Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud - Poblacht na Seice) – HJ v Ministerstvo práce a sociálních věcí

(Cás C-101/21)1

(Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 2008/94/CE – Cosaint fostaithe i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra – Airteagal 2(2) – Coincheap de “fhostaí” – Airteagal 12(a) agus (c) – Teorainneacha ar fhreagracht na n-institiúidí is ráthóirí – Duine a chuireann feidhmeanna comhalta de bhord bainistíochta agus feidhmeanna stiúrthóra de chuideachta tráchtála i gcrích, ar bhonn conradh oibre leis an gcuideachta sin – Carnadh feidhmeanna – Cásdlí náisiúnta lena ndiúltaítear don duine sin tairbhe a bhaint as na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis an Treoir sin)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HJ

Cosantóir: Ministerstvo práce a sociálních věcí

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 2(2) agus Airteagal 12(a) agus (c) de Threoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra, arna leasú ag Treoir (AE) 2015/1794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leo le cásdlí náisiúnta lena bhforáiltear nach féidir le duine a chuireann feidhmeanna stiúrthóra agus feidhmeanna comhalta de chomhlacht reachtúil de chuideachta tráchtála i gcrích go carnach, ar bhonn conradh oibre bailí de réir an dlí náisiúnta, a cháiliú mar fhostaí, de réir bhrí na Treorach sin, agus, dá bharr, nach féidir leis tairbhe a bhaint as na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis an Treoir sin.

____________

1 IO C 148, 26.04.2021