Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) an 1 Márta 2022 – MO v SM i gcáil cleachtóir dócmhainneachta shócmhainní G GmbH
(Cás C-134/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesarbeitsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: MO
Cosantóir: SM i gcáil cleachtóir dócmhainneachta shócmhainní G GmbH
An cheist a tharchuirtear:
Cad é cuspóir an dara fomhír d’Airteagal 2(3) de Threoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,1 lena gceanglaítear ar bhfostóir cóip, ar a laghad, de na heilimintí den chumarsáid scríofa dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, pointe (b), (i) go (v) a tharchur chuig an údarás poiblí inniúil?
____________
1 IO 1998, L 225, lch. 16.