Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) a taisceadh an 15 Samhain 2023 – E.B. SP. Z O.O. v K.P.SP. Z O.O.
(Cás C-682/23, E.B.SP.)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Cluj
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: E.B.SP. Z.O.O.
Cosantóir: K.P.SP. Z.O.O.
Na ceisteanna a tharchuirtear
An féidir Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1215/20121 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 12 Nollaig 2012] maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léiriú sa chiall go dtugtar ceart do shannaí éilimh a eascraíonn as conradh an clásal dlínse a fhorfheidhmiú sa chonradh sin i gcoinne pháirtí bunaidh an chonartha, i gcás ina aistríodh le conradh an tsannta, an t-éileamh agus a chearta coimhdeacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le substaint na díospóide, ach nár aistríodh na hoibleagáidí a eascraíonn as an gconradh?
I gcás den sórt dá dtagraítear thuas, an bhfuil cur i gcoinne an pháirtí a d’aontaigh leis an gclásal dlínse a dtugtar an díospóid ina choinne ábhartha chun an chúirt a bhfuil dlínse aici a chinneadh? An bhfuil gá le comhaontú nua dá thoil, roimh nó ag teacht le caingean dlí a thionscnamh, chun go mbeidh an sannaí tríú páirtí in ann brath ar an gclásal dlínse?
____________
1 IO 2012 L 351, lch. 1.