Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán – Biogen Netherlands v an Coimisiún

(Cás T-278/22) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Sláinte poiblí – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Cinneadh chun údarú a thabhairt maidir le Dimethyl fumarate Neuraxpharm - fúmaráit démheitile a chur ar an margadh – An cinneadh atá faoi chonspóid a aisghairm – Dul in éag ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek agus B. Jong, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Mifsud-Bonnici, A. Sipos agus E. Mathieu, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasór go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3254 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2022 lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh Dimethyl fumarate Neuraxpharm - fúmaráit démheitile mar tháirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

Ordaítear do Biogen Netherlands BV agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha.

____________

1 IO C 284, 25.7.2022.