Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – Symphony Environmental Technologies agus Symphony Environmental v Parlaimint na hEorpa agus páirtithe eile

(Cás T-745/20) 1

(Dliteanas neamhchonarthach – Comhshaol – Treoir (AE) 2019/904 – Toirmeasc ar tháirgí atá déanta as plaisteach ocsó-díghrádaithe a chur ar an margadh – Sárú sách tromchúiseach ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair – Gan idirdhealú idir táirgí a dhéantar as plaisteach ocsó-díghrádaithe agus táirgí a dhéantar as plaisteach ocsó-in-bhithdhíghrádaithe – Measúnú tionchair – Cóir chomhionann – Comhréireacht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Symphony Environmental Technologies plc (Borehamwood, an Ríocht Aontaithe), Symphony Environmental Ltd (Borehamwood) (ionadaithe: P. Selley, Solicitor, J. Holmes King’s Counsel, agus J. Williams, Barrister-at-law)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: L. Visaggio, C. Ionescu Dima agus W. Kuzmienko, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Maceroni agus M. Moore, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Lindenthal agus L. Haasbeek, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 268 CFAE, iarrann na hiarratasóirí cúiteamh as an damáiste a mhaíonn siad a bhain dóibh mar thoradh ar Airteagal 5 agus aithris 15 de Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO 2019 L 155, lch. 1), a mhéid atá feidhm ag an toirmeasc ar tháirgí atá déanta as plaisteach ocsó-díghrádaithe a chur ar an margadh a leagtar síos in Airteagal 5 agus aithris 15 maidir le plaisteach ocsó-in-bhithdhíghrádaithe.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Symphony Environmental Technologies plc agus Symphony Environmental Ltd chun na costais a íoc.

____________

1 IO C 53, 15.2.2021.