Language of document : ECLI:EU:C:2022:298

Cás C‑368/20

NW

agus

Landespolizeidirektion Steiermark

(iarratas ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Steiermark)

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 26 Aibreán 2022

“Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais; – Saorghluaiseacht daoine – Rialachán (AE) 2016/399 – Cód Teorainneacha Schengen – Airteagal 25 (4) – Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach le huastréimhse iomlán sé mhí – Reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le roinnt tréimhsí rialuithe leanúnacha a fhágann gur sáraíodh an tréimhse sin – Mainneachtain na reachtaíochta sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh, áit a bhfuil tréimhsí leanúnacha bunaithe ar an mbagairt céanna – Rialacha náisiúnta lena gceanglaítear ar dhuine, faoi réir phionós, pas nó cárta aitheantais a thaispeáint agus é ag dul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin thar teorainn inmheánach – Mainneachtain na hoibleagáide sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh nuair atá an tseiceáil féin contrártha leis an bhforáil sin”

1.        Rialuithe teorann, tearmann agus inimirce – Cód Comhphobail maidir le gluaiseacht daoine thar theorainneacha – Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú – Rialú teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach i gcás bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach – Sárú na huastréimhse iomlán sé mhí ag an athbhunú sin in éagmais bagairt nua – Neamh-inghlacthacht

(Airteagal 72 CFAE; Treoir 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 25, 27, 29 agus 30)

(féach míreanna 66, 68, 70, 77-81, 89, 90, 94, cuid oibr. 1)

2.        Rialuithe teorann, tearmann agus inimirce – Cód Comhphobail maidir le gluaiseacht daoine thar theorainneacha – Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú – Rialú teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach i gcás bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach – Athbhunú contrártha leis an gcód sin toisc go sáraíonn sé an uastréimhse iomlán sé mhí gan dó a bheith bunaithe ar bhagairt nua – Rialacha náisiúnta lena gceanglaítear ar dhuine, faoi réir phionós, pas nó cárta aitheantais a thaispeáint agus é ag dul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin thar teorainn inmheánach – Neamh-inghlacthacht

(Treoir 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airt. 25(4))

(féach pointí 97, 98, cuid oibríochtúil 2)


Achoimre

Ó mhí Mheán Fómhair 2015 go mí na Samhna 2021, d’athbhunaigh Poblacht na hOstaire rialú teorann roinnt uaireanta ag a teorainneacha leis an Ungáir agus leis an tSlóivéin. D’fhonn údar a thabhairt le hathbhunú an rialaithe sin, bhí an Ballstát sin ag brath ar fhorálacha éagsúla de Chód Teorainneacha Schengen (1). Go háirithe, ón 11 Samhain 2017, bhí sé ag brath ar Airteagal 25 den chód sin, dar teideal “Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach”, lena bhforáiltear go bhféadfadh Ballstát rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcás baol tromchúiseach dá bheartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach agus lena leagtar síos uastréimhsí inar féidir rialú den sórt sin a athbhunú.

I mí Lúnasa 2019, seiceáladh NW ag an teorainn agus é ag teacht ón tSlóivéin ag an bpointe trasnaithe trasteorann i Spielfeld (an Ostair). Tar éis dó diúltú a phas a thaispeáint, fuarthas ciontach é as teorainn na hOstaire a thrasnú gan doiciméad taistil agus gearradh fíneáil air. I mí na Samhna 2019, cuireadh NW faoi réir seiceáil teorann eile ag an bpointe trasnaithe trasteorann céanna. Os comhair na cúirte a rinne an tarchur, chuir sé i gcoinne dhlíthiúlacht an dá sheiceáil sin.

Níl an chúirt a rinne an tarchur cinnte maidir le comhoiriúnacht an imscrúdaithe a raibh NW faoina réir agus maidir leis an bpionós a forchuireadh air mar thoradh air sin. Ag an am a rinneadh na seiceálacha atá faoi chonspóid, bhí an uastréimhse iomlán sé mhí a leagtar síos in Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen sáraithe cheana féin ag an Ostair nuair a d’athbhunaigh sí seiceálacha ag a teorainn leis an tSlóivéin, de bharr na héifeachta carnaí a bhí ag cur i bhfeidhm tréimhsí rialaithe comhleanúnacha.

Ina breithiúnas, rialaíonn an Chúirt, agus í ag suí mar Mhór-Dhlísheomra, go gcuirtear bac le Cód Teorainneacha Schengen ar Bhallstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach mar fhreagra ar bhagairt thromchúiseach ar a bheartas poiblí nó ar a shlándáil inmheánach i gcás ina sáraíonn tréimhse an athbhunaithe na huastréimhse iomlán sé mhí agus nach bhfuil aon bhagairt nua ann lena dtabharfaí údar le cur i bhfeidhm nua na dtréimhsí a leagtar síos sa Chód. Leis an gcód sin cuirtear bac ar rialacha náisiúnta lena gceanglaítear ar dhuine, faoi réir phionóis, pas nó cárta aitheantais a thaispeáint ar dhul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ag teorainn inmheánach, i gcás ina bhfuil athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí faoina bhforchuirtear an oibleagáid sin contrártha leis an gcód sin.

Breithniú na Cúirte

Maidir le Ballstát ag athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha ar bhonn sealadach bunaithe ar bhagairt thromchúiseach ar a bheartas poiblí nó ar a shlándáil inmheánach(2), cuireann an Chúirt igcuimhne, ar an gcéad dul síos, nach mór, chun foráil dhlí an Aontais a léirmhíniú, ní hamháin an fhoclaíocht ach freisin a comhthéacs agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha a bhfuil sí ina cuid díobh a chur san áireamh.

Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen, tugann an Chúirt faoi deara go gcuirtear as an áireamh leis na focail ‘nach bhféadfaidh sé a bheith níos faide ná sé mhí’ go bhféadfaí dul thar an tréimhse sin.

Ina dhiaidh sin, maidir le hAirteagal 25 den chód sin, tugann an Chúirt dá haire, ar an gcéad dul síos, go leagtar síos go soiléir agus go beacht leis an bhforáil sin na huastréimhsí den chéad athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha agus d’aon síneadh ar rialú teorann ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an uastréimhse iomlán is infheidhme maidir le rialú den sórt sin. Ar an dara dul síos, is eisceacht í an fhoráil sin ón bprionsabal go bhféadfar teorainneacha inmheánacha a thrasnú in aon áit gan seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine, beag beann ar a náisiúntacht(3). A mhéid is atá na heisceachtaí ó shaorghluaiseacht daoine le léirmhíniú go docht, ba cheart go bhfanfadh athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha eisceachtúil agus nár cheart é a dhéanamh ach mar rogha dheiridh. Mar sin, téann an léirmhíniú docht seo i gcoinne léirmhínithe ar Airteagal 25 den chód sin ar dá réir is leor marthanacht an bhagartha a sainaithníodh ar dtús(4) chun údar a thabhairt leis an rialú sin a athbhunú arís thar an uastréimhse sé mhí a leagtar síos san fhoráil sin. Is éard a bheadh i gceist leis an léirmhíniú sin ná go gceadófaí iarbhír an rialú sin a athbhunú mar gheall ar an mbagairt chéanna ar feadh tréimhse neamhtheoranta, rud lena mbhainfí an bonn de phrionsabal an easpa rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha. Ar an tríú dul síos, le léirmhíniú ar Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen ar dá réir, i gcás ina mbeadh baol tromchúiseach ann, go bhféadfadh Ballstát dul thar an uastréimhse iomlán sé mhí maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, bhainfí an bonn den idirdhealú a rinne reachtas AE idir, ar thaobh amháin, rialuithe teorann inmheánacha a athbhunaíodh faoin Airteagal sin agus, ar an taobh eile, na rialuithe teorann a athbhunaítear faoi Airteagal 29 den chód sin(5), lena leagtar síos uastréimhse dhá bhliain ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunaíodh faoin Airteagal sin (6).

Ar deireadh, cuireann an Chúirt in iúl go bhfuil an aidhm atá á saothrú leis an riail maidir le huastréimhse iomlán sé mhí mar chuid den chuspóir ginearálta maidir le réiteach a dhéanamh idir prionsabal na saorghluaiseachta agus leas na mBallstát maidir le slándáil a gcríoch a áirithiú. I ndáil leis sin, cé gur fíor nach gá go mbeadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach Ballstáit sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, mheas reachtas an Aontais gur leor tréimhse sé mhí chun go nglacfadh an Ballstát lena mbaineann bearta chun déileáil leis an mbaol sin agus prionsabal na saorghluaiseachta á chaomhnú, tar éis na tréimhse sé mhí sin.

Dá bhrí sin, measann an Chúirt go bhfuil an uastréimhse iomlán sé mhí sin éigeantach, agus dá bharr sin nach bhfuil aon rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunaítear faoi Airteagal 25 tar éis dhul in éag na tréimhse sin ag luí le Cód Teorainneacha Schengen. Féadfar an tréimhse sin a chur i bhfeidhm arís, áfach, i gcás ina léiríonn an Ballstát lena mbaineann go bhfuil bagairt thromchúiseach nua ar a bheartas poiblí nó ar a shlándáil inmheánach. D’fhonn a mheas an bagairt nua é bagairt áirithe i ndáil leis an mbagairt a sainaithníodh ar an gcéad dul síos, ba cheart tagairt a dhéanamh do na cúinsí is cúis leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus do na cúinsí agus na himeachtaí a bheadh ina mbaol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach an Bhallstát lena mbaineann (7).

Ina theannta sin, measann an Chúirt nach gceadaítear le hAirteagal 72 CFAE(8) do Bhallstát rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha ar bhonn Airteagal 25 agus Airteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen a athbhunú, d’fhonn déileáil leis an mbagairt sin, ar feadh tréimhse níos faide ná an uastréimhse iomlán sé mhí. I bhfianaise na tábhachta bunúsaí a bhaineann le saorghluaiseacht daoine i measc chuspóirí an Aontais agus an cur síos mionsonraithe ó reachtas an Aontais ar an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit cur isteach ar an tsaoirse sin trí rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach, tríd an riail maidir leis an uastréimhse iomlán de shé mhí a leagan síos, thug reachtas an Aontais aird chuí ar fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an mbeartas poiblí agus leis an tslándáil inmheánach.


1      Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 2016.2016, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 (IO 2016, L 251, lch. 1). Tháinig an Rialachán seo in ionad an Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 2006, lch. 1).


2      Scrúdaíonn an Chúirt, go sonrach, Airteagal 25 agus Airteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen. Déantar foráil le hAirteagal 27 den chód sin don nós imeachta chun rialú teorann inmheánaí a athbhunú ar bhonn sealadach faoi Airteagal 25 den chód.


3      Féach, chuige sin, Airteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen, Airteagal 3(2) CAE agus Airteagal 67(2) CFAE.


4      Fiú agus measúnú á dhéanamh i bhfianaise eilimintí nua nó agus athmheasúnú á dhéanamh ar riachtanas agus comhréireacht an rialaithe a cuireadh i bhfeidhm chun freagairt dóibh.


5      I gcás ina ina mbeadh feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha curtha i mbaol mar thoradh ar imthosca eisceachtúla, foráiltear le hAirteagal 29 den Chód go bhféadfadh na Ballstáit rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn moladh ón gComhairle.


6      Bíodh sin mar atá, cuireann an Chúirt in iúl nach gcuirtear cosc, mar thoradh ar athbhunú rialaithe ag teorainneacha inmheánacha ar bhonn Airteagal 29 ar feadh uastréimhsé dhá bhliain, ar an mBallstát lena mbaineann, i gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach nua dá bheartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach, díreach tar éis dheireadh an dá bhliain sin, rialuithe faoi Airteagal 25 den chód sin a athbhunú ar feadh uastréimhse sé mhí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin.


7      Airteagal 27(1), pointí (a) go (e) de Chód Teorainneacha Schengen.


8      Ní dhéanfaidh an Teideal seo difear d'fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an mbeartas poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.