Language of document :

Caingean arna tabhairt an 2 Aibreán 2024 – Al Akhras v an Chomhairle

(Cás T-176/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Feras Al Akhras (saoránach de chuid na Siria ar roghnaigh oifigí a ionadaithe dlí i mBruiséil na Beilge mar ionad cónaithe chun críocha na n-imeachtaí seo) (ionadaithe: J. Grayston, D. Rovetta, P. Gjørtler agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/380 ón gComhairle an 22 Eanáir 2024 a chur ar neamhní lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria 1 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/362 ón gComhairle an 22 Eanáir 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, 2 dá ngairtear na ‘Bearta atá Faoi Chonspóid’ le chéile, a mhéid a n-áirítear an tIarratasóir i liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantacha leis na Bearta atá Faoi Chonspóid;

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid fógra a thabhairt – Sárú ar Airteagal 32(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 30(2) agus (3) de Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013;

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua – Sárú ar Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha – Sárú ar an gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe – Teip in urscaoileadh an dualgais cruthúnais – Sárú ar na critéir liostaithe a leagtar amach in Airteagail 27(1) agus 28(1) de Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 agus in Airteagal 15(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011;

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha – Sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus ar an tsaoirse fiontraíochta – Sárú ar Airteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

____________

1 IO L, 2024/380, 22.1.2024.

1 IO L, 2024/362, 22.1.2024.