Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 12 Eanáir 2024 – M1.R., M2.R. v AAA sp. z o.o.

(Cás C-20/24, Cymdek) 1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: M1.R., M2.R.

Cosantóir: AAA sp. z o.o.

Na ceisteanna a tharchuirtear

Maidir le hAirteagal 2(g) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail gur féidir pas bordála paisinéara a bheith ina fhianaise eile gur ghlac agus chláraigh an t-aeriompróir nó an tionscnóir turas an áirithint?

Maidir le hAirteagal 3(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach mór a mheas go bhfuil áirithint dheimhnithe ar an eitilt atá i gceist ag paisinéirí a bhfuil pas bordála acu le haghaidh eitilt ar leith i gcás nach gcruthaítear go raibh aon chás neamhghnách speisialta?

Maidir le hAirteagal 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhfuil an paisinéir faoi dhualgas cruthúnais gur íocadh as an eitilt nó, mar mhalairt air sin, an mbeadh sé le cruthú ag an aeriompróir, d’fhonn dliteanas a sheachaint, gur eitil an paisinéir saor in aisce nó de réir ráta laghdaithe?

Maidir le hAirteagal 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, an bhfuil léiriú le déanamh amhail, i gcás inar cheannaigh an phaisinéir turas láneagraithe le tionscnóir turas agus inar íoc an tionscnóir leis an aeriompróir as an táille eitilte, gur eitilt íoctha atá inti?

Maidir le hAirteagal 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, an bhfuil léiriú le déanamh amhail, i gcás ina gceannaíonn tríú páirtí turas láneagraithe thar ceann paisinéirí, ar sa chomhthéacs sin a íocann an tionscnóir turas luach saothair margadhbhunaithe leis an aeriompróir cairtfhostaithe, nach amhlaidh gur thaistil paisinéirí ‘de réir ráta laghdaithe’, gan beann ar aon socrú idir an tríú páirtí agus na paisinéirí?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2004 L 46, lch. 1.