Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) a taisceadh an 10 Eanáir 2022 – Syndicat Les Entreprises du Médicament (LEEM) v Ministre des Solidarités et de la Santé
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt nó an binse a rinne an tarchur
Conseil d’État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Syndicat Les Entreprises du Médicament (LEEM)
Cosantóir: Ministre des Solidarités et de la Santé
An cheist a tarchuireadh:
Ar cheart Airteagal 4 de Threoir 89/105/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1998, maidir le trédhearcacht na mbeart lena rialaítear praghsáil táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus maidir lena gcuimsiú faoi raon feidhme córais náisiúnta árachais breoiteachta1 , a léirmhíniú sa chaoi is go bhfuil feidhm ag an gcoincheap "cúngach praghsanna ar gach táirge íocshláinte nó ar chatagóirí áirithe táirgí íocshláinte" maidir le beart arb é is aidhm dó praghsanna táirgí íocshláinte a rialú, cé nach mbaineann sé ach le táirgí íocshláinte aonair áirithe, agus nach bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith aige maidir le gach táirge íocshláinte, nó fiú le catagóirí áirithe díobh, agus gur cosúil go bhfuil na ráthaíochtaí a cheanglaítear leis an airteagal seo maidir le cúngach praghsanna a bheith ann mar a léirmhínítear é, gan raon feidhme nó chuspóir i gcás beart den sórt sin?
____________
1 IO 1989, L 40, lch. 8.