, is féidir rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, agus sa chás sin amháin. Ar an taobh eile, d’fhéadfaí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú de bhun Airteagal 29(1) den Chód, ach ar choinníoll go bhfuil easnaimh thromchúiseacha leanúnacha ann a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha, rud a chuirfeadh feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha agus an beartas poiblí nó an tslándáil inmheánach i mbaol.

33      Tugann an chúirt náisiúnta dá haire gurb é an toradh a bhí ar an gcur chuige a roghnaigh Poblacht na hOstaire, arb é atá ann orduithe airí éagsúla a ghlacadh i ndiaidh a chéile lena bhforáiltear do rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, gur lean an t-athbhunú sin ar aghaidh thar an uastréimhse sé mhí a leagtar síos in Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen. Dá bhrí sin, níl an chúirt sin cinnte an bhfuil an cur chuige sin i gcomhréir le dlí AE agus, go háirithe, le hAirteagal 25 agus le hAirteagal 29 den Chód sin.

34      Go háirithe, measann an chúirt náisiúnta más rud é gur bhraith Poblacht na hOstaire, ar an gcéad dul síos, d’fhonn rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, ar Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen, sa mhéid, tar éis an 11 Samhain 2017, nár chuir an Coimisiún tograí nua faoi bhráid na Comhairle chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar bhonn an Airteagail sin, nach bhféadfadh an Ballstát sin brath, ar an dara dul síos, ón dáta sin, ach ar Airteagal 25(1) den Chód sin chun údar a thabhairt le síneadh a chur leis an athbhunú sin.

35      Dá bhrí sin, iarrann an chúirt náisiúnta an bhfuil sé de shaoirse ag an mBallstát, a mhéid a choisctear le foclaíocht Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen sáruithe ar an uastréimhse údaraithe chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, orduithe aireachta a ghlacadh, i ndiaidh a chéile agus gan bhriseadh, lena bhforáiltear do rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, ar orduithe iad a bhfuil a n-éifeacht charnach níos faide ná an uastréimhse sin.

36      Tugann an chúirt náisiúnta dá haire nach raibh na fógraí lenar chuir an tAire Cónaidhme Gnóthaí Baile an Coimisiún ar an eolas faoi rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú bunaithe ar Airteagal 72 CFAE, ós rud é nár luadh an fógra sin in aon cheann de na fógraí lena mbaineann. Ar aon nós, tá amhras uirthi gur féidir brath ar Airteagal 72 CFAE, ós rud é gur eisceachtaí i réimse an rialaithe ag teorainneacha inmheánacha atá i bhforálacha an Chóid sin iad féin agus iad dírithe ar bheartas poiblí agus ar shlándáil inmheánach agus, dá bhrí sin, tá siad le cáiliú mar dhlí speisialta i ndáil le hAirteagal 72 CFAE. Bhainfí aon éifeacht phraiticiúil den teorainn ama le rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha arna bhforchur leis an gCód céanna, dá bhféadfadh Ballstát brath arís agus arís eile ar Airteagal 72 CFAE tar éis don teorainn ama atá leagtha síos go sainráite leis an dlí tánaisteach dul in éag.

37      Sna himthosca sin, chinn Landesverwaltungsgericht Steiermark (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Steiermark, an Ostair) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)      Le dlí AE, an gcuirtear bac ar fhorálacha an dlí náisiúnta a bhfuil sé mar thoradh orthu, trí roinnt téacsanna rialála náisiúnta leantacha, go bhfuil na tréimhsí sínte carntha agus go gceadaítear, dá bhrí sin, rialú teorann a athbhunú ar feadh tréimhse a sháraíonn an teorainn dhá bhliain a leagtar síos in Airteagal 25 agus Airteagal 29 [de Chód Teorainneacha Schengen], agus gan chinneadh cur chun feidhme a bheith déanta ag an gComhairle [...] chun na críche sin faoi Airteagal 29 [den Chód sin]?

Má tá freagra diúltach ar an gcéad cheist:

(2)      Ar cheart an ceart chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 21(1) CFAE agus in Airteagal 45(1) den [Chairt] a léirmhíniú, go háirithe i bhfianaise an phrionsabail nach ndéantar seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha inmheánacha mar atá leagtha síos in Airteagal 22 [den Chód sin], sa chaoi go n-áirítear ann an ceart nach gcuirfí duine faoi réir seiceáil ag teorainneacha inmheánacha, faoi réir na gcoinníollacha agus na n-eisceachtaí a leagtar síos sna Conarthaí, go háirithe an [Cód céanna]? ”

 Cás C369/20

38      An 29 Lúnasa 2019, bhí sé ar intinn ag NW teacht isteach san Ostair ag an bpointe trasnaithe trasteorann ag Spielfeld.

39      I gcomhthéacs rialuithe randamacha a rinne an t-oifigeach rialaithe lena mbaineann, iarradh ar NW a phas a thaispeáint. D’fhiafraigh NW ansin cé acu seiceáil teorann nó seiceáil céannachta a bhí ann. Ós rud é gur fhreagair an t-oifigeach rialaithe sin gur sheiceáil teorann a bhí ann, dhiúltaigh NW a phas a thíolacadh agus shainaithin sé é féin trína cheadúnas tiomána, agus é den tuairim go raibh an rialú teorann, ar an dáta sin, contrártha le dlí AE. Cé gur iarr an t-oifigeach rialaithe roinnt uaireanta ar NW a phas a thaispeáint agus gur chur sé in iúl dó go raibh sé ag sárú an Dlí maidir le pasanna trína dhiúltú, níor thaispeáin NW a phas. Dá bhrí sin, chuir an t-oifigeach rialaithe céanna deireadh leis an oibríocht lena mbaineann agus chuir sé in iúl do NW go ndéanfaí gearán ina choinne.

40      Chuir póilíní ó Ard-Stiúrthóireacht Póilíní Steiermark na cúisimh i gcoinne NW in iúl d'údaráis na hOstaire an 6 Meán Fómhair 2019.

41      Le fógra an 9 Meán Fómhair 2019, fuarthas NW ciontach i sárú ar Airteagal 2(1) den Dlí maidir le pasanna. Ina ghearán a taisceadh an 23 Meán Fómhair i gcoinne an chinnidh sin, mhaígh NW ar an gcéad dul síos, go raibh an tseiceáil teorann a rinneadh air neamhdhleathach, ós rud é nach raibh Teideal III de Chód Teorainneacha Schengen ina bhunús dlí don oibríocht lena mbaineann, agus, ar an dara dul síos, gur sháraigh an tseiceáil sin agus cinneadh an 9 Meán Fómhair 2019 an ceart chun saorghluaiseachta a tugadh dó le hAirteagal 21(1) CFAE i gcomhar le hAirteagal 22 den Chód sin.

42      Le cinneadh riaracháin de chineál coiriúil an 7 Samhain 2019, fuarthas go raibh NW ciontach maidir le teorainn na hOstaire a thrasnú nuair a tháinig sé isteach san Ostair gan doiciméad taistil bailí a bheith ina sheilbh aige. Dá réir sin, glacadh leis gur sháraigh NW Airteagal 2(1) den Dlí maidir le pasanna agus ordaíodh dó fíneáil EUR 36 a íoc de bhun Airteagal 24(1) den Dlí sin.

43      Thug NW achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Níl an chúirt sin cinnte maidir le comhoiriúnacht na seiceála a raibh NW faoina réir agus maidir leis an bpionós a forchuireadh air mar thoradh air sin.

44      Go háirithe, i dteannta na mbreithnithe a leagtar amach i mír 31 go mír 35 den bhreithiúnas seo, iarrann an chúirt náisiúnta, i bhfianaise Airteagal 21(1) CFAE agus Airteagal 45(1) den Chairt, an bhfuil sé de cheart ag saoránaigh an Aontais gan bheith faoi réir seiceáil ag teorainneacha inmheánacha i gcás nach gcomhlíonann an tseiceáil sin na coinníollacha agus/nó i bhfianaise na n-eisceachtaí dá bhforáiltear sna Conarthaí agus, go háirithe, i gCód Teorainneacha Schengen.

45      Ar an dara dul síos, tugann an chúirt náisiúnta faoi deara, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte a tháinig as breithiúnas an 21 Meán Fómhair 1999, Wijsenbeek (C‑378/97, EU:C:1999:439, mír 43 agus mír 44), go gcoimeádann na Ballstáit an ceart chun an oibleagáid a fhorchur ar dhuine cárta aitheantais bailí nó pas bailí a thíolacadh le linn rialú aitheantais agus pionós a ghearradh ar shárú na hoibleagáide sin. Ní mór forálacha an dlí náisiúnta, amhail Airteagal 24 den Dlí maidir le pasanna, a léirmhíniú, áfach, ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí AE. Go háirithe, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte a eascraíonn as breithiúnas an 10 Aibreán 2003, Steffensen (C‑276/01, EU:C:2003:228, mír 66 go mír 71), ní mór a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm sonrach forála náisiúnta ag luí leis na cearta bunúsacha.

46      Ina theannta sin, i mbreithiúnas an 13 Nollaig 2018, Touring Tours und Travel agus Sociedad de Transportes (C‑412/17 agus C‑474/17, EU:C:2018:1005), chinn an Chúirt, má tá sé i gceist le pionós a áirithiú go gcomhlíonfaí oibleagáid dul faoi rialú nach bhfuil i gcomhréir le dlí AE, go bhfuil an pionós sin contrártha le dlí AE freisin.

47      Tugann an chúirt náisiúnta dá haire go bhfuil an oibleagáid ghinearálta doiciméad taistil bailí a iompar leagtha síos in Airteagal 2(1) den Dlí maidir le pasanna sa chás seo. Ciallaíonn an oibleagáid speisialta a leagtar síos in Airteagal 24(1) den Dlí sin nach mór don duine lena mbaineann, ní hamháin pas a iompar ach é a thaispeáint freisin i gcomhthéacs seiceáil teorann atá contrártha le dlí AE. Tá amhras ar an gcúirt náisiúnta go bhfuil an oibleagáid sin ag luí le hAirteagal 21(1) CFAE agus le hAirteagal 45(1) den Chairt.

48      Sna himthosca sin, chinn Landesverwaltungsgericht Steiermark (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Steiermark, an Ostair) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)      Le dlí AE, an gcuirtear bac ar fhorálacha an dlí náisiúnta a bhfuil sé mar thoradh orthu, trí roinnt téacsanna rialála náisiúnta leantacha, go bhfuil na tréimhsí sínte carntha agus go gceadaítear, dá bhrí sin, rialú teorann a athbhunú ar feadh tréimhse a sháraíonn an teorainn dhá bhliain a leagtar síos in Airteagal 25 agus Airteagal 29 [de Chód Teorainneacha Schengen], agus gan chinneadh cur chun feidhme a bheith déanta ag an gComhairle [...] chun na críche sin faoi Airteagal 29 [den Chód sin]?

(2)      Ar cheart an ceart chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 21(1) CFAE agus in Airteagal 45(1) den [Chairt] a léirmhíniú, go háirithe i bhfianaise an phrionsabail nach ndéantar seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha inmheánacha mar atá leagtha síos in Airteagal 22 [den Chód sin], sa chaoi go n-áirítear ann an ceart nach gcuirfí duine faoi réir seiceáil ag teorainneacha inmheánacha, faoi réir na gcoinníollacha agus na n-eisceachtaí a leagtar síos sna Conarthaí, go háirithe an [Cód céanna]?

(3)      Má tá freagra [dearfach] ar an dara ceist:

Ar cheart Airteagal 21(1) CFAE agus Airteagal 45(1) den [Chairt] a léirmhíniú, i bhfianaise éifeachtacht an chirt chun saorghluaiseachta, sa chiall is go gcuirtear bac leo ar chur i bhfeidhm forála den dlí náisiúnta lena gceanglaítear ar dhuine pas nó cárta aitheantais a thaispeáint, agus é nó í ag teacht isteach sa chríoch náisiúnta ag teorainn inmheánach, cé go bhfuil an tseiceáil iarbhír ag teorainneacha inmheánacha contrártha le dlí AE?”

 An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

49      Le hordú ó Uachtarán na Cúirte an 10 Meán Fómhair 2020, rinneadh Cásanna C‑368/20 agus C‑369/20 a uamadh chun críocha an nós imeachta i scríbhinn agus ó bhéal agus chun críocha an bhreithiúnais.

 Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

 An chéad cheist a tarchuireadh i  gCás C368/20 agus an chéad cheist a tarchuireadh i  gCás C369/20

50      De réir chásdlí socair na Cúirte, sa nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCúirt na ceisteanna a tharchuirtear chuici a athfhoirmliú (breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2021, PL Holdings, C‑109/20, EU:C:2021:875, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51      De réir na faisnéise atá ar fáil don Chúirt, mar a leagtar amach i mír 26 agus i mír 27 den bhreithiúnas seo, in 2015 d’athbhunaigh Poblacht na hOstaire rialú teorann ag a teorainneacha leis an Ungáir agus le Poblacht na Slóivéine. Athbhunaíodh an tseiceáil sin arís roinnt uaireanta. Mhair an t-athbhunú deireanach a luaigh an chúirt a rinne an tarchur go dtí mí na Samhna 2021. Mar is léir ó na tosca sin, chun an tseiceáil sin a athbhunú, bhraith Poblacht na hOstaire, ar an dáta lena mbaineann, ar fhorálacha éagsúla in Airteagail 25 go 29 de Chód Teorainneacha Schengen. Glactar leis go ndeachaigh an moladh deireanach de na ceithre mholadh ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 29(2) den Chód sin, ar a raibh an Ballstát sin ag brath chun údar a thabhairt le hathbhunú an rialaithe lena mbaineann, in éag an 10 Samhain 2017. Tar éis an dáta sin, is cosúil go ndearnadh an rialú sin a athbhunú ar bhonn Airteagal 25 agus Airteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen go dtí mí na Samhna 2021.

52      Dá bhrí sin, ní raibh an dá bheart rialaithe a raibh NW faoina réir agus a bhfuil a ndlíthiúlacht ina n-ábhar agóide i gcomhthéacs na ndíospóidí sna príomhimeachtaí, a rinneadh an 29 Lúnasa agus an 16 Samhain 2019, bunaithe ar mholtaí ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen, ach ar Airteagail 25 agus 27 den Chód sin. Ar na dátaí ar a ndearnadh na bearta rialaithe sin, bhí na rialuithe, a d’athbhunaigh Poblacht na hOstaire ag a teorainn le Poblacht na Slóivéine faoi Airteagal 25 agus Airteagal 27, thar an uastréimhse iomlán sé mhí a leagtar síos in Airteagal 25(4) den Chód sin chun rialuithe a athbhunú ar bhonn Airteagal 25 agus Airteagal 27.

53      Sna himthosca sin, ní mór a mheas, leis an gcéad cheist a tarchuireadh i gCás C‑368/20 agus leis an gcéad cheist a tarchuireadh i gCás C‑369/20, go n-iarrann an chúirt náisiúnta, go bunúsach, ar cheart Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a léirmhíniú mar chosc ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach ar bhonn Airteagal 25 agus Airteagal 27 den Chód sin, i gcás ina dtéann an t-athbhunú sin, a eascraíonn as cur i bhfeidhm comhleanúnach na dtréimhsí dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Chód sin, thar an uastréimhse iomlán de shé mhí a shocraítear in Airteagal 25(4).

54      Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear in Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen, in éineacht le hAirteagal 26 go hAirteagal 35, i gCaibidil II de Theideal III den Chód sin, maidir le rialú teorann a athbhunú ar bhonn sealadach ag teorainneacha inmheánacha an Aontais, do chreat ginearálta lena rialaítear athbhunú den sórt sin i gcás a mbeadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach Ballstáit agus lena leagtar síos, inter alia, uastréimhsí le haghaidh an rialaithe athbhunaithe sin. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 25(1) den Chód sin, féadfaidh Ballstát rialuithe den sórt sin a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ar feadh tréimhse teoranta do 30 lá nó ar feadh tréimhse intuartha na bagartha sin más rud é go bhfuil sé níos faide ná 30 lá. I ngach cás, ní rachaidh fad an rialaithe teorann shealadaigh sin ag teorainneacha inmheánacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol sin. Faoi Airteagal 25(3) den Chód sin, más ann fós don bhagairt chéanna, féadfaidh an Ballstát an tseiceáil a shíneadh go ceann tréimhsí in-athnuaite nach bhfuil níos faide ná 30 lá. Ar deireadh, cé nach féidir le tréimhse iomlán athbhunaithe an rialaithe sin—lena n-áirítear aon síneadh dá bhforáiltear faoi Airteagal 25(3) den Chód sin—a bheith níos faide ná sé mhí, luaitear in Airteagal 25(3) go bhféadfar síneadh dhá bhliain a chur leis an tréimhse iomlán sin sna cúinsí eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen.

55      Maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi Airteagal 25 agus Airteagal 27 den Chód sin ar feadh tréimhse níos faide ná an uastréimhse sé mhí a leagtar síos in Airteagal 25(4) den Chód sin, measann an Coimisiún nach bhfuil na rialuithe sin ag luí le dlí AE. Dar leis na páirtithe sin, ní fhéadfadh ach bagairt thromchúiseach, de chineál nua, a bheith ina húdar le cur i bhfeidhm nua Airteagal 25 agus dá bhrí sin, cur i bhfeidhm nua na dtréimhsí a leagtar síos san fhoráil sin maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Cé go n-áitíonn Rialtas na Fraince agus Rialtas na Sualainne go bhféadfaí cur i bhfeidhm nua na dtréimhsí sin a bheith mar thoradh ar bhagairt thromchúiseach nua ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, tá Rialtas na Fraince, chomh maith le Rialtas na hOstaire agus Rialtas na Danmhairge, den tuairim freisin gur cheart measúnú nua a cheadú ar an mbagairt tosaigh cur i bhfeidhm nua na bhforálacha ábhartha. Ar deireadh, áitíonn Rialtas na Gearmáine gur cheart na Ballstáit a bheith in ann maolú ar na tréimhsí sin trí úsáid dhíreach a bhaint as Airteagal 72 CFAE.

56      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le cásdlí socair, gur gá, agus foráil de dhlí AE á léirmhíniú, machnamh a dhéanamh ní hamháin ar a foclaíocht ach ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí atá á saothrú leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh (breithiúnas an 12 Bealtaine 2021, Bundesrepublik Deutschland (Fógra Dearg Interpol), C‑505/19, EU:C:2021:376, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57      Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfágann na focail “[nach] rachaidh [sí] thar sé mhí”, nach féidir aon fhéidearthacht a bheith ann dul thar an tréimhse sin.

58      Ina theannta sin, maidir leis an gcomhthéacs a bhfuil Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen mar chuid de agus maidir le forálacha eile an Airteagail sin i dtús báire, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go leagtar síos go soiléir agus go beacht in Airteagal 25 den Chód sin na huastréimhsí chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú den chéad uair agus maidir le haon síneadh leis an rialú teorann sin, lena n-áirítear an uastréimhse iomlán is infheidhme maidir le rialú den sórt sin.

59      Leanann sé ó aithris 1 de Rialachán Uimh. 1051/2013, lenar tugadh isteach, i Rialachán Uimh. 562/2006, an riail a bhaineann leis an uastréimhse sé mhí a leagtar amach in Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen, go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagan síos chun rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach d’fhonn cineál eisceachtúil na mbeart sin agus comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta a áirithiú. Glactar le haithris 1 in aithris 22 de Chód Teorainneacha Schengen.

60      Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 25(3) de Chód Teorainneacha Schengen, i gcás ina leanfaidh an bhagairt thromchúiseach tosaigh ar aghaidh tar éis na tréimhse 30 lá dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal sin, go bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann an tseiceáil sin a shíneadh ar na cúiseanna céanna leis an tseiceáil sin a thug údar leis an athbhunú ar dtús, agus aon tosca nua á gcur san áireamh, ar feadh tréimhsí in-athnuaite nach bhfuil níos faide ná 30 lá.

61      Dá bhrí sin, mar gheall ar an tagairt shainráite d’Airteagal 25(3) de Chód Teorainneacha Schengen i mír 4 den Airteagal sin, ní fhéadfaidh síntí leanúnacha ar sheiceálacha a chinnfear ar bhonn mhír 3 a bheith níos faide ná tréimhse sé mhí san iomlán. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh uasfhad tosaigh na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, i gcás ina gcinnfear é faoi threoir fhad intuartha na bagartha tromchúisí faoi mhír 1 den Airteagal sin, a bheith níos faide ná 30 lá gan, áfach, a bheith in ann dul thar sé mhí, rud a d'fhágfadh go mbeadh úsáid na haidiachta “iomlán” i mír 4 den Airteagal sin agus an tagairt dó i mír 3 gan bhrí.

62      Ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go bhféadfadh Ballstát brath ar “aon ghné nua” a d’fhéadfadh a bheith ann dá dtagraítear in Airteagal 25(3) de Chód Teorainneacha Schengen chun údar a thabhairt le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh ar feadh tréimhsí in-athnuaite nach bhfuil níos faide ná 30 lá, ní mór, mar sin féin, nasc díreach a bheith idir an ghné sin agus an bhagairt lenar tugadh údar ar dtús leis na rialuithe a athbhunú, ós rud é nach mór síneadh na rialuithe a dhéanamh, faoi fhoclaíocht na forála sin, “ar bhonn na bhforas céanna dá dtagraítear i mír 1” d’Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen.

63      Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur eisceacht, i bhfianaise scéim ghinearálta an chóid sin, atá in Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen, a mhéid a fhoráiltear ann go bhféadfaí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha an Aontais a athbhunú, ar phrionsabal a leagtar síos in Airteagal 22 den Chód sin, faoina bhféadfar teorainneacha inmheánacha a thrasnú in aon áit gan seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine, beag beann ar a náisiúntacht. De réir Airteagal 1 den Chód sin, is é is cuspóir don Chód sin foráil a dhéanamh maidir le heaspa rialuithe ar dhaoine a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha idir Ballstáit an Aontais.

64      Mar sin féin, mar a chinn an Chúirt agus mar a mheabhraítear in aithris 27 de Chód Teorainneacha Schengen, ní mór na heisceachtaí agus na maoluithe maidir le saorghluaiseacht daoine a léirmhíniú go docht (féach chuige sin, breithiúnais an 3 Meitheamh 1986, Kempf, 139/85, EU:C:1986:223, mír 13, agus an 10 Iúil 2008, Jipa, C‑33/07, EU:C:2008:396, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

65      Is chuige sin a luaitear in aithrisí 21 go 23 de Chód Teorainneacha Schengen gur cheart, i limistéar saorghluaiseachta daoine gan teorainneacha inmheánacha, atá ar cheann de na príomhnithe faoi Airteagal 3(2) CAE atá bainte amach ag an Aontas, go bhfanfadh athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha eisceachtúil agus nár cheart é a dhéanamh ach mar rogha dheiridh.

66      Toisc nach mór d’fhorálacha Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen a bheith ina n-ábhar do léirmhíniú dian mar sin, cuirtear in aghaidh léirmhínithe Airteagal 25(4) den Chód sin ar dá réir a d’fhéadfaí údar a thabhairt le hathbhunú an rialaithe sin thar an uastréimhse sé mhí dá bhforáiltear san fhoráil sin de bharr mharthanacht na bagartha a sainaithníodh ar dtús, fiú arna measúnú i bhfianaise eilimintí nua, nó fiú trí athmheasúnú simplí ar an riachtanas agus comhréireacht an rialaithe a cuireadh i bhfeidhm chun freagairt dó, i gcomhréir le hAirteagal 25(1), ar deireadh, de Chód Teorainneacha Schengen. Is é a bheadh i gceist le léirmhíniú den sórt sin go gceadófaí, sa chleachtas, rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú mar gheall ar an mbagairt chéanna ar feadh tréimhse neamhtheoranta, rud a bhainfeadh an bonn den phrionsabal maidir le heaspa rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, mar a chumhdaítear in Airteagal 3(2) CAE agus mar a meabhraíodh in Airteagal 67(2) CFAE.

67      Ar an tríú dul síos, maidir leis na forálacha eile i gCaibidil II de Theideal III de Chód Teorainneacha Schengen, ní mór a thabhairt faoi deara ar an gcéad dul síos go bhfuil an cineál meastóireachta nach mór a dhéanamh, agus an nós imeachta atá le leanúint, d’fhonn rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach faoi Airteagal 25 den Chód sin, imscríofa go mionsonraithe in Airteagal 26 go hAirteagal 28 den Chód sin.

68      Is léir ó Airteagal 26 agus ó Airteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen, go háirithe, nach mór rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi Airteagal 25 den Chód sin agus aon leathnú ar an rialú sin a bheith, ar thaobh amháin, riachtanach agus comhréireach i ndáil leis an mbagairt a sainaithníodh agus go gcaithfidh sé, ar an taobh eile, na critéir mhionsonraithe agus na rialacha nós imeachta a leagtar síos go sainráite leis an gCód sin a chomhlíonadh, rud a thabharfadh le tuiscint, dá mba leor athmheasúnú amháin i bhfianaise na gcritéar riachtanais agus comhréireachta sin chun bonn cirt a thabhairt do rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, faoi Airteagal 25, thar thréimhse sé mhí, go ndéanfadh reachtas an Aontais foráil go sainráite dó sin.

69      Tá an léirmhíniú sin ar Chód Teorainneacha Schengen ag tacú freisin le haithris 23 den Chód sin, lena sonraítear, toisc go ndéanann athbhunú sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear do shaorghluaiseacht daoine, gur cheart aon chinneadh chun rialú teorann a athbhunú a bheith déanta i gcomhréir le critéir oibiachtúla shonracha a chomhaontaítear go frithpháirteach. Is deacair síneadh a chur le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunaítear faoi Airteagal 25 den Chód sin thar an uastréimhse dá bhforáiltear go sainráite in Airteagal 25(4) den Chód sin a réiteach trí chritéir shoiléire agus oibiachtúla a bhunú lena rialaítear an t-athbhunú sin trí chomhaontú comhchoiteann.

70      Thairis sin, dá ndéanfaí Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen a léirmhíniú sa chaoi, i gcás bagairt de réir bhrí mhír 1 den Airteagal sin, go bhféadfadh Ballstát dul thar an tréimhse iomlán sé mhí atá leagtha síos i mír 4 den Airteagal sin maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, d’fhágfadh sé nach mbeadh idirdhealú i reachtas AE idir rialuithe ar theorainneacha inmheánacha a athbhunaíodh faoin Airteagal sin agus na cinn a athbhunaíodh sna cúinsí eisceachtúla lena gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol dá dtagraítear in Airteagal 29 den Chód sin leagtha síos go sainráite do na rialuithe sin. De réir an léirmhínithe sin, d’fhéadfaí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunaítear faoi Airteagal 25 den Chód sin a shíneadh ar feadh tréimhse neamhtheoranta a d’fhéadfadh a bheith níos faide ná dhá bhliain dá bhrí sin, cé nach bhfuil na cúinsí sonracha agus na critéir shonracha a leagtar síos in Airteagal 29 agus in Airteagal 30 den Chód sin sonraithe nó á gcomhlíonadh faoi seach. Thairis sin, coisctear leis an abairt dheireanach d’Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen an léirmhíniú sin a mhéid a fhoráiltear ann go bhféadfar síneadh dhá bhliain a chur leis an athbhunú rialaithe teorann inmheánaí seachas faoi Airteagal 25 den Chód sin.

71      An méid sin ráite, ní hionann rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen ar feadh uastréimhse dhá bhliain agus cosc a chur ar an mBallstát lena mbaineann rialuithe faoi Airteagal 25 den Chód sin a athbhunú ar feadh uastréimhse sé mhí, i gcás ina dtarlaíonn baol tromchúiseach nua do bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, díreach tar éis dheireadh an dá bhliain sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin. Tá an tAirteagal sin gan dochar do bhearta a fhéadfaidh na Ballstáit a ghlacadh i gcás ina mbeidh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach faoi Airteagal 25, Airteagal 27 agus Airteagal 28.

72      Ar deireadh, maidir leis na cuspóirí atá á saothrú le hAirteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen agus leis an gCód sin féin, ní mór a mheabhrú go bhfuil an Cód sin mar chuid de chreat níos ginearálta limistéir saoirse, slándála agus ceartais ina n-áirithítear, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CAE agus le hAirteagal 67(2) CFAE, saorghluaiseacht daoine i dteannta bearta iomchuí sa réimse, go háirithe, rialuithe ag na teorainneacha seachtracha. [féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Feabhra 2020, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Clárú mairnéalach i gcalafort Rotterdam), C‑341/18, EU:C:2020:76, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear]. Leis an gcreat sin, féachtar le cothromaíocht chóir a bhaint amach idir saorghluaiseacht daoine ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, an gá atá le beartas poiblí agus slándáil inmheánach na gcríoch ina bhfuil siad ag gluaiseacht a áirithiú.

73      Ar an gcéad dul síos, le hAirteagal 26 de Chód Teorainneacha Schengen ceanglaítear ar an mBallstát ar mian leis rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi Airteagal 25 den Chód sin, a chur san áireamh ina mheasúnú ar chomhréireacht an rialaithe sin i ndáil leis an mbagairt a sainaithníodh, go háirithe, an tionchar dóchúil a bheadh ag aon bhagairt ar a bheartas poiblí nó ar a shlándáil inmheánach agus, ar an dara dul síos, an tionchar dóchúil a bheadh ag an rialú sin ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

74      Ar an dara dul síos, luaitear in aithris 22 de Chód Teorainneacha Schengen go bhfuil cruthú limistéir lena ráthaítear saorghluaiseacht daoine gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas agus, sna himthosca sin, gur gá freagairt choiteann a thabhairt ar chásanna ina mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, trí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach arís ar bhonn sealadach i gcúinsí eisceachtúla, ach gan an bonn a bhaint de phrionsabal na saorghluaiseachta daoine. Luaitear in aithris 22 freisin gurb é an cuspóir atá leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagan síos chun rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha cineál eisceachtúil an rialaithe teorann agus comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta a áirithiú, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbeidh tréimhse aon athbhunú rialaithe teorann ar bhonn sealadach teoranta don íosmhéid is gá chun freagairt do bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach.

75      Ar deireadh, leanann sé ó aithris 2 de Rialachán Uimh. 1051/2013, inter alia, gur cheart rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse teoranta ama, agus a bheith bunaithe ar chritéir shonracha oibiachtúla. Tá na breithnithe céanna in aithris 23 de Chód Teorainneacha Schengen anois.

76      Leanann an cuspóir atá á shaothrú leis an riail a bhaineann leis an uastréimhse sé mhí atá leagtha síos in Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen ón gcuspóir ginearálta sin, arb é atá ann prionsabal na saorghluaiseachta a thabhairt chun réitigh le leas na mBallstát maidir le slándáil a gcríoch a áirithiú.

77      Cé gur fíor, dá bhrí sin, nach gá go mbeadh teorainn ama ina bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach Ballstáit sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, is cosúil gur mheas reachtas AE gur leor tréimhse sé mhí chun go nglacfadh an Ballstát lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le Ballstáit eile, bearta chun déileáil leis an mbaol sin agus prionsabal na saorghluaiseachta á chaomhnú, tar éis na tréimhse sé mhí sin.

78      I bhfianaise na mbreithnithe atá leagtha amach i mír 57 go mír 77 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas go bhfuil an uastréimhse iomlán sé mhí atá leagtha síos in Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú éigeantach, ionas, dá sárófaí é, nach mbeadh aon rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunaítear faoi Airteagal 25 agus Airteagal 27 den Chód sin ag luí leis an gCód sin tar éis don tréimhse sin a bheith caite.

79      Is léir freisin ó na breithnithe sin nach bhféadfar an tréimhse sin a chur i bhfeidhm arís ach amháin i gcás ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann in ann a thaispeáint go bhfuil bagairt thromchúiseach nua ar a bheartas poiblí nó ar a shlándáil inmheánach. Sa chás sin, féadfar a mheas go gcuirfear tús le tréimhsí breise a mhairfidh go sonrach dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen, ar choinníoll go gcomhlíonann an Ballstát sin na critéir agus na rialacha nós imeachta uile a leagtar síos in Airteagal 26 go hAirteagal 28 den Chód sin.

80      Maidir leis na cúinsí inar féidir a mheas gur bagairt nua í bagairt áirithe i ndáil le bagairt roimhe sin lenar tugadh bonn cirt d’athbhunú rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, ar bhonn Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen, ba cheart a thabhairt faoi deara, nuair a thugann an Ballstát lena mbaineann fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún go bhfuil rún aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha an Aontais a athbhunú, go ndéantar tagairt in Airteagal 27(1) den Chód sin, inter alia, do “na cúinsí is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú” agus do “gníomhartha is cúis le baol thromchúiseach” do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach an Bhallstáit lena mbaineann. Ar an gcaoi chéanna, déantar tagairt in Airteagal 27(5) den Chód sin do “na himeachtaí is cúis le rialú teorann a athbhunú”.

81      Dá bhrí sin, is i bhfianaise na gcúinsí agus na n-imeachtaí sin i gcónaí a chaithfear an cheist a mheasúnú an bhfuil, ag deireadh na huastréimhse sé mhí dá dtagraítear in Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen, an bhagairt atá roimh an mBallstát mar an gcéanna nó an bagairt nua é a cheadaíonn don Bhallstát sin, díreach tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí, leanúint de rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha chun déileáil leis an mbagairt nua sin. Sna himthosca sin, ní mór a mheas, mar a áitíonn an Coimisiún, go bhféadfaí bonn cirt a thabhairt do chur i bhfeidhm nua na dtréimhsí a leagtar síos in Airteagal 25 den Chód sin chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú má thagann bagairt nua chun cinn, ar bagairt é atá éagsúil leis an mbagairt sin a sainaithníodh ar dtús, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha eile is infheidhme.

82      Sa chás sin agus mar a áitíonn an Coimisiún, is cosúil, áfach, faoi réir fíorú ón gcúirt a rinne an tarchur, nach bhfuil sé léirithe ag Poblacht na hOstaire go bhfuil bagairt nua ann faoi Airteagal 25 den Chód sin ón 10 Samhain 2017 i leith, dáta éaga mholadh deiridh na gceithre mholadh ón gComhairle a glacadh ar bhonn Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen, lena dtabharfar údar na tréimhsí a leagtar síos san Airteagal sin den Chód sin faoi seach a thosú in athuair agus d’fhágfaí, dá bhrí sin, go bhfhéadfaí a mheas go ndearnadh an dá bheart rialaithe a raibh NW faoina réir, an 29 Lúnasa 2019 agus an 16 Samhain 2019 faoi seach, laistigh den uastréimhse iomlán sé mhí dá bhforáiltear in Airteagal 25(4) den Chód sin.

83      Ní chuirtear na breithnithe sin in amhras leis an argóint a chuireann Rialtas na Gearmáine chun cinn, agus dá réir sin, i gcás go dtugtar údar leis le cúinsí eisceachtúla, féadfaidh na Ballstáit brath ar Airteagal 72 CFAE chun maolú ar fhorálacha Chód Teorainneacha Schengen lena leagtar síos uastréimhse iomlán chun rialú sealadach teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú.

84      De réir chásdlí socair na Cúirte, cé gur faoi na Ballstáit amháin atá sé a leasanna bunúsacha slándála a shainiú agus bearta iomchuí a ghlacadh chun a slándáil inmheánach agus sheachtrach a áirithiú, ní fhéadfaidh neamh-infheidhmeacht dhlí an Aontais a bheith mar thoradh ar bheart náisiúnta, amhail cinneadh a bhaineann le rialú teorann inmheánaí, agus na Ballstáit a dhíolmhú ó urramú an dlí sin, de bharr gur glacadh an beart sin d’fhonn an tslándáil náisiúnta a chosaint. (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, Ministrstvo za obrambo, C‑742/19, EU:C:2021:597, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ní mór an rud céanna a bheith i gceist maidir le bearta náisiúnta arna nglacadh chun an beartas poiblí a choimeád i mBallstát.

85      Maidir le hAirteagal 72 CFAE go sonrach, is fíor go bhforáiltear leis go bhfuil Teideal V de Chonradh FAE gan dochar d’fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an mbeartas poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a chosaint.

86      Mar sin féin, mar a chinn an Chúirt, ní fhoráiltear le Conradh FAE do mhaoluithe sainráite is infheidhme i gcásanna a d’fhéadfadh an beartas poiblí nó an tslándáil phoiblí a chur i mbaol ach amháin in Airteagail 36, 45, 52, 65, 72, 346 agus 347, a bhaineann le cásanna eisceachtúla atá sainmhínithe go soiléir. Ní mór an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 72 CFAE a léirmhíniú go docht, de réir an chásdlí shocair. Dá réir sin, ní féidir Airteagal 72 a léirmhíniú ar shlí a thabharfadh an chumhacht do na Ballstáit maolú ar fhorálacha dhlí AE trína gcuid freagrachtaí maidir leis an mbeartas poiblí a chaomhnú agus leis an tslándáil inmheánach a chosaint a agairt [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta), C‑808/18, EU:C:2020:1029, mír 214, mír 215 agus an cásdlí dá dtagraítear].

87      Maidir le Cód Teorainneacha Schengen, is léir ó na breithnithe a leagtar amach i mír 72 go mír 77 den bhreithiúnas seo go bhfuil an rogha chun an uastréimhse iomlán de shé mhí a leagtar amach in Airteagal 25(4) den Chód sin a choinneáil, ar féidir síneadh a chur léi go dtí uastréimhse dhá bhliain sna cúinsí eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 29 den Chód sin, mar chuid den chreat iomlán, arna chur i bhfeidhm ag reachtas an Aontais, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le forálacha comhcheangailte Airteagail 3(2) agus (6) CAE agus Airteagail 5(1) agus (2) CAE chomh maith le hAirteagal 4(2)(j) agus Airteagal 77(2)(b) agus (e) CFAE, de na nósanna imeachta maidir le feidhmiú ag na Ballstáit de na freagrachtaí atá orthu chun an beartas poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a chosaint.

88      Dá bhrí sin, is é is aidhm don chreat sin cothromaíocht chóir a áirithiú, dá dtagraítear in Airteagal 3(2) CAE, idir, ar thaobh amháin, cuspóir an Aontais maidir le limistéar gan teorainneacha inmheánacha a bhunú ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine, agus, ar an taobh eile, bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, agus an choireacht a chosc agus a chomhrac.

89      Dá bhrí sin, ag féachaint don tábhacht bhunúsach a bhaineann le saorghluaiseacht daoine i measc chuspóirí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 CAE agus do na breithnithe a leagtar amach i mír 58 go mír 77 den bhreithiúnas seo a bhaineann leis an gcaoi mhionsonraithe ina bhfuil reachtas AE tar éis teorainn a chur leis an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit cur isteach ar an tsaoirse sin trí rialuithe teorann inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach, lena léirítear go bhfuil sé i gceist cothromaíocht a bhaint amach idir na leasanna éagsúla atá i gceist le reachtas AE, ní mór a mheas, agus foráil á déanamh don riail a bhaineann leis an ré uasta iomlán sé mhí a leagtar amach in Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen, thug reachtóir an Aontais aird chuí ar fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an mbeartas poiblí agus an tslándáil náisiúnta.

90      Dá réir sin, ní cheadaítear le hAirteagal 72 CFAE do Bhallstát rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha atá bunaithe ar Airteagal 25 agus Airteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen a athbhunú, d’fhonn freagairt don bhaol tromchúiseach dá bheartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach, ar feadh tréimhse níos faide ná an uastréimhse iomlán sé mhí, dá bhforáiltear go sainráite in Airteagal 25(4) de.

91      Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Chód Teorainneacha Schengen, más rud é, ar bhonn na faisnéise atá san fhógra a fuair sé ó Bhallstát ar mian leis rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, go bhfuil amhras ar an gCoimisiún faoin ngá atá leis an athbhunú atá beartaithe nó faoina chomhréireacht, ceanglaítear air tuairim a eisiúint chuige sin. Sna cásanna seo, mar a d’aithin an Coimisiún go sainráite ag an éisteacht, níor eisigh an institiúid sin tuairim den sórt sin, tar éis na bhfógraí a fuair sé ó Phoblacht na hOstaire maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a d’athbhunaigh an Ballstát sin ón 10 Samhain 2017, cé go measann an institiúid sin, ón dáta sin, nach raibh na rialuithe sin ag luí le forálacha Chód Teorainneacha Schengen agus, dá bhrí sin, le dlí AE.

92      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil sé bunriachtanach, d’fhonn feidhmiú cuí na rialacha a bunaíodh le Cód Teorainneacha Schengen a áirithiú, go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit araon, i gcás inar mian le Ballstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, na cumhachtaí a thugtar dóibh leis an gCód sin a fheidhmiú, go háirithe maidir le malartuithe faisnéise agus tuairimí, comhairliúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, comhar frithpháirteach dá bhforáiltear go sonrach in Airteagal 27 den Chód sin.

93      Mar sin féin, cé nár eisigh an Coimisiún tuairim ina léirítear go measann sé nach bhfuil an tseiceáil ar tugadh fógra fúithi ar neamhréir le Cód Teorainneacha Schengen tar éis fógra a fháil ó Bhallstát faoi Airteagal 27(1) den Chód sin i gcás sonrach, ní dhéantar difear, mar gheall air sin amháin, do léirmhíniú na Cúirte ar fhorálacha an Chóid sin.

94      I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist a tarchuireadh i gCás C‑368/20 agus an chéad cheist a tarchuireadh i gCás C‑369/20 nach mór Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac leis ar Bhallstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach bunaithe ar Airteagal 25 agus Airteagal 27 den Chód sin, sa chás go sáraítear leis an uastréimhse iomlán de shé mhí, a leagtar síos le hAirteagal 25(4), agus sa chás nach bhfuil aon bhagairt nua ann a thabharfadh údar maith le cur i bhfeidhm nua na dtréimhsí dá bhforáiltear le hAirteagal 25.

 An dara ceist a tarchuireadh i  gCás C368/20 agus an dara ceist a tarchuireadh i  gCás C369/20

95      I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar na chéad cheisteanna a tarchuireadh sna cásanna seo, ní gá an dara ceist a tarchuireadh i gCás C‑368/20 ná an dara ceist a tarchuireadh i gCás C‑369/20 a fhreagairt.

 An tríú ceist a tarchuireadh i gCás C369/20

96      Leis an tríú ceist a tarchuireadh i gCás C‑369/20, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcuirtear bac le hAirteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuireann Ballstát, faoi réir pionóis, ceanglas ar dhuine pas nó cárta aitheantais a thaispeáint ar dhul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ag teorainn inmheánach, i gcás ina bhfuil athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha faoina bhforchuirtear an oibleagáid sin contrártha leis an bhforáil sin.

97      I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, mar a chinn an Chúirt, nach bhfuil sásra pionóis ag luí le forálacha Chód Teorainneacha Schengen nuair a fhorchuirtear é chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáid chun dul faoi rialú nach bhfuil i gcomhréir leis na forálacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Touring Tours und Travel et Sociedad de Transportes, C‑412/17 agus C‑474/17, EU:C:2018:1005, mír 72).

98      Dá bhrí sin, is é an freagra ar an tríú ceist a tarchuireadh i gCás C‑369/20 nach mór Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuireann Ballstát, faoi réir pionóis, ceanglas ar dhuine pas nó cárta aitheantais a thaispeáint ar dhul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ag teorainn inmheánach, i gcás ina bhfuil athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha faoina bhforchuirtear an oibleagáid sin contrártha leis an bhforáil sin.

 Costais

99      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Ní mór Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), arna leasú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac leis ar Bhallstát rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach bunaithe ar Airteagal 25 agus Airteagal 27 den Chód sin, sa chás go sáraítear leis an uastréimhse iomlán de shé mhí, a leagtar síos le hAirteagal 25(4), agus sa chás nach bhfuil aon bhagairt nua ann a thabharfadh údar maith le cur i bhfeidhm nua na dtréimhsí dá bhforáiltear le hAirteagal 25.

2.      Ní mór Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2016/399, arna leasú le Rialachán (AE) 2016/1624, a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta, lena gcuireann Ballstát, faoi réir pionóis, ceanglas ar dhuine pas nó cárta aitheantais a thaispeáint ar dhul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ag teorainn inmheánach, i gcás ina bhfuil athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha faoina bhforchuirtear an oibleagáid sin contrártha leis an bhforáil sin.

Sínithe:


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis.