Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (an Bheilg) a taisceadh an 23 Feabhra 2022 – NORDIC INFO v Belgische Staat

(Cás C-128/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NORDIC INFO

Cosantóir: Belgische Staat

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagail 2, 4, 5, 27 agus 29 de Threoir Saoránachta 2004/38, 1 lena gcuirtear Airteagail 20 agus 21 CFAE chun feidhme, a léirmhíniú amhail nach gcuirtear toirmeasc ar rialacháin Bhallstáit (sa chás seo, Airteagail 18 agus 22 den Ministerieel Besluit van 30 juni 2020 houdende dringende maatregelen om de verspreiding van het coronavirus COVID-19 te beperken (Foraithne Aireachta an 30 Meitheamh 2020 maidir le bearta práinneacha chun srian a chur le leathadh an choiróinvíreais COVID-19), arna leasú, faoi seach, le hAirteagail 3 agus 5 den Ministerieel besluit van 10 juli 2020 (Foraithne Aireachta an 10 Iúil 2020)), lena gcuirtear, trí bheart ginearálta;

-    cosc , i bprionsabal, ar fhágáil i gcomhair taisteal neamhriachtanach ón mBeilg go tíortha san Aontas Eorpach agus i limistéar Schengen a aicmíodh mar dhearg iad i gcomhréir le cód dathanna a dréachtaíodh ar bhonn sonraí eipidéimeolaíocha, do náisiúnaigh de chuid na Beilge agus a mbaill teaghlaigh chomh maith le saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i gcríocha Beilgeacha agus a mbaill teaghlaigh;

-    srianta ar dhul isteach (amhail coraintín agus tástálacha) ar shaoránaigh de chuid an Aontais nach náisiúnaigh de chuid na Beilge iad agus a mbaill teaghlaigh (cibé acu atá nó nach bhfuil sé de cheart acu bheith ina gcónaí i gcríoch na Beilge) i gcomhair taisteal neamhriachtanach ó thíortha san Aontas Eorpach agus i limistéar Schengen chuig an mBeilg a aicmíodh mar dhearg iad i gcomhréir le cód dathanna a dréachtaíodh ar bhonn sonraí eipidéimeolaíocha?

An gcaithfear Airteagail 1, 3 agus 22 de Chód Teorainneacha Schengen1 a léirmhíniú amhail nach gcuirtear toirmeasc ar rialacháin Bhallstáit (sa chás seo, Airteagail 18 agus 22 d’Fhoraithne Aireachta an 30 Meitheamh 2020 maidir le bearta práinneacha chun srian a chur le leathadh an choiróinvíreais COVID-19 (arna leasú le hAirteagail 3 agus 5 faoi seach d’Fhoraithne Aireachta an 10 Iúil 2020)) lena gcuirtear cosc ar fhágáil i gcomhair taisteal neamhriachtanach ón mBeilg go tíortha eile san Aontas Eorpach agus i Limistéar Schengen agus cosc ar theacht isteach ó na tíortha sin chuig an mBeilg agus a fhéadfaidh an tAire, an méara agus ceannasaí póilíní ní hamháin seiceáil a dhéanamh nó pionós a ghearradh ina leith ach iad a fhorfheidhmiú ex officio freisin?

____________

1 Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart saoránach den Aontas agus a mball teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158, lch. 77).

1 Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2006 L 105, lch. 1).