Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Chúirt Achomhairc na Bruiséile (an Bheilg) a taisceadh an 1 Aibreán 2022 – Stát na Beilge v an tÚdarás um Chosaint Sonraí

(Cás C-231/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cúirt Achomhairc na Bruiséile

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Stát na Beilge

Cosantóir: an tÚdarás um Chosaint Sonraí

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 4(7) den Rialachán Ginearálta maidir le cosaint sonraí pearsanta,1 le léiriú mar ní a chiallaíonn go bhfuil Iris Oifigiúil Ballstáit — a bhfuil sé de chúram seirbhíse poiblí doiciméid oifigiúla a fhoilsiú agus a chartlannú, atá freagrach as, faoin reachtaíocht náisiúnta is infheidhme, gníomhartha oifigiúla agus doiciméid oifigiúla a n-ordaíonn tríú comhlachtaí poiblí a fhoilsiú, mar a chuireann na comhlachtaí sin in iúl tar éis dóibh féin sonraí pearsanta atá sna gníomhartha agus sna doiciméid sin a phróiseáil, gan iad a bheith dílsithe ag an reachtas náisiúnta le rogha maidir le hábhar na ndoiciméad atá le foilsiú, agus maidir le cuspóir agus modhanna an fhoilsithe – an rialaitheoir é?

Sa chás go bhfuil freagra na chéad cheiste dearfach, an bhfuil Airteagal 5(2) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta le léiriú mar ní a chiallaíonn nach mór don Iris Oifigiúil i dtrácht a bheith faoi cheangal ag comhlíonadh na n-oibleagáidí atá ar an rialaitheoir faoin bhforáil sin, cé is moite de chomhlachtaí poiblí tríú páirtí a phróiseáil na sonraí atá sna gníomhartha oifigiúla agus sna doiciméid oifigiúla a iarrann siad air a fhoilsiú roimhe sin, nó an bhfuil na hoibleagáidí sin ar gach ceann de na rialaitheoirí comhleanúnacha?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).