Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 20 Feabhra 2024 – UR mar leachtóir shócmhainní V GmbH v DF
(Cás C-134/24, Tomann 1 )
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesarbeitsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Cosantóir, achomharcóir agus achomharcóir ar phointe dlí: UR, mar leachtóir shócmhainní V GmbH
Iarratasóir, freagróir san achomharc agus freagróir san achomharc ar phointe dlí: DF
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 4(1) de Threoir 98/59 1 le léiriú sa chaoi nach féidir le dífhostú mar chuid d’iomarcaíocht chomhchoiteann atá faoi réir fógra éigeantach deireadh a chur le caidreamh fostaíochta fostaí lena mbaineann ach go dtí go mbeidh an tréimhse neamhghníomhaíochta imithe in éag?
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:
An amhlaidh nach amháin go n-éilítear fógra maidir le hiomarcaíocht chomhchoiteann chun go rachaidh an tréimhse neamhghníomhaíochta in éag, ach freisin na coinníollacha a leagtar síos sa cheathrú fomhír d’Airteagal 3(1) de Threoir 98/59?
An féidir le fostóir a d’fhógair dífhostú atá faoi réir fógra éigeantach gan fógra (ceart) maidir le hiomarcaíocht chomhchoiteann fógra den sórt sin a thabhairt níos déanaí agus é mar iarmhairt air sin, tar éis dhul in éag na tréimhse neamhghníomhaíochta, gur féidir caidreamh fostaíochta na bhfostuithe lena mbaineann a fhoirceannadh leis an dífhostú arna fhógairt roimhe sin?
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheisteanna 1 agus 2:
An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 98/59 é a fhágáil faoin údarás inniúil a chinneadh ar bhealach nach féidir le fostaí a thabhairt faoi cheist agus a bhfuil na cúirteanna oibreachais faoina cheangal, cathain a théann an tréimhse neamhghníomhaíochta in éag i gcás faoi leith, nó an gá go bhféadfaidh fostaí caingean a thabhairt os comhair cúirte chun athbhreithniú a dhéanamh ar chruinneas chinneadh an údaráis?
____________
1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát um iomarcaíochtaí comhchoiteanna (IO 1998 L 225, lch. 16).