Language of document :

Caingean arna thabhairt an 21 Nollaig 2023 – Rimorchiatori Riuniti Panfido & C. v CINEA

(Cás T-1193/23)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Rimorchiatori Riuniti Panfido & C. Srl (an Veinéis, an Iodáil) (ionadaí: M. Solveni, Dlíodóir)

Cosantóir: an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Go príomha, faoi Airteagal 272 CFAE agus de bhua an chlásail eadrána atá sa Chomhaontú Deontais INEA/CEF/TRAN/M2014/1038206 (‘an Comhaontú’), a dhearbhú go bhfuil na cúraimí a fhorchuirtear air leis an gComhaontú comhlíonta go cruinn ag an iarratasóir agus, go háirithe, Gníomhaíocht Uimh. 15 den tionscadal ‘Poseidon Med II’ agus, dá bhrí sin, a dhearbhú go bhfuil oibleagáid ar CINEA suim iomlán €9,872,799.02, i leith caiteachais incháilithe de €19,745,598.03 a íoc leis an iarratasóir agus dá bhrí sin a ordú do CINEA €3,308,761.60 a íoc (comhionann leis an difríocht idir an méid atá dlite don iarratasóir faoin gComhaontú agus na híocaíochtaí a fuarthas cheana), móide ús agus damáistí as díluacháil airgeadra, nó cibé méid níos lú a mheastar a bheith dlite, i gcás ina gcinnfidh an Chúirt nach ndearnadh ach go páirteach Gníomhaíocht Uimh. 15 den Chomhaontú Deontais roimh an 31 Nollaig 2021;

mar mhalairt air sin, de bhun Airteagal 262 CFAE, an Cinneadh a ghlac CINEA an 9 Deireadh Fómhair 2023 agus a cuireadh in iúl don iarratasóir an 11 Deireadh Fómhair 2023 a chur ar neamhní go páirteach, a mhéid a eisiatar an t-iarratasóir ón deontas;

trí bheart eagraíochta, i gcás ina ndíospóidtear na fíorais a shonraítear san iarratas, ligean isteach finnéithe chun na fíorais sin a chruthú;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gComhaontú Deontais ag CINEA.

Aitíonn an t-iarratasóir, go háirithe, in ainneoin fianaise a bheith tugtha aige go raibh na gníomhaíochtaí déanta aige a raibh sé freagrach astu faoin gComhaontú Deontais agus gur gheall sé go foirmiúil freisin dearadh feidhmiúcháin an tsoithigh agus a choimisiúnú a thabhairt chun críche agus d'ainneoin an ghníomhaíocht ullmhúcháin a bheith cruthaithe dá húsáid iomlán agus inchreidteacht na moille ar imthosca lasmuigh dá réimse dlí féin cruthaithe aici, gur mheas CINEA go raibh an méid a chuir an t-iarratasóir leis an tionscadal a bheith cothrom le nialas, de shárú ar Airteagal 1147 (rud a éilíonn locht ar thaobh an pháirtí neamh-mhainneachtana, chun é a bheith inchurtha), Airteagal 1162 (a fhorálann go ndéanfar téacs an chonartha a léiriú contra proferentem) agus Airteagal 1315 (lena n-éilítear, maidir le hoibleagáidí cómhalartacha, i bhfianaise chruthúnas feidhmíochta páirtí amháin, chun an páirtí eile a scaoileadh, cruthúnas gurb é sin atá tar éis éirí as a oibleagáid) de Chód Sibhialta na Beilge, chomh maith leis an gComhaontú Deontais agus na treoracha a sholáthraíonn INEA do thairbhithe comhaontuithe deontais do thionscadail CEF 1 .

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndéanfaí an Cinneadh a ghlac CINEA an 9 Deireadh Fómhair 2023 a chur ar neamhní faoi Airteagal 263 CFAE, ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht in iúl go sainráite go raibh gá le caingean le haghaidh neamhniú, mar gurb é an t-aon nós imeachta le haghaidh agóide a sheachnódh cineál neamhbhuan an achomhairc agus trína tabhairt dá haire gur eisíodh an cinneadh atá faoi chonspóid de shárú ar an Rialachán CEF1 , ar an Rialachán Airgeadais2 , ar Chinneadh Cur Chun Feidhme 2015/1921 ón gCoimisiún, ar na Treoirlínte maidir le measúnú ar ghníomhaíochtaí ag tairbhithe Comhaontaithe Deontais, ach freisin de dhlí Ríocht na Beilge i ndáil leis an gComhaontú Deontais agus faoi threoir na n-eilimintí neamhbhailíochta céanna atá ábhartha don chéad saincheist dlí.

____________

1 ‘Connecting Europe Facility’.

1 Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, lch. 129).

1  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, lch. 1).