Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – Maxeon Solar v EUIPO – ZO (Painéil ghréine (cuid de -))

(Cás T-62/23) 1

(Dearadh Comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear cuid de phainéil ghréine – Dearadh níos luaithe – Foras neamhbhailíochta – Easpa saincháilíochta – Úsáideoir eolach – Easpa tuiscint fhoriomlán éagsúil – Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Maxeon Solar Pte. Ltd (Singeapór, Singeapór) (ionadaithe: U. Lüken agus J. Bärenfänger, Dlíodóirí, atá údaraithe chun dul in ionad SunPower Corporation)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontas Eorpaigh (ionadaithe: J. Hamel agus J. Ivanauskas, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: ZO

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní agus go modhnófaí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 9 Nollaig 2022 (Cás R 1588/2021-3).

An chuid oibríochúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Maxeon Solar Pte. Ltd na costais a íoc.

____________

1     IO C 121, 3.4.2023.