Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2024 – Apple agus Apple Distribution International v an Coimisiún

(Cás T-214/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Apple Inc. (Cupertino, California, na Stáit Aontaithe), Apple Distribution International Ltd (Corcaigh, Éire) (ionadaithe: D. Beard, S. Love agus J. Bourke, Abhcóidí, agus W. Knibbeler, T. van Helfteren agus M. Lawton, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 12 Feabhra 2024 a cuireadh in iúl do Apple an 13 Feabhra 2024 le huimhir C(2024)785 final, tagairt  DMA.100022, lena ndúntar an t-imscrúdú margaidh a osclaíodh le Cinneadh C(2023)6077, de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 sa mhéid a bhfuil sé bunaithe go mícheart ar an gcinneadh gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách é iMessage de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/1925 agus Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 a chur ar neamhní; agus

a ordú don Choimisiún Eorpach costais an iarratasóra a íoc de bhun Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon idiragraithe.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí amháin lena n-éilítear léiriú agus cur i bhfeidhm mícheart do Rialachán 2022/1925 agus Treoir 2018/1972, agus earráidí fíorasacha ábhartha, trína chinneadh gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách é iMessage.

____________

1 Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO 2022 L 265, lch. 1).

1 Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO 2018 L 321, lch. 36).