Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 19 Eanáir 2024 – G.L. v AB SpA

(Cás C-38/24, Bervidi1 )

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: G.L.

Freagróir: AB SpA

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá dlí an Aontais a léiriú, ar bhonn Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, sa chaoi go bhfuil dlisteanacht ann do chúramóir teaghlaigh linbh atá faoi mhíchumas trom, a mhaíonn gur fhulaing sé idirdhealú indíreach i réimse na hoibre mar thoradh ar an gcúram a chuireann sé ar fáil, caingean a thabhairt maidir leis an gcosaint in aghaidh an idirdhealaithe a thabharfaí don duine céanna faoi mhíchumas, dá mba é an duine sin an t-oibrí, faoi Treoir 2000/78/CE1 ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha?

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, an gá dlí an Aontais a léiriú, ar bhonn Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, sa chaoi go bhfuil oibleagáid ar an bhfostóir cúramóra dá dtagraítear thuas cóiríocht réasúnta a ghlacadh chun a áirithiú, i bhfabhar an chúramóra sin freisin, go gcomhlíonfar prionsabal na córa comhionainne maidir le hoibrithe eile, ar aon dul le hAirteagal 5 de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha?

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad nó ar an dara cheist an gá dlí an Aontais a léiriú, ar bhonn Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas freisin, sa chaoi a chiallaíonn gurb é an cúramóir sin a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 aon duine is ball den teaghlach nó comhpháirtí comhchónaitheach de facto a ghlacann cúram baile, fiú go neamhfhoirmiúil, saor in aisce atá suntasach ó thaobh cainníochta, eisiach, leanúnach agus fadtéarmach de dhuine nach bhfuil, de bharr a mhíchumais thromchúisigh nó a míchumais thromchúisigh, neamhthuilleamaíoch ar chor ar bith chun an saol laethúil a chur i gcrích nó ar cheart dlí an Aontais a léiriú sa chaoi go bhfuil an sainmhíniú ar chúramóir atá i gceist níos leithne nó níos cúinge ná an sainmhíniú a leagtar amach thuas?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     IO 2000 L 303, lch. 16.