Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 15 Feabhra 2022 – Xella Magyarország Építőanyagipari Kft. v Innovációs és Technológiai Miniszter

(Cás C-106/22)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Xella Magyarország Építőanyagipari Kft.

An t-údarás inniúil ar cuireadh an iarraidh faoina bhráid: Innovációs és Technológiai Miniszter

Na ceisteanna a tharchuirtear:

I bhfianaise aithrisí 4 agus 6 de Rialachán (AE) 2019/452, lena mbunaítear creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh,1 agus a fhoráiltear in Airteagal 4(2) CAE, an gcaithfear Airteagal 65(1)(b) CFAE a léiriú sa tslí go gcuirtear an fhéidearthacht san áireamh leis go mbunófaí rialachán amhail Airteagal 85 den a veszélyhelyzet megszűnésével összefüggő átmeneti szabályokról és a járványügyi készültségről szóló 2020. Évi LVIII. törvény (Dlí LVIII 2020, maidir leis na rialacha idirthréimhseacha a ghabhann leis an staid éigeandála agus leis an ngéarchéim eipidéimeolaíoch), agus go háirithe amhail airteagail 276, míreanna 1 agus 2(a), agus 283(1)(b) de?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, an leor nós imeachta um rialú cumasc a bheith próiseáilte ag an gCoimisiún, a chumhachtaí a bheith feidhmithe aige agus cumascú maidir le slabhra úinéireachta de chuid infheisteora indírigh coigríche a bheith údaraithe aige, chun go gcuirfí cosc ar fheidhmiú na cumhachta cinnteoireachta i gcomhréir le Dlí an Bhallstáit lena mbaineann?

____________

1 Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO 2019, L 791, lch.1).