Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024  – Adeva v EUIPO – Sideme – (MAISON CAVIST.)

(Cás T-313/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le cealú – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh MAISON CAVIST – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe CAVISS – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Baol mearbhaill – Airteagail 60(1)(a) agus 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Adeva (Mitry-Mory,an Fhrainc) (ionadaí : S. Drillon, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: C. Bovar agus V. Ruzek, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Société industrielle d’équipement moderne Sideme (Levallois-Perret, an Fhrainc) (ionadaí : J.-B. Bourgeois, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 31 Márta 2023 (Cás R 1623/2022-2).

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 261, 24.7.2023.