Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 22 Feabhra 2024 ag Poblacht na Seice i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 6 Nollaig 2023 i gCás T-48/22, Poblacht na Seice v an Coimisiún

(Cás C-140/24 P)

Teanga an cháis: an tSeicis

Páirtithe

Achomharcóir: Poblacht na Seice (ionadaithe: M. Smolek, J. Vláčil, J. Očková agus J. Benešová, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

mír 2 den chuid oibríochtúil agus an chuid chomhfhreagrach de bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta i gCás T-48/22 a chur ar neamhní;

Cinneadh (AE) Uimh. 2021/2020 ón gCoimisiún a chur ar neamhní a mhéid a eisiatar leis caiteachas na suime EUR 25 596 118.58;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Forais achomhairc agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir ocht bhforas achomhairc.

An chéad fhoras achomhairc lena n-éilítear sárú ar Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013 1 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 9(2) de Rialachán Uimh. 1307/2013. 2 Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le cinneadh nach mór cuideachtaí bainteacha a chur san áireamh agus fíorú á dhéanamh an amhlaidh nó nach amhlaidh gur feirmeoir gníomhach atá san iarratasóir ar chabhair. Níl a leithéid de cheanglas ann faoi aon fhoráil de dhlí an Aontais. Is é is bun leis an gcoincheap grúpa daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ná an sainmhíniú ar fheirmeoir in Airteagal 4(1)(a) de Rialachán Uimh. 1307/2013, agus dá bhrí sin is é atá i gceist leis ná eagraíocht feirmeoirí i bhfoirm arna rialú le dlí náisiúnta seachas cuideachtaí bainteacha.

An dara foras achomhairc lena n-éilítear sárú ar Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013 arna léamh i gcomhar leis an tríú fomhír d’Airteagal 9(2) de Rialachán Uimh. 1307/2013. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le cinneadh, tríd an toimhde dhiúltach maidir le stádas an fheirmeora ghníomhaigh a fhrisnéis, nach bhfuil an critéar céanna in-úsáidte le cruthú nach imeallach í ghníomaíocht talmhaíochta an iarratasóra agus go bhfuil sí mar phríomhchuspóir a ghnó nó a chuideachta, bíodh is go bhfuil an dá choinnióll sin ar chomhábhar agus go bhforáiltear go sainráite le Rialachán Uimh. 639/2014 1 d’inúsáidteacht a mhalairte de chritéar, an t-aon srian ná an bhfuil nó nach bhfuil sé inléirithe leis an gcritéar arna roghnú nach imeallach amháin í ghníomhaíocht talmhaíochta an iarratasóra.

An tríú foras achomhairc lena n-éilítear sárú ar Airteagal 52(2) de Rialachán Uimh. 1306/2013. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus chuir sí an fhírinne as a riocht le cinneadh gur theip ar Phoblacht na Seice cineál díréireach an ceartaithe airgeadais arna fhorchur i ndáil le cruthúnas maidir le stádas an fheirmeora ghníomhaigh a léiriú, gan beann ar an bhfianaise arna ceangal ag Poblacht na Seice lena hiarratas.

An ceathrú foras achomhairc lena n-éilítear sárú ar Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013 arna léamh i gcomhar le priosabal an dea-riaracháin, le prionsabal an ionchais dhlisteanaigh agus le hAirteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 908/2014. 1 Chuir an Chúirt Ghinearálta an staid dhlíthiúil as a riocht gan a chur san áireamh, lena cinneadh, gur forchuireadh an ceartú airgeadais i ndáil le féarthalamh buan gan beann ar an gcinneadh de chuid an Choimisiúin féin nár sáraíodh dlí an Aontais.

An cúigiú foras achomhairc lena n-éilítear sárú ar Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt agus Airteagal 34 de Rialachán Uimh. 908/2014. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le cinneadh go raibh feidhm ag na teorannacha ama a leagtar amach in Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 34 de Rialachán Uimh. 908/2014 ní hamháin maidir le seoladh faisnéise i ndáil le ceartú airgeadais a chinneadh, ach freisin le seoladh faisnéise maidir le cé acu an sáraítear nó nach sáraítear dlí an Aontais. Mar sin, chuir sí teorainn le ceart an Bhallstáit chun athbhreithniú breithiúnach a fháil ar cé acu ar sáraíodh nó nár sáraíodh dlí an Aontais, rud atá ina réamhchoinníoll le ceartú airgeadais a fhorchur.

An séú foras achomhairc lena n-éilítear sárú ar Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013. Chuir an Chúirt Ghinearálta an fhírinne as a riocht le cinneadh nár sholáthair Poblacht na Seice fianaise a dhóthain ar dhea-fheidhmiú an chórais cláraithe féarthalún bhuain le linn iniúchadh AA/2017/010/CZ agus nárbh ach mar chuid d’iniúchadh AA/2020/012/CZ ar soláthraíodh an fhianaise sin den chéad uair, ós rud é nár chuir an Chúirt Ghinearálta an fhianaise san áireamh ar thíolaic Poblacht na Seice ina hiarratas, rud ar tagraíodh dó go sonrach i gcomhthéacs na saincheisteanna dlí.

An seachtú foras achomhairc lena n-éilítear sárú ar Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 72 de Rialachán Uimh. 1306/2013 agus le hAirteagal 13 de Rialachán Uimh. 640/2014. 1 Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le cinneadh gur déanach an taisceadh é an t-iarratas a thaisceadh tríd an taisceadh a fhíordheimhniú faoi dhlí na Seice le síniú lámhscríofa a chur leis. Go deimhin, ní critéar le haghaidh inghlacthacht an iarratais faoi dhlí an Aontais an ceanglas maidir le síniú lámhscríofa agus níl sé bunaithe ar an dlí náisiúnta amháin.

An t-ochtú foras achomhairc lena n-éilítear sárú ar Airteagal 52(2) de Rialachán Uimh. 1306/2013. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí gan scrúdú a dhéanamh ar an gceartú airgeadais arna fhorchur i ndáil leis na hurghabhálacha sa chóras smachta airgeadais, rud atá ina léiriú ar an gceartú airgeadais arna fhorchur i ndáil le scéimeanna cabhracha éagsúla, cé gur cuireadh cuid mhór den cheartú airgeadais arna fhorchur i ndáil le scéimeanna cabhracha éagsúla ar neamhní leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc. Ansin, chuir an Chúirt Ghinearálta an fhírinne as a riocht le cinneadh nach raibh a dhóthain sonraí ag an gCoimisiún chun an ceartú airgeadais i ndáil leis an scéim cabhrach maidir le tacaíocht chúpláilte dheonach a chainníochtú go beacht, in ainneoin go bhfuil a mhalairt á léiriú leis an bhfianaise arna ceangal leis an iarratas.

____________

1     Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).

1     Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608).

1     Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO 2014 L 181, lch. 1).

1     Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO 2014 L 255, lch. 59).

1     Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus leis na cúinsí faoina ndiúltófar nó faoina n-aistarraingeofar íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus le tras-chomhlíonadh (IO 2014 L 181, lch. 48).