Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 11 Eanáir 2024 – Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain SLU, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson SAS, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV v an Coimisiún Eorpach

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-122/22 P) 1

(Achomharc – Fuinneamh – Treoir 2010/30/AE – Tomhaltas fuinnimh agus acmhainní eile i dtáirgí a bhaineann le fuinneamh a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh  – Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún Eorpach lena bhforlíontar an treoir sin – Lipéadú fuinnimh d’fholúsghlantóirí – Cealú – Imeachtaí le haghaidh damáistí – Dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh – Ceanglas maidir le sárú sách tromchúiseach ar an smacht reachta atá beartaithe chun cearta a thabhairt do dhaoine aonair –Neamhaird fhollasach agus thromchúiseach ar na teorainneacha ar chumhachtaí lánroghnacha – Eilimintí ábhartha i gcás easpa corrlach breithmheasa)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain SLU, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson SAS, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV (ionadaithe: E. Batchelor, M. Healy agus T. Selwyn Sharpe, avocats agus solicitors)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.-F. Brakeland, B. De Meester agus K. Talabér-Ritz, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don achomharc.

Ordaítear do Dyson Ltd agus na ceithre iarratasóir déag eile, a gcostais féin, agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, a íoc.

____________

1 IO C 207, 23.5.2022.