Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 – PNB Banka agus páirtithe eile v BRA
(Cás T-732/19) 1
(Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta – Aontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Imeachtaí réitigh – Cinneadh gan scéim réitigh a ghlacadh – Caingean le haghaidh neamhniú –– Iarscríbhinní a ghabhann leis an iarratas – Leas maidir le himeachtaí a thionscnamh – Locus standi – Inniúlacht údar an ghnímh – An ceart chun éisteacht a fháil – Oibleagáid cúiseanna a lua – An coincheap “cliseadh iarbhír nó intuartha an eintitis” – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Comhréireacht – Cóir chomhionann)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: PNB Banka AS (Ríge, Laitvia) agus na 10 bpáirtithe eile a luaitear a n-ainmneacha san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: H. Ehlers, J. Kerlin agus J. Rius Riu, Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann, F. Louis, agus L. Forestier, Dlíodóirí)
Idiragraithe, mar thaca leis an gCosantóir: Poblacht na Laitvia (ionadaithe: K. Pommere agus J. Davidoviča, Gníomhairí), An Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: E. Koupepidou, A. Lefterov agus F. Bonnard, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE iarrann na hiarratasóirí cinneadh SRB/EES/2019 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 15 Lúnasa 2019 gan scéim réitigh a ghlacadh maidir le bunú an institiúid creidmheasa PNB Banka AS a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean;
Ordaítear do PNB Banka AS agus do na 10 bpáirtithe eile a luaitear a n-ainmneacha san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA) a íoc.
Ordaítear do Phoblacht na Laitvia agus don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 27, 27.1.2020