Caingean arna tabhairt an 15 Feabhra 2024 – ETI Gıda Sanayi ve Ticaret v EUIPO – Star Foods Em (Málaí [pacáistíocht] (Ornáideachas le haghaidh-))
(Cás T-83/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: ETI Gıda Sanayi ve Ticaret AŞ (Eskişehir, an Tuirc) (ionadaí: A. Căvescu, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: SC Star Foods Em SRL (Popești Leordeni, an Rómáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh an Aontais Eorpaigh Málaí [pacáistíocht] (Ornáideachas le haghaidh-) – Dearadh Uimh. 3 438 852-0002 den Aontas Eorpach
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Triú Bhord Achomhairc de EUIPO an 15 Nollaig 2023 i gCás R 1017/2023-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus don idiragraí costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ghinearálta, chomh maith le costais na n-imeachtaí neamhbhailíochta agus achomhairc os comhair EUIPO, a íoc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 25(1)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;
Sárú ar Airteagail 94 agus 95 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar an gceart éisteacht a fháil agus ar an gceart chun triail chóir a fháil.
____________