Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Simmern v Hunsrück (an Ghearmáin), a taisceadh an 15 Nollaig 2023 – DN v Gebeco GmbH & Co. KG
(Cás C-774/23, Gebeco)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Amtsgericht Simmern/Hunsrück
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DN
Cosantóir: Gebeco GmbH & Co. KG
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 1 le léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé go leagtar síos leis an bhforáil sin, chomh maith le socrú maidir le dlínse idirnáisiúnta, socrú nach mór don chúirt ag tabhairt faoin mbreithniú a urramú maidir le dlínse chríche na gcúirteanna náisiúnta i gcásanna a bhaineann le conarthaí taistil má tá sainchónaí ag an tomhaltóir, mar thaistealaí, agus ag a pháirtí conarthach, an tionscnóir turas, sa Bhallstát céanna, cé nach bhfuil ceannphointe an turais sa Bhallstát sin ach i dtír eile (‘cásanna nach de chineál inmheánach amháin iad’), agus mar thoradh air sin, gur féidir leis an tomhaltóir éilimh chonarthacha a thabhairt i gcoinne an tionscnóra turas, sa bhreis ar fhorálacha dlínse náisiúnta, sna cúirteanna den tír ina bhfuil sé ina shainchónaí.
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú) (IO 2012 L 351, lch. 1).