Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – Kneipp v EUIPO – Patou (Joyful by nature)
(Cás T-157/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachta freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Joyful by nature’ – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘JOY’ – Forais choibhneasta le diúltú – Damáiste do chlú – Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cruthúnas clú – Buntáiste míchuí a bhreith ar shaincháilíocht an trádmhairc níos luaithe nó ar a chlú)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Kneipp GmbH (Würzburg, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Pejman, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Jean Patou (Páras, an Fhrainc)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Eanáir 2023 (cás R 532/2022-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 173 an 15.5.2023.