Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Yanukovych v an Chomhairle

(Cásanna T-263/21 agus T-257/22)1

(An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Úcráin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – Míleithreasú chistí stáit na hÚcráine – Airteagal 1(1) de Chinneadh 2014/119/CBES – Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 – Ceanglas na Comhairle chun a fhíorú gur glacadh cinneadh údaráis tríú Stát i gcomhréir le cearta na cosanta agus leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Oleksandr Viktorovych Yanukovych (Cathair Pheadair, an Rúis) (ionadaí: B. Kennelly, Abhcóide Sinsir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: i gCás T-263/21, A. Boggio-Tomasaz, T. Haas agus S. Van Overmeire, Gníomhairí, agus, i gCás T-257/22, A. Boggio-Tomasaz agus J. Rurarz, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, i gCás T‑263/21, go gcuirfí Cinneadh (CBES) 2021/394 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2021 L 77, lch. 29) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/391 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2021 L 77, lch. 2) ar neamhní, agus i gCás T-257/22, go gcuirfí Cinneadh (CBES) 2022/376 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2022 L 70, lch. 7) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2022 L 70, lch. 1), a mhéid a dhéantar leis na gníomhartha sin a ainm a choinneáil ar liosta na ndaoine, na-eintitis agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeartanna sriantacha sin, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Déantar Cásanna T-263/21 agus T-257/22 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.

Cuirtear Cinneadh (CBES) 2021/394 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/391 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, chomh maith le Cinneadh (CBES) 2022/376 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, a mhéid a dhéantar leis na gníomhartha sin ainm Oleksandr Viktorovych Yanukovych a choinneáil ar liosta na ndaoine, na n-eintitis agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeartanna sriantacha sin, ar neamhní.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

____________

1     IO C 278, 12.7.2021.