Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgerichts Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 26 Deireadh Fómhair 2023 - flightright GmbH v Etihad Airways P.J.S.C.

(Cás C-642/23, flightright)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: flightright GmbH

Freagróir: Etihad Airways P.J.S.C.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 8(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(3) de, le léiriú sa chaoi go bhfuil comhaontú bailí i scríbhinn faighte ón aerphaisinéir go n-aisíocfar costais an ticéid eitilte i bhfoirm dearbháin taistil agus creidmheasa, i gcás inar chruthaigh an t-aerphaisinéir féin cuntas leictreonach cliaint ar shuíomh gréasáin an aeriompróra, ar a gcuirfear na dearbháin taistil agus an creidmheas sin, mura bhfuil comhaontú leis an modh aisíocaíochta sin deimhnithe aige le síniú de láimh?

I gcás gur freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: an féidir leis an aerphaisinéir a chomhaontú le haisíocaíocht costas ticéid i bhfoirm dearbháin taistil agus creidmheasa a tharraingt siar agus a éileamh go n-íocfar é in airgead tirim, i gcás nach gcuireann an t-aeriompróir na dearbháin taistil agus creidmheas ar an gcuntas cliaint ina dhiaidh sin?

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).