Language of document :

Caingean arna tabhairt an 19 Eanáir 2024 – Barry’s Bootcamp v EUIPO – Hummel (Gléas ocht rachtán dhubh ag díriú anuas)

(Cás T-32/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Barry’s Bootcamp Holdings LLC (Miami, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: M. Hawkins, T. Dolde, agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Hummel Holding A/S (Aarhus, an Danmhairg)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le marc fíortha a sheasann d’ocht rachtán dhubha a dhíríonn anuas – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 943 057

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc EUIPO an 7 Samhain 2023 i gCás R 1421/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, má dhéanann sé idirghabháil, na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________