Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 16 Bealtaine 2022 – Friends of the Irish Environment CLG v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne

(Cás C-330/22)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An tArd-Chúirt (Éire)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Friends of the Irish Environment CLG

Cosantóirí: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil gá leis an iarraidh seo ar réamhrialú i gcás gur cuireadh an Rialachán 20201 as ionad agus/nó go bhfuil na bearta cur chun feidhme náisiúnta i ndiaidh dul in éag?

An bhfuil Iarscríbhinn IA de Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle neamhbhailí, ag féachaint do na haidhmeanna agus do chuspóirí de chuid Rialachán (AE) 1380/20131 (“an Rialachán CBI”) agus ag féachaint go háirithe d’Airteagal 2(1) agus d’Airteagal 2(2) den Rialachán CBI lena n-áirítear cuspóir an dara habairt d’Airteagal 2(2) agus do phrionsabail an dea-rialachais a leagtar amach in Airteagal 3(c) agus (d) den Rialachán CBI (lena n-áirítear cé chomh infheidhme sin is atá sé maidir le stoic a gceanglaítear cur chuige réamhchúraim ina leith), arna léamh i gcomhar le hAirteagail 9, 10, 15 agus 16 den Rialachán CBI agus a chuid Aithrisí agus in éineacht le hAirteagail 1, 2, 3, 4, 5, 8 agus 10 de Rialachán 2019/4722 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic éisc in Uiscí an Iarthair (“Rialachán maidir le hUiscí an Iarthair”) a mhéid nach gcloíonn an ghabháil iomlán incheadaithe (“TAC”) arna socrú le Rialachán 2020 leis an gcomhairle arna heisiúint ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“CITM”) faoi uastáirgeacht inbhuanaithe (“MSY”) lena moltar gabháil nialasach maidir le speicis áirithe?

____________

1 Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO 2020 L 25, lch. 1).

1 Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle.

1 IO 2019 L 83, lch. 1.