Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – Feed v EUIPO – The Feed.com (Feed.)
(Cás T-26/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Feed. – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe The Feed. – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Feed SA (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: V. Bouchara agus A. Maier, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: The Feed.com, Inc. (Broomfield, Colorado, Stáit Aontaithe Mhéiriceá) (ionadaí: J. Lacker, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Feed SA, go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Samhain 2022 (Cás R 552/2022-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Diultaítear don chaingean.
2) Ordaítear do Feed SA na costais a íoc.
____________
1 IO C 94, 13.3.2023.