Language of document :

Caingean arna tabhairt an 26 Aibreán 2024 – Quality First v EUIPO (MORE Nutrition)

(Cás T-219/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Quality First GmbH (Elmshorn, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Schneider agus M. Kleinn, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh MORE Nutrition – Iarratas Uimh. 18 573 655

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Feabhra 2024 i gCás R 1909/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an Cinneadh atá faoi chonspóid agus cinneadh céadchéime EUIPO an 31 Lúnasa 2023 a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an dea-riaracháin.

____________