Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024  – Tsakiris v EUIPO  –

Coca-Cola 3E Ellados (Le Petit Déjeuner TSAKIRIS FAMILY)

(Cás T-303/23)1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Le Petit Déjeuner TSAKIRIS FAMILY – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe TSAKIRIS CHIPS – Damáiste do chlúÚsáid gan chúis chuí Airteagal 8(5) agus Airteagal 53(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagail 8(5) agus 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] Airteagal 81 CFAE)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: Tsakiris AE Paragogis & Emporias Trofimon (Thessaloniki, an Ghréig) (ionadaí: A. Papaspyropoulos, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Coca-Cola 3E Ellados AVEE (Maroussi, an Ghréig) (ionadaí : E. Kyriakidi, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Márta 2023 (Cás R 1012/2020-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear do Tsakiris AE Paragogis & Emporias Trofimon a chostais agus costais Coca-Cola 3E Ellados AVEE a íoc.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 286, 14.8.2023.