Language of document :

Caingean arna tabhairt an 2 Aibreán 2024 – Novis v an Coimisiún

(Cás T-185/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Novis Insurance Company, Novis Versicherungsgesellschaft, Novis Compagnia di Assicurazioni, Novis Poisťovňa a.s. (an Bhratasláiv, an tSlóvaic) (ionadaithe: A. Börner agus S. Henrich, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh C(2024)810 final ón gCoimisiún dar dáta an 2 Feabhra 2024 lena ndeimhnítear an diúltú rochtain a thabhairt ar dhoiciméid áirithe, agus

a ordú don chosantóir costais iomláine na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta an iarratasóra chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid de bhun Airteagal 15(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), Airteagal 42 CFAE agus Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , toisc gur dhiúltaigh an cosantóir go héagórach rochtain a thabhairt ar na doiciméid ábhartha ar bhonn na heisceachta a leagtar síos sa dara fleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh 1049/2001. Níl an eisceacht, a bhaineann le cosaint imeachtaí cúirte, infheidhme. Mar sin, ní fhéadfadh an cosantóir brath air chun rochtain ar na doiciméid ábhartha a dhiúltú.

Rinne an cosantóir réamhriachtanais na heisceachta mar a dheimhnítear sa chásdlí maidir le rochtain ar dhoiciméid nár tarraingíodh suas i gcomhthéacs imeachtaí cúirte a léirmhiú agus a chur i bhfeidhm go mícheart. Go háirithe, mhainnigh an cosantóir míniú leordhóthanach a thabhairt maidir le himeachtaí cúirte ábhartha a bheith ann ar cheart go mbeadh dóchúlacht ar leith go mbeadh tarchur chun réamhrialú ann, nasc ábhartha idir na doiciméid arna n-iarraidh agus na himeachtaí cúirte náisiúnta, agus trí mhainneachtain a bhunú agus a mhíniú go ndéanfadh nochtadh gach doiciméid iarrtha dochar do chomhionannas arm na bpáirtithe faoi seach in imeachtaí cúirte go hiarbhír agus ní go teoiriciúil.

Ina theannta sin, is ionann cinneadh an chosantóra agus sárú ar na dlíthe ábhartha agus ar chearta an iarratasóra toisc gur mhainnigh an cosantóir a admháil nach mór rochtain ar na doiciméid iarrtha a cheadú mar go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart an iarratasóra chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid toisc gur dhiúltaigh an cosantóir go héagórach do rochtain ar na doiciméid ábhartha ar bhonn na heisceachta sa tríú fleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001.

Ní féidir leis an gcosantóir an eisceacht a bhaineann le cosaint chuspóir na n-imscrúduithe a agairt go rathúil mar nach raibh aon imscrúduithe ar siúl ag an am a ghlac an cosantóir a chinneadh rochtain ar na doiciméid iarrtha a dhiúltú. Ní féidir leis an gcosantóir údar a thabhairt le rochtain a dhiúltú trí thagairt a dhéanamh d’imscrúduithe féideartha amach anseo amháin. Chomh maith leis sin, ní féidir leis an gcosantóir a áitiú go ndéanfaí an bonn a bhaint go tromchúiseach d’aon imscrúduithe (atá ann faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo) i gcás nochtadh. Níor thug an cosantóir aon mhíniú leordhóthanach lena dtugtar bunús lena leithéid d’imní chaol agus nach bhfuil aon bhaol iarbhír ann go mbainfí an bonn d’aon imscrúdú.

Fiú dá mbeadh an eisceacht infheidhme (a dhiúltaítear), ní fhéadfaí rochtain ar na doiciméid ábhartha a dhiúltú mar go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh.

An triú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart an iarratasóra chun rochtain a fháil ar fhaisnéis toisc gur dhiúltaigh an cosantóir go neamhdhleathach do rochtain ar na doiciméid ábhartha ar bhonn na heisceachta sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001.

Ní féidir leis an gcosantóir an t-eisiamh a bhaineann le cosaint phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide a agairt de bharr gur ghlacadh le haon chinneadh ábhartha cheana féin, ós rud é nár tarraingíodh suas nó ní bhfuarthas na doiciméid i gceist le haghaidh úsáid inmheánach, agus ós rud é nár thug an cosantóir aon mhíniú leordhóthanach cén fáth go mbainfidh nochtadh an bonn go tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta an chosantóra.

Fiú dá mbeadh an eisceacht infheidhme (a dhiúltaítear), ní fhéadfaí rochtain ar na doiciméid ábhartha a dhiúltú mar go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh.

An ceithre saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe ceart an iarratasóra chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid, toisc gur thug an cosantóir neamhaird ar phrionsabal ginearálta na comhréireachta a dhearbhaítear in Airteagal 4(6) de Rialachán Uimh. 1049/2001 agus an oibleagáid cúiseanna a shonrú.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart an iarratasóra rochtain a fháil ar chomhaid an chosantóra ar ábhar imní suntasach iad don iarratasóir de bhun Airteagal 41(2)(b) den Chairt.

Sáraítear le cinneadh an chosantóra dlíthe an Aontais Eorpaigh toisc go bhfuil sé de cheart ag an iarratasóir rochtain a fháil ar na doiciméid ábhartha freisin mar chuid de chomhad ar ábhar imní ar leith é don iarratasóir, ós rud é go mbaineann na doiciméid i gceist le himscrúduithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 17 den Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 as a d’eascair iarmhairtí díreacha agus bunúsacha don iarratasóir.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).

1 Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO 2010 L 331, lch. 48).