Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2023 – Ergotopia v EUIPO (WellBack)
(Cás T-388/23)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Ergotopia GmbH (Darmstadt, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Biesterfeld-Kuhn, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “WellBack” – Iarratas Uimh. 18 682 838
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 12 Bealtaine 2023 i gCás R 36/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais, lena n-áirítear na costais arna dtabhú le linn na n-imeachtaí achomhairc, a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2) de.
____________