Language of document : ECLI:EU:C:2024:122

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

8 Feabhra 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Treoir 2013/32/AE – Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) – Iarratas iardain – Coinníollacha chun iarratas den sórt sin a dhiúltú toisc é a bheith do-ghlactha – Coincheap ‘eilimint nó toradh nua’ – Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais ar cheist maidir le léiriú ar dhlí an Aontais – Airteagal 46 – Ceart ar leigheas éifeachtach – Inniúlacht na cúirte náisiúnta chun rialú ar shubstaint iarratais den sórt sin i gcás neamhdhleathacht an chinnidh lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith do-ghlactha – Ráthaíocht nóis imeachta – Airteagal 14(2))

I gCás C‑216/22,

Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Verwaltungsgericht Sigmaringen (Cúirt Riaracháin Sigmaringen, an Ghearmáin), trí bhreith an 22 Feabhra 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 23 Márta 2022, sna himeachtaí idir

A. A.

agus

Bundesrepublik Deutschland,

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, T. Von Danwitz agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot (Rapóirtéir), P. G. Xuereb, L. S. Rossi, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Wahl agus I. Ziemele, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta agus i ndiaidh éisteacht an 28 Feabhra 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Rialtas na Gearmáine, dá ndéanann J. Möller agus A. Hoesch, i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht,

–        Rialtas na hOstaire, dá ndéanann A. Posch, J. Schmoll agus V.-S. Strasser, i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht,

–        an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann A. Azéma agus H. Leupold, i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 7 Meán Fómhair 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú Airteagal 33(2)(d), Airteagal 40(2) agus (3) agus Airteagal 46(1)(a)(ii) de Threoir 2013/32/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).

2        Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir A. A., náisiúnach tríú tír, agus Bundesrepublik Deutschland (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine), arna ionadú ag an Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Oifig Chónaidhme um Imirce agus Dídeanaithe, an Ghearmáin) (‘an Oifig’), maidir le diúltú dá iarratas iardain ar stádas dídeanaí toisc é a bheith do-ghlactha.

 An creat dlíthiúil

 Dlí an Aontais Eorpaigh

3        Foráiltear le haithrisí 18 agus 36 de Threoir 2013/32 mar seo a leanas:

‘(18) Is chun leasa na mBallstát agus na n‑iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta araon a ndéanfar cinneadh a luaithe is féidir maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus uileghabhálach a dhéanamh.

[...]

(36) I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas iardain gan fianaise ná argóintí nua a thabhairt, bheadh sé díréireach a chur ar na Ballstáit nós imeachta scrúdúcháin iomláin nua a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit, sa chás sin, in ann iarratas a dhiúltú mar iarratas do-ghlactha i gcomhréir leis an bprionsabal res judicata.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(f) ciallaíonn “údarás cinntitheach” aon chomhlacht gar-bhreithiúnach nó riaracháin i mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá inniúil chun cinntí a dhéanamh ag an gcéad chéim i gcásanna den sórt sin;

[...]

(q) ciallaíonn “iarratas iardain” iarratas eile ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar tar éis cinneadh críochnaitheach a bheith déanta i dtaobh iarratas roimhe sin, lena n‑áirítear an cás inar tharraing an t‑iarratasóir an t‑iarratas uaidh siar go sainráite nó cásanna inar dhiúltaigh an t‑údarás cinntitheach d’iarratas tar éis é a bheith tarraingthe siar go hintuigthe, i gcomhréir le hAirteagal 28(1).’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear le hAirteagal 14 den Treoir sin, dar teideal ‘Agallamh pearsanta’:

‘1.      Sula ndéanfaidh an t‑údarás cinntitheach cinneadh, tabharfar an deis don iarratasóir agallamh pearsanta a dhéanamh faoina iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le duine atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun agallamh den sórt sin a dhéanamh. Déanfaidh pearsanra an údaráis chinntithigh agallaimh phearsanta faoi shubstaint an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. Beidh an fhomhír seo gan dochar d’Airteagal 42(2)(b).

[...]

2.      Féadfar an t‑agallamh pearsanta faoi shubstaint an iarratais a fhágáil ar lár sna cásanna seo a leanas:

a)      i gcás ina bhfuil an t‑údarás cinntitheach in ann cinneadh dearfach a dhéanamh maidir le stádas dídeanaí ar bhonn na fianaise atá ar fáil [...]

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear in Airteagal 33 den Treoir chéanna, dar teideal ‘Iarratais do-ghlactha’:

‘1.      Sa bhreis ar na cásanna nach ndéantar scrúdú ar iarratas iontu i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180, lch. 31)], ní cheanglaítear ar na Ballstáit a scrúdú i dtaobh an gcáilíonn iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Treoir 2011/95/AE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9)], i gcás ina meastar an t‑iarratas a bheith do-ghlactha de bhun an Airteagail sin.

2.      Ní fhéadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta do-ghlactha ach amháin sna cásanna seo a leanas:

[...]

(d)      is iarratas iardain é an t‑iarratas, i gcás nár eascair nó nár thug an t‑iarratasóir ar aird eilimintí nó torthaí nua ar bith i dtaca leis an scrúdú ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn an t‑iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95]

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 40 de Threoir 2013/32 dar teideal ‘Iarratais iardain’, i míreanna 2 go 5 de:

‘2.      Chun críche cinneadh a ghlacadh i dtaca le hinghlacthacht an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta de bhun Airteagal 33(2)(d), tá iarratas iardain ar chosaint idirnáisiúnta faoi réir réamhscrúdaithe ar dtús i dtaobh eilimintí nó torthaí nua a bheith ag eascairt nó a bheith curtha i láthair ag an iarratasóir, a bhaineann leis an scrúdú i dtaobh an gcomhlíonann an t‑iarratasóir na coinníollacha is gá le cáiliú mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95].

3.      Má chinntear leis an réamhscrúdú dá dtagraítear i mír 2 gur eascair eilimintí nó torthaí nua nó gur thug an t‑iarratasóir eilimintí nó torthaí nua ar aird a thugann ardú suntasach don dóchúlacht go bhféadfadh an t‑iarratasóir cáiliú mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95], déanfar an t‑iarratas a scrúdú tuilleadh i gcomhréir le Caibidil II. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin ar chúiseanna eile maidir le iarratas iardain a scrúdú tuilleadh.

4.        Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach ndéanfar an t‑iarratas a scrúdú tuilleadh ach i gcás nach bhfuil an t‑iarratasóir lena mbaineann, gan aon locht dá chuid féin, ábalta na staideanna a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo sa nós imeachta roimhe seo a chur in iúl, go háirithe trí úsáid a bhaint as a cheart nó a ceart chun leigheas éifeachtach a fháil de bhun Airteagal 46.

5.        I gcás nach leanfar den scrúdú ar iarratas iardain de bhun an Airteagail seo, measfar an t‑iarratas sin a bheith do-ghlactha i gcomhréir le hAirteagal 33(2)(d).’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Léitear Airteagal 46 den Treoir sin, dar teideal ‘Ceart ar leigheas éifeachtach’ mar seo a leanas:

‘1.      Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceart ag iarratasóirí leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse, i gcoinne na nithe seo a leanas:

a)      cinneadh a dhéantar i dtaca lena n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, lena n‑áirítear:

i)      cinneadh lena meastar go bhfuil iarratas gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí agus/nó le stádas cosanta coimhdí:

ii)      cinneadh lena meastar go bhfuil iarratas do-ghlactha de bhun Airteagal 33(2);

[...]

3.      Chun mír 1 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil le leigheas éifeachtach maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí freisin, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, scrúdú ar riachtanais cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95], i gcomhthéacs nósanna imeachta achomhairc ar a laghad os comhair cúirt nó binse céadchéime.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Gearmáine

9        Foráiltear le hAirteagal 71 den Asylgesetz (an Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn, BGBI. 2008 I, lch. 1798), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le tearmann’), dar teideal ‘Iarratas iardain’, i mír 1:

‘Más rud é, tar éis an chéad iarratas ar thearmann a tharraingt siar nó tar éis diúltú go cinntitheach dó, go ndéanfaidh an náisiúnach eachtrach iarratas nua ar thearmann (iarratas iardain) a thaisceadh, ní mór nós imeachta nua tearmainn a chur i gcrích ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 51(1) go (3) den [Verwaltungsverfahrensgesetz (an Dlí maidir le nós imeachta riaracháin, BGBl. 2013 I, lch. 102]: [...]’

10      Foráiltear le hAirteagal 51 den Dlí maidir le nós imeachta riaracháin, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le nós imeachta riaracháin’):

‘(1) Ní mór don údarás, arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, a chinneadh go ndéanfar beart riaracháin críochnaitheach a neamhniú nó a mhodhnú, más rud é:

1.      go bhfuil athrú tagtha ina dhiaidh sin ar an seasamh fíorasach nó dlíthiúil ar a raibh an gníomh riaracháin bunaithe i bhfabhar an duine lena mbaineann;

2.      go bhfuil fianaise nua tagtha chun cinn as a dtiocfadh cinneadh níos fabhraí don duine lena mbaineann;

3.      má bhunaítear forais le hathoscailt de réir bhrí Airteagal 580 den [Zivilprozessordnung (Cód an Nós Imeachta Shibhialta)].

(2)       Ní bheidh an t‑iarratas inghlactha ach amháin más rud é, gan locht tromchúiseach a bheith air, nach raibh an duine lena mbaineann in ann brath ar an bhforas le hathscrúdú a bhaint amach i gcomhthéacs an nós imeachta roimhe sin, lena n‑áirítear trí achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhirt riaracháin.

(3)       Ní mór an t‑iarratas a dhéanamh laistigh de thrí mhí. Cuirtear tús leis an tréimhse sin ón lá ar tháinig an duine lena mbaineann ar an eolas faoin bhforas atá ann le hathscrúdú a dhéanamh.

[...]’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

11      Is náisiúnach de chuid na Siria é an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí. An 26 Iúil 2017, rinne sé iarratas ar thearmann sa Ghearmáin tar éis dó, de réir a chuid faisnéise féin, an tSiria a fhágáil in 2012, fanacht sa Libia go dtí 2017 agus ansin an Iodáil agus an Ostair a thrasnú chun dul isteach sa Ghearmáin.

12      Le linn an agallaimh a rinne sé leis an Oifig, mhínigh sé go ndearna sé a sheirbhís mhíleata sa tSiria idir 2003 agus 2005 agus gur fhág sé an tír sin ar eagla go ndéanfaí é a ath-shlógadh le haghaidh seirbhís mhíleata nó go ngabhfaí é dá ndiúltódh sé a dhualgais mhíleata a chomhlíonadh. Tar éis dó an tSiria a fhágáil, dúirt a athair leis gur sheol na húdaráis mhíleata toghairm chuige.

13      Le cinneadh an 16 Lúnasa 2017, thug an Oifig cosaint choimhdeach dó, ach dhiúltaigh sí stádas dídeanaí a thabhairt dó.

14      Chun an diúltú sin a dhlisteanú, chinn an Oifig nach raibh aon chúis ann glacadh leis gur léirigh Stát na Siria eisimirce an iarratasóra sna príomhimeachtaí mar léiriú ar chur i gcoinne an réimis. Ar an gcéad dul síos, deirtear go dtiocfadh sé as réigiún ina raibh arm na Siria, Saor-Arm na Siria agus an Stát Ioslamach ag troid thairis air nuair a d’imigh sé. Ar an dara dul síos, tar éis dó, de réir a ráiteas féin, an tSiria a fhágáil sular iarradh air dul isteach in arm na Siria arís, ní bheadh aon chúis lena chreidiúint go measfaí é ina thír mar thréigtheoir nó mar duine a bhí i gcoinne an réimis é. Thairis sin, níor léirigh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí gurb é an coinscríobh an chúis lena imeacht. Níor thagair sé, go ginearálta, ach do chúrsaí dainséaracha a d’eascair as an gcogadh sa tSiria.

15      Níor thionscain an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí caingean in aghaidh an chinnidh sin, ar cinneadh críochnaitheach é sa deireadh.

16      An 15 Eanáir 2021, thaisc an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí iarratas nua ar thearmann, is é sin le rá, ‘iarratas iardain’, de réir bhrí Airteagal 2(q) de Threoir 2013/32, leis an Oifig. Go bunúsach, bhunaigh sé a iarratas ar bhreithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís Mhíleata agus Tearmainn) (C‑238/19, EU:C:2020:945). D’áitigh sé, go bunúsach, gur ‘modhnú ar sheasamh dlíthiúil’ a bhí sa bhreithiúnas sin, de réir bhrí na bhforálacha náisiúnta, agus, dá bhrí sin, go raibh ar an Oifig scrúdú a dhéanamh ar shubstaint a iarratais iardain. Is é an modhnú sin ná go gcuirtear léiriú ar fáil leis an mbreithiúnas atá i gceist ar na rialacha a bhaineann leis an dualgas cruthúnais atá níos fabhraí d’iarrthóirí tearmainn ná mar a fhoráiltear leis an gcásdlí náisiúnta d’iarratasóirí den sórt sin a theith óna dtír chun a n‑oibleagáidí míleata a sheachaint. Leanann an modhnú sin ón bhfoclaíocht a d’úsáid an Chúirt, i gcúinsí áirithe, go bhfuil ‘toimhde láidir’ ann go bhfuil baint ag diúltú seirbhíse míleata le ceann de na cúiseanna leis an ngéarleanúint a liostaítear in Airteagal 10 de Threoir 2011/95.

17      Le cinneadh an 22 Márta 2021, dhiúltaigh an Oifig don iarratas iardain ar thearmann a rinne an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí toisc é a bheith do-ghlactha. Thug sí cúiseanna leis an gcinneadh sin trína chur in iúl, go bunúsach, nár thug breithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seribhís Mhíleata agus Tearmainn) (C‑238/19, EU:C:2020:945), a luaitear thuas, le tuiscint go raibh gá di scrúdú a dhéanamh ar shubstaint an iarratais sin. Sa mhéid nach raibh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí ach ag brath ar an mbreithiúnas sin mar thaca lena iarratas iardain, níor comhlíonadh na coinníollacha a leagadh síos le forálacha náisiúnta agus forálacha an Aontais chun scrúdú nua a dhéanamh ar a iarratas ar thearmann.

18      Thug an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí caingean os comhair Verwaltungsgericht Sigmaringen (Cúirt Riaracháin Sigmaringen, an Ghearmáin), an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh chinneadh na hOifige an 22 Márta 2021 a neamhniú agus stádas dídeanaí a bhaint amach.

19      Tugann an chúirt sin dá haire, faoi fhorálacha comhcheangailte Airteagal 71(1) den Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn agus Airteagal 51(1)(1) den Dlí maidir le nós imeachta riaracháin, más rud é, tar éis an chéad iarratas ar thearmann a dhiúltú go cinnte, go dtaiscfidh an náisiúnach tríú tír iarratas iardain, caithfidh an t‑údarás cinntitheach an nós imeachta a athoscailt más rud é go bhfuil athrú tagtha ar an staid fhíorasach nó dhlíthiúil as ar eascair an gníomh riaracháin i bhfabhar an duine lena mbaineann. Maidir le modhnú ar an ‘staid dhlíthiúil’ de réir bhrí na bhforálacha sin, tugann sí dá haire, de réir léiriú an chásdlí náisiúnta cheannasaigh, nach féidir ach na forálacha is infheidhme teacht, i bprionsabal, faoin gcoincheap sin, seachas cinneadh breithiúnach, amhail cinneadh ón gCúirt. Bheadh srian ar an gcinneadh breithiúnach na forálacha ábhartha a bhí i bhfeidhm tráth a glacadh an cinneadh maidir leis an iarratas roimhe amháin a léiriú agus a chur i bhfeidhm, gan na forálacha sin a mhodhnú. Dúirt an chúirt a rinne an tarchur, áfach, go bhféadfadh cinntí an Bundesverfassungsgericht (Cúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme, an Ghearmáin) maidir le raon feidhme an chirt bhunúsaigh chun tearmainn a bheith ina modhnuithe ar an ‘staid dhlíthiúil’ de réir bhrí na bhforálacha sin.

20      Iarrann an chúirt a rinne an tarchur, áfach, an bhfuil an léiriú sin ar an dlí náisiúnta ag luí le dlí an Aontais, sa mhéid is go ndiúltaíonn sí go ginearálta cinneadh ón gCúirt a mheas mar chinneadh a d’fhéadfadh an ‘staid dhlíthiúil’ a mhodhnú agus, dá bhrí sin, athoscailt an nós imeachta a dhlisteanú i gcás ina ndéanfar iarratas iardain, ach, i mbreithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatósósg Dél-alföldi Regionális Igazgatóság (C‑924/19 PPU agus C‑925/19 PPU, EU:C:2020:367), chinn an Chúirt gur eilimint nua, de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32, é breithiúnas ón gCúirt lena gcinntear nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta ag luí le dlí an Aontais.

21      Chuige sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur go háirithe an féidir cinneadh ón gcúirt, a bhfuil srian léi foráil de dhlí an Aontais a bhí i bhfeidhm tráth a glacadh an cinneadh maidir leis an iarratas roimhe a léiriú amháin, a mheas gur ‘eilimint nó toradh nua’ é de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(3) de Threoir 2013/32. Iarrann sí go háirithe, an ‘eilimint nó toradh nua’ é breithiúnas an 19 Samhain 2020 ón Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís Mhíleata agus Tearmainn) (C‑238/19, EU:C:2020:945) ar a bhfuil an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí ag brath, i bhfianaise go bhfuil soiléirithe tábhachtacha inti maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 9(2)(b) agus Airteagal 10 de Threoir 2011/95 do chás na ndiúltóirí coinsiasacha ón tSiria.

22      Ina theannta sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, faoin dlí nós imeachta náisiúnta is infheidhme, i gcás ina dtugtar achomharc os a comhair in aghaidh cinneadh ón Oifig lena ndiúltaítear iarratas iardain toisc é a bheith do-ghlactha, nach bhféadfaidh sí rialú ach amháin ar na coinníollacha maidir le hinghlacthacht an iarratais sin mar a leagtar amach in Airteagal 71(1) den Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn agus in Airteagal 51(1) go (3) den Dlí maidir le nós imeachta riaracháin. Dá bhrí sin, má mheasann an chúirt a rinne an tarchur go raibh an Oifig mícheart an t‑iarratas iardain a dhiúltú, ní fhéadfaidh sí ach an cinneadh maidir le do-ghlacthacht a neamhniú agus scrúdú an iarratais sin a tharchur chuig an Oifig le haghaidh cinneadh nua.

23      Iarrann an chúirt sin, áfach, an bhfuil na rialacha nós imeachta náisiúnta sin comhoiriúnach leis an gceart ar leigheas éifeachtach a fháil i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Threoir 2013/32 agus le cuspóir na Treorach sin, a leagtar amach in aithris 18 di, go gcinnfear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a luaithe is féidir. Dá leanfadh sé as Airteagal 46 go bhféadfadh sí, nó go gcaithfidh sí, cinneadh a dhéanamh maidir le substaint an iarratais iardain agus, i gcás inarb iomchuí, stádas dídeanaí a dheonú don iarratasóir sna príomhimeachtaí, iarrann sí fós an gcaithfidh an t‑iarratasóir tairbhe a bhaint as na ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear i bhforálacha Chaibidil II de Threoir 2013/32.

24      Sna himthosca sin, chinn Verwaltungsgericht Sigmaringen (Cúirt Riaracháin Sigmaringen) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1. a.      An bhfuil foráil náisiúnta ar dá réir nach bhfuil athiarratas inghlactha ach i gcás ina bhfuil an staid fhíorasach agus dhlíthiúil a bhí mar bhunús leis an gcinneadh diúltaithe bunaidh tar éis athrú i bhfabhar an iarratasóra ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) de Threoir [2013/32/AE]?

b.       An gcuirtear, le hAirteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) de Threoir [2013/32], bac ar fhoráil náisiúnta ar dá réir nach gcaitear le cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (sa chás seo, i dtarchur chun réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE) mar “eilimint nua” nó “imthoisc nua” nó “cinneadh nua” mura gcinntear neamhchomhréireacht idir an fhoráil náisiúnta agus dlí an Aontais leis an gcinneadh sin, ar cinneadh é atá teoranta do léiriú ar dhlí an Aontais? Cad iad na coinníollacha, más iomchuí, nach mór a bheith ann chun breithiúnas de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach ndéantar ann ach léiriú ar dhlí an Aontais, a chur san áireamh mar “eilimint nua” nó “imthoisc nua” nó “cinneadh nua”?


(2)       Más freagra dearfach a thabharfar ar [Cheist 1a agus 1b], an gcaithfear Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) de Threoir [2013/32/AE] a léiriú sa chaoi go gcaithfear breithiúnas de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina rialaítear go bhfuil toimhde láidir ann go bhfuil baint idir diúltú do sheirbhís mhíleata a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 9(2)(e) de Threoir [2011/95] agus ceann de na cúig fhoras in Airteagal 10 den Treoir sin a chur san áireamh mar “eilimint nua” nó “imthoisc nua” nó “cinneadh nua”?


3. a.      An gcaithfear Airteagal 46(1)(a)(ii) de Threoir [2013/32] a léiriú sa chaoi go bhfuil an leigheas breithiúnach i leith cinneadh maidir le do-ghlacthacht arna dhéanamh ag an údarás cinntitheach de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(5) de Threoir [2013/32] teoranta do scrúdú i dtaobh an raibh an ceart ag an údarás cinntitheach gur comhlíonadh na coinníollacha chun a mheas go raibh an t‑athiarratas ar thearmann do-ghlactha faoi Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (5) de Threoir [2013/32]?

b.      Más freagra diúltach a thabharfar ar [Cheist 3a], an gcaithfear Airteagal 46(1)(a)(ii) de Threoir [2013/32] a léiriú sa chaoi go gcumhdaíonn an leigheas breithiúnach i gcoinne cinneadh maidir le do-ghlacthacht scrúdú freisin i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha i leith cosaint idirnáisiúnta a dheonú de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir [2011/95] má chinneann an chúirt, tar éis di a scrúdú féin a dhéanamh, nach gcomhlíontar na coinníollacha chun an t‑athiarratas ar thearmann a dhiúltú toisc é a bheith do-ghlactha?

c.      Más freagra dearfach a thabharfar ar [Cheist 3b]: an gcuirtear ceangal le cinneadh den sórt sin ón gcúirt go bhfuil na ráthaíochtaí speisialta nós imeachta faoin tríú habairt d’Airteagal 40(3) [in éineacht leis] na rialacha i gCaibidil II de Threoir [2013/32] tugtha don iarratasóir ar dtús? An féidir leis an gcúirt an nós imeachta sin a sheoladh í féin nó an gcaithfeadh sí – tar éis di, más gá, na himeachtaí dlí a chur ar fionraí – é a tharmligean chuig an údarás cinntitheach? An féidir leis an iarratasóir comhlíonadh na ráthaíochtaí nós imeachta sin a tharscaoileadh?’

 Na ceisteanna arna dtarchur i gcomhair réamhrialú

 Ceisteanna 1 agus 2

25      Leis an gcéad dá cheist, arb iomchuí a mheas le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, cad iad na coinníollacha faoina bhféadfadh breithiúnas ón gCúirt a bheith ina ‘eilimint nó toradh nua’ de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) de Threoir 2013/32.

26      Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú go liostaítear go huileghabhálach in Airteagal 33(2) de Threoir 2013/32 na cásanna ina bhféadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta do-ghlactha (breithiúnas an 19 Márta 2019, Ibrahim agus páirtithe eile, C‑297/17, C‑318/17, C‑319/17 agus C‑438/17, EU:C:2019:219, mír 76).

27      Foráiltear le hAirteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32 go háirithe, go bhféadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta do-ghlactha nuair ‘is iarratas iardain é an t‑iarratas, i gcás nár eascair nó nár thug an t‑iarratasóir ar aird eilimintí nó torthaí nua ar bith i dtaca leis an scrúdú ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn an t‑iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95]’.

28      Sainmhínítear an coincheap ‘iarratas iardain’ in Airteagal 2(q) de Threoir 2013/32 agus tagraíonn sé d’iarratas nua ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar tar éis cinneadh críochnaitheach a rinneadh maidir le hiarratas roimhe sin.

29      Leagtar amach an nós imeachta maidir le hiarratas iardain a scrúdú in Airteagal 40 de Threoir 2013/32, lena bhforáiltear scrúdú dhá chéim a bhaineann le do-ghlacthacht iarratas den sórt sin, (breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Eilimintí nó torthaí nua), C‑921/19, EU:C:2021:478, míreanna 34 agus 35].

30      Ar an gcéad dul síos, foráiltear le mír 2 den Airteagal sin, chun críche cinneadh a ghlacadh i dtaca le hinghlacthacht an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta de bhun Airteagal 33(2)(d) den Treoir sin, go mbeidh iarratas iardain faoi réir réamhscrúdú ar dtús i dtaobh eilimintí nó torthaí nua a bheith ag eascairt nó a bheith curtha i láthair ag an iarratasóir a bhaineann leis an scrúdú i dtaobh an gcáilíonn an t‑iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir 2011/95.

31      Ní dhéantar scrúdú ar neamh-ghlacthacht an iarratais iardain ach amháin má tá eilimintí nó torthaí nua ar fáil maidir leis an gcéad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, de bhun Airteagal 40(3) de Threoir 2013/32, chun a fháil amach an gcuireann na heilimintí nó na torthaí nua sin go mór leis an dóchúlacht go gcomhlíonfaidh an t‑iarratasóir na coinníollacha is gá chun cáiliú don stádas sin [breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Eilimintí nó torthaí nua), C‑921/19, EU:C:2021:478, mír 37).

32      Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Threoir 2013/32, ní fhéadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le scrúdú breise a dhéanamh ar an iarratas iardain ach amháin i gcás nárbh fhéidir leis an iarratasóir, gan locht air féin, eilimintí nó torthaí nua den sórt sin a chur ar aghaidh le linn an nós imeachta roimhe sin.

33      Nuair a chomhlíontar na coinníollacha maidir leis an iarratas iardain, ní mór scrúdú a dhéanamh ar an iarratas sin mar a shonraítear in Airteagal 40(3) de Threoir 2013/32, i gcomhréir le Caibidil II den Treoir sin, ina bhfuil na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí bunúsacha is infheidhme ar chosaint idirnáisiúnta [féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Eilimintí nó torthaí nua), C‑921/19, EU:C:2017:478, mír 38].

34      D’fhonn measúnú a dhéanamh ar raon feidhme an choincheapa ‘eilimint nó toradh nua’, de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) de Threoir 2013/32, ba cheart a thabhairt faoi deara gur léir ó fhoclaíocht Airteagal 33(2), go háirithe ón bhfocal ‘amháin’, roimh áireamh na bhforas do-ghlacthachta, agus ó chuspóir na forála sin agus ó scéim na Treorach sin, go maolaíonn an fhéidearthacht iarratas ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear san fhoráil sin a dhiúltú ón oibleagáid substaint iarratais den sórt sin a scrúdú [féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Leanbh dídeanaithe, a rugadh lasmuigh den Stát óstach), C‑720/20, EU:C:2022:603, mír 49].

35      Thug an Chúirt faoi deara cheana féin go leanann sé ó nádúr uileghabhálach an liosta in Airteagal 33(2) agus ó chineál maolaitheach na bhforas do-ghlacthachta go n‑áirítear sa liosta sin nach mór na forais sin a léiriú go docht [féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Leanbh dídeanaithe, a rugadh lasmuigh den Stát óstach) C‑720/20, EU:C:2022:603, mír 51].

36      Dá réir sin, ní mór na cásanna ina n‑éilítear le Treoir 2013/32 go measfaí go bhfuil iarratas iardain inghlactha a léiriú go leathan.

37      Chomh maith leis sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32 agus, go háirithe, ó úsáid an natha ‘eilimint nó toradh nua’ go dtagraíonn an fhoráil sin ní hamháin d’athrú fíricí ar imthosca pearsanta iarratasóra nó ar chúinsí pearsanta a thíre, ach d’eilimintí dlíthiúla nua freisin.

38      Is léir, go háirithe, ó chásdlí na Cúirte nach féidir a dhearbhú go bhfuil iarratas iardain do-ghlactha, faoi Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32, i gcás ina gcinneann an t‑údarás cinntitheach, de réir bhrí Airteagal 2(f) den Treoir sin, go bhfuil diúltú iomlán an iarratais roimhe in aghaidh dhlí an Aontais. Is gá go mbeadh cinneadh den sórt sin ina cheangal ar an údarás cinntitheach sin i gcás ina n‑eascraíonn an choinbhleacht sin as breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais nó i gcás ina dtagann cúirt nó binse náisiúnta ar an gcoinbhleacht sin go teagmhasach (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság, C‑924/19 PPU agus C‑925/19 PPU, EU:C:2020:367, míreanna 198 agus 203).

39      Tá an chonclúid sin bunaithe ar an bhfíoras go gcuirfí i mbaol go mór éifeachtacht cheart an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta, mar a chumhdaítear in Airteagal 18 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus ar tugadh foirm nithiúil dó le Treoir 2011/95 agus Treoir 2013/32, chun stádas tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a fháil, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a cheanglaítear le dlí an Aontais, dá bhféadfaí a dhearbhú go bhfuil iarratas iardain do-ghlactha ar an bhforas dá dtagraítear in Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32, cé gur diúltaíodh don chéad iarratas de bharr sárú ar dhlí an Aontais. Go deimhin, mar thoradh ar léiriú den sórt sin ar an bhforáil sin, d’fhéadfaí cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais tarlú arís le gach iarratas nua ar chosaint idirnáisiúnta gan aon deis a bheith ann scrúdú a chur ar fáil don iarratasóir ar a iarratas nach raibh curtha ó bhail mar gheall ar shárú an chirt sin. Ní fhéadfadh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a bheith mar údar réasúnach le bac den sórt sin ar chur i bhfeidhm éifeachtach rialacha dhlí an Aontais maidir leis an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság, C‑924/19 PPU agus C‑925/19 PPU, EU:C:2020:367, míreanna 192, 196 agus 197).

40      I gcomhthéacs ar leith Threoir 2013/32, d’fhéadfadh breithiúnas ón gCúirt teacht faoin gcoincheap d’eilimint nua de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) den Treoir sin, beag beann ar cibé acu a tugadh an breithiúnas sin roimhe sin nó tar éis ghlacadh an chinnidh maidir leis an iarratas roimhe nó cibé an gcinneann an breithiúnas sin nach bhfuil foráil náisiúnta ar a raibh an cinneadh sin bunaithe ag luí le dlí an Aontais nó go bhfuil sí teoranta do léiriú dhlí an Aontais, lena n‑áirítear an dlí a bhí i bhfeidhm cheana tráth a ghlacfar an cinneadh sin.

41      Dá bhrí sin, agus go háirithe, is neamhábhartha an argóint, arna hagairt ag rialtas na Gearmáine agus rialtas na hOstaire, go dtéann éifeachtaí an bhreithiúnais trína léiríonn an Chúirt, i bhfeidhmiú na dlínse a thugtar di le hAirteagal 267 CFAE, riail de dhlí an Aontais, ar ais, i bprionsabal, go dtí dáta teacht i bhfeidhm den riail a léiríodh (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Eanáir 2015, Starjakob, C‑417/13, EU:C:2015:38, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42      Ina theannta sin, cé gur chinn an Chúirt, go bunúsach, i míreanna 194 agus 203 de bhreithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság (C‑924/19 PPU agus C‑925/19 PPU, EU:C:2020:367), gur eilimint nua a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar iarratas iardain é breithiúnas lena gcinntear nach raibh reachtaíocht náisiúnta ag luí le dlí an Aontais agus ar an mbonn a diúltaíodh d’iarratas roimhe, de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32, ba cheart a thabhairt faoi deara nár mheas an Chúirt ar bhealach ar bith, agus an méid sin á dhéanamh aici, nach bhféadfaí ach breithiúnais ina bhfuil cinneadh den sórt sin a bheith ina bhfachtóir nua den sórt sin.

43      Go deimhin, ní féidir léiriú ar dá réir go bhféadfaidh breithiúnas ón gCúirt a bheith ina eilimint nua de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) de Threoir 2013/32 ach amháin i gcás nach mbeadh foráil den dlí náisiúnta, ar bhonn ar glacadh an cinneadh maidir leis an iarratas roimhe, ag luí le dlí an Aontais, ní hamháin go mbainfeadh sé an bonn d’éifeachtacht an chirt a dheonaítear don iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, a chumhdaítear in Airteagal 18 den Chairt agus mar a cuireadh in iúl i mír 39 den bhreithiúnas seo, ach go ndéantar neamhaird ar éifeacht erga omnes réamhrialuithe agus ar nádúr na n‑imeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE agus ar a chuspóir léiriú aonfhoirmeach ar dhlí an Aontais a áirithiú.

44      Leanann sé ón méid sin roimhe seo gur féidir aon bhreithiúnas ón gCúirt a bheith ina eilimint nua de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40 (2) agus (3) de Threoir 2013/32.

45      Tacaíonn aithris 36 de Threoir 2013/32 leis an léiriú ar choincheap na heiliminte nua, ina luaitear, mar thaca lena iarratas iardain, nach mór don iarratasóir a bheith in ann ‘argóintí nua’ a chur isteach.

46      Cuireann an léiriú sin ar chumas an iarratasóra, mar thaca lena iarratas iardain, an argóint a chur chun cinn gur diúltaíodh dá iarratas roimhe sin gan aird a thabhairt ar bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais, ós rud é nach bhféadfaí argóint den sórt sin a ardú le linn scrúdú a dhéanamh ar an iarratas roimhe.

47      Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach bhfuil aon locht ar an iarratasóir de réir bhrí Airteagal 40(4) de Threoir 2013/32 toisc nach raibh sé, i rith scrúdú ar an iarratas roimhe, ag brath ar bhreithiúnas a thug an Chúirt Bhreithiúnais cheana. Anuas ar an bhfíoras go gcaithfear an coincheap lochta sin a léiriú ar bhealach cúng i gcomhréir leis an méid a dúradh i míreanna 34 agus 35 den bhreithiúnas seo, tharlófaí cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais arís dá nglacfaí le dearcadh níos leithne ar an gcoincheap sin, cé gur faoin údarás cinntitheach agus na cúirteanna inniúla atá sé na fíorais atá ar fáil dóibh ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Aontais chun na breithiúnais ábhartha ón gCúirt a chur i bhfeidhm.

48      Ina theannta sin, leanann sé ón gcásdlí gur féidir breithiúnas ón gCúirt a bheith ina eilimint nua, de réir bhrí Airteagal 33(2) agus Airteagal 40(2) agus (3) de Threoir 2013/32, fiú mura ndearna an t‑iarratasóir tagairt i rith a iarratais iardain don bhreithiúnais seo (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság, C‑924/19 PPU agus C‑925/19 PPU, EU:C:2020:367, mír 195).

49      Ba cheart a mheabhrú, áfach, mar a cuireadh in iúl i mír 31 den bhreithiúnas seo, ionas go mbeidh iarratas iardain inghlactha, caithfear freisin, i gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Threoir 2013/32, ‘go méadaíonn na heilimintí nó na torthaí nua go suntasach an dóchúlacht go gcáileoidh an t‑iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta faoi Threoir [2011/95]’[Aistriúchán neamhoifigiúil].

50      Mar is léir ó aithris 36 de Threoir 2013/32, mheas reachtóir an Aontais Eorpaigh go mbeadh sé díréireach oibleagáid a chur ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar shubstaint aon iarratais iardain. B’amhlaidh an cás, d’fhonn cosc a chur ar an údarás inniúil a iarratas iardain a dhiúltú toisc é a bheith do-ghlactha ar bhonn Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32, gur leor don iarratasóir brath ar aon eilimint nó toradh nua, beag beann ar a ábharthacht maidir leis na coinníollacha is gá chun cáiliú le haghaidh cosaint idirnáisiúnta.

51      I gcás ina mbraitheann an t‑iarratasóir ar bhreithiúnas ón gCúirt mar eilimint nua de réir bhrí Airteagal 33(2) agus Airteagal 40(2) agus (3) de Threoir 2013/32, dá bhrí sin, cuireann coinníoll den sórt sin teorainn leis an oibleagáid scrúdú a dhéanamh ar shubstaint an iarratais iardain do chásanna ina ndealraíonn sé go bhfuil léiriú dhlí an Aontais a thugtar sa bhreithiúnas sin ábhartha don mheasúnú ar shubstaint an iarratais sin.

52      Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a mheas an eilimint nua é breithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís Mhíleata agus Tearmainn) (C‑238/19, EU:C:2020:945), ar a bhfuil an t‑iarratasóir ag brath sna príomhimeachtaí chun tacú lena iarratas iardain, agus a d’fhéadfadh cur go mór leis an dóchúlacht go gcáileoidh sé do stádas dídeanaí.

53      Sa mhéid is go mbraitheann an measúnú sin ar léiriú bhreithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís Mhíleata agus Tearmainn) (C‑238/19, EU:C:2020:945), go háirithe sa mhéid is go gcinneann sé, i mír 61 de, go bhfuil ‘toimhde láidir’ ann go bhfuil an diúltú ar sheirbhís mhíleata a chomhlíonadh faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 9(2)(e) de Threoir 2011/95 nasctha le ceann de na forais a liostaítear in Airteagal 10 den Treoir sin, ní mór a chur in iúl don chúirt a rinne an tarchur, leis an gcinneadh sin, a rinneadh freisin i mír 60 den bhreithiúnas sin, nár luaigh an Chúirt ach go bhfuil ‘dóchúlacht mhór’ ann, sna himthosca thuasluaite, go bhfuil an nasc sin ann agus nach raibh sé ar intinn aici toimhde dhofhrisnéise a leagan síos nó a measúnú ar an bpointe sin a chur in ionad mheasúnú na n‑údarás náisiúnta inniúil. Mheabhraigh an Chúirt, dá bhrí sin, san abairt dheireanach de mhír 61 den bhreithiúnas atá i gceist, gur faoi na húdaráis sin atá sé, i bhfianaise na n‑imthosca go léir atá i gceist, inchreidteacht an naisc sin a fhíorú.

54      I bhfianaise na mbarúlacha thuas, is é an freagra ar an gcéad dá cheist nach mór Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) de Threoir 2013/32 a léiriú sa chaoi gur eilimint nua, de réir bhrí na bhforálacha sin, atá in aon bhreithiúnas ón gCúirt, lena n‑áirítear breithiúnas atá teoranta do léiriú ar fhoráil de dhlí an Aontais a bhí i bhfeidhm cheana tráth ar glacadh cinneadh maidir le hiarratas roimhe, beag beann ar an dáta a rinneadh é, má mhéadaíonn sé go suntasach an dóchúlacht go gcáileoidh an t‑iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta.

 An tríú ceist

55      Lena tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 46(1)(a)(ii) de Threoir 2013/32 le léiriú sa chaoi go gceadaítear leis, nó an éilítear leis fiú, go bhféadfaidh an chúirt náisiúnta inniúil, nuair a neamhníonn sí cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas iardain toisc é a bheith do-ghlactha, rialú a thabhairt ar an iarratas sin gan an scrúdú a tharchur chuig an údarás cinntitheach. Iarrann sí freisin, sa chás sin, an gcaithfidh an t‑iarratasóir tairbhe a bhaint as na ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear i gCaibidil II de Threoir 2013/32.

56      Ba cheart a mheabhrú, faoi Airteagal 46(1)(a)(ii) de Threoir 2013/32, nach mór an ceart ar leigheas éifeachtach a bheith ag iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i gcoinne cinntí maidir le do-ghlacthacht a n‑iarratais iardain arna nglacadh de bhun Airteagal 33(2) den Treoir sin.

57      Faoi Airteagal 46(3) den Treoir sin, ní mór a áireamh ar an leigheas sin, chun bheith éifeachtach, scrúdú iomlán ex nunc arna dhéanamh ag an gcúirt inniúil náisiúnta ar fhíorais agus ar phointí dlí araon, lena n‑áirítear, más infheidhme, scrúdú ar riachtanais cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir 2011/95.

58      Dá bhrí sin, ceanglaítear ar na Ballstáit, faoi Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, a ndlí náisiúnta a eagrú sa chaoi go mbeidh scrúdú le déanamh ag an mbreitheamh i bpróiseáil na n‑achomharc atá i gceist ar gach ábhar fíorais agus dlí a chuireann ar a chumas dó measúnú cothrom le dáta a dhéanamh ar an gcás atá i gceist, ionas go bhféadfar déileáil go huileghabhálach leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta gan an cás a tharchur ar ais chuig an údarás cinntitheach. Tá léiriú den sórt sin i bhfabhar an chuspóra a shaothraítear le Treoir 2013/32, lena áirithiú go ndéileálfar leis na hiarratais sin a luaithe is féidir, gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus uileghabhálach a bheith á dhéanamh (breithiúnas an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, mír 53).

59      Mar sin féin, ní bhaineann Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32 ach le scrúdú ar an gcaingean agus ní bhaineann sé le toradh aon neamhnithe ar an gcinneadh is ábhar don chaingean seo (breithiúnais an 25 Iúil 2018, Alheto, C‑585/16, EU:C:2018:584, mír 145, agus an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, mír 54).

60      Ní mór a thabhairt faoi deara, dá bhrí sin, agus Treoir 2013/32 á glacadh, nach raibh sé i gceist ag reachtóir an Aontais riail choiteann a thabhairt isteach gur cheart don údarás cinntitheach a inniúlacht a chailleadh tar éis an cinneadh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith curtha ar neamhní, agus mar thoradh air sin go bhfuil sé fós ar oscailt do na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcaithfear an comhad a tharchur, tar éis neamhniú den sórt sin, chuig an údarás sin chun cinneadh nua a dhéanamh (breithiúnais an 25 Iúil 2018, Alheto, C‑585/16, EU:C:2018:584, mír 146, agus an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, mír 54).

61      Cé go dtugann Treoir 2013/32 solúbthacht áirithe do na Ballstáit, go háirithe, maidir leis na rialacha a bhaineann le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh i gcás ina bhfuil cinneadh níos luaithe maidir leis an iarratas sin curtha ar neamhní ag cúirt, ba cheart a thabhairt faoi deara, d’ainneoin na solúbthachta sin, go gceanglaítear ar na Ballstáit, agus an Treoir sin á cur chun feidhme, Airteagal 47 den Chairt a urramú, lena chumhdaítear, i bhfabhar gach duine a ndéantar a chearta agus a shaoirsí a ráthaítear le dlí AE a shárú, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte. Dá bhrí sin, ní mór saintréithe na leigheasanna dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Threoir 2013/32 a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. Dá bhrí sin, ní mór do gach Ballstát atá faoi cheangal ag an Treoir sin a dhlí náisiúnta a eagrú sa chaoi is go nglacfar cinneadh nua, i ndiaidh neamhniú den chinneadh roimhe sin agus i gcás ina ndéantar an cás a tharchur ar ais chuig an údarás cinntitheach, laistigh de thréimhse ghearr agus go bhfuil sé ag teacht leis an measúnú atá sa bhreithiúnas lena gcuirtear an cinneadh ar neamhní (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, míreanna 55 agus 59).

62      Thairis sin, trí fhoráil a dhéanamh, in Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, go gceanglaítear ar an gcúirt inniúil rialú ar achomharc i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta scrúdú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar ‘riachtanais cosanta idirnáisiúnta’ an iarratasóra, bhí sé beartaithe ag reachtóir an Aontais an chumhacht a thabhairt don chúirt sin, i gcás ina measann sí go bhfuil na gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla uile is gá i ndáil leis sin aici, chun rialú ceangailteach a thabhairt, tar éis scrúdú iomlán agus ex nunc, is é sin le rá, scrúdú uileghabhálach agus suas chun dáta ar na gnéithe sin, an gcomhlíonann an t‑iarratasóir sin na coinníollacha a leagtar síos le Treoir 2011/95 maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú. Dá bhrí sin, i gcás inar chinn an chúirt sin, tar éis scrúdú den sórt sin a dhéanamh, gur cheart stádas dídeanaí nó tairbhí cosanta coimhdí a aithint, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i dTreoir 2011/95, ar na forais ar a bhfuil sé ag brath chun tacú lena iarratas agus go gcuireann an chúirt chéanna an cinneadh lena ndiúltaítear an t‑iarratas sin ar neamhní agus go dtarchuireann sí an comhad chuig an údarás atá freagrach as an bpróiseáil, tá an t‑údarás sin, faoi réir ábhar fíorais nó dlí a thagann chun cinn lena n‑éilítear measúnú nua, oibiachtúil agus suas chun dáta, faoi cheangal ag an gcinneadh breithiúnach sin agus na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus nach bhfuil rogha aige a thuilleadh i dtaobh an ndeonófar nó nach ndeonófar an chosaint atá á lorg i bhfianaise na bhforas céanna a cuireadh faoi bhráid na cúirte sin (breithiúnas an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, míreanna 65 agus 66).

63      Dá bhrí sin, cé gur faoi gach Ballstát atá sé a chinneadh an bhféadfaidh an chúirt a chuir an cinneadh maidir le do-ghlacthacht iarratais iardain ar neamhní an t‑iarratas sin a dheonú nó a dhiúltú ar fhoras eile nó, ar a mhalairt, nach mór don chúirt sin an t‑iarratas sin a tharchur chuig an údarás cinntitheach lena athbhreithniú, ceanglaítear fós sa chás seo ar an údarás sin cinneadh breithiúnach den sórt sin agus na forais ar a bhfuil sé bunaithe a urramú.

64      Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 40(3) de Threoir 2013/32 ar an údarás a scrúdaíonn iarratas iardain a mheasadh a bheith inghlactha, leanúint ar aghaidh leis an scrúdú ar an iarratas sin i gcomhréir le forálacha Chaibidil II den Treoir sin.

65      Dá bhrí sin, más rud é, tar éis di an cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas iardain toisc é a bheith do-ghlactha a chur ar neamhní, go gcinnfidh an chúirt inniúil, faoi na coinníollacha dá dtagraítear i mír 62 den bhreithiúnas seo, rialú a thabhairt ar shubstaint an iarratais seo, ní mór don chúirt sin a áirithiú, mutatis mutandis, go gcomhlíonfar na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí bunúsacha dá bhforáiltear i gCaibidil II de Threoir 2013/32. Is amhlaidh an cás fiú nuair, de bhua a dlí náisiúnta, nach bhfuil an chumhacht ag an gcúirt sin an t‑iarratas a dhiúltú nó tairbhe na cosanta idirnáisiúnta a dheonú don iarratasóir, ós rud é go bhfuil údarás inniúil a fhaigheann an comhad d’fhonn glacadh leis nó diultú dó faoi cheangal ag an gcinneadh breithiúnach agus na forais ar a bhfuil sé bunaithe.

66      Ní mór a thabhairt faoi deara, i bhfianaise cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur ina leith sin, in éagmais agallamh pearsanta os comhair an údaráis chinntithigh, dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 2013/32, sa chás amháin ina ndéantar an t‑agallamh sin os comhair na cúirte a éisteann achomharc i gcoinne an chinnidh do-ghlacthachta a ghlac an t‑údarás sin agus i gcomhréir leis na coinníollacha uile a leagtar síos i dTreoir 2013/32, gur féidir éifeachtacht an chirt éisteacht a chinntiú ag an gcéim sin de na himeachtaí (breithiúnas an 16 Iúil 2020, Addis, C‑517/17, EU:C:2020:579, mír 71). Mar sin féin, is léir freisin ó Airteagal 14(2)(a) den Treoir sin go bhféadfar an t‑agallamh sin a tharscaoileadh i gcás ina bhfuil an chúirt sin in ann cinneadh dearfach a dhéanamh maidir le stádas dídeanaí ar bhonn na fianaise atá ar fáil.

67      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar an tríú ceist nach mór Airteagal 46(1)(a)(ii) de Threoir 2013/32 a léiriú sa chaoi go gceadaítear do na Ballstáit, ach nach gceanglaítear orthu, cumhacht a thabhairt dá gcúirteanna cinneadh a dhéanamh ar an iarratas iad féin, i gcás ina gcuireann siad cinneadh ar neamhní lena ndiúltaítear iarratas iardain toisc é a bheith do-ghlactha, gan iallach a bheith orthu scrúdú an iarratais sin a tharchur chuig an údarás cinntitheach, ar choinníoll go gcomhlíonann na cúirteanna sin na ráthaíochtaí a leagtar síos le forálacha Chaibidil II den Treoir sin.

 Costais

68      Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) de Threoir 2013/32/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is eilimint nua é aon bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, lena náirítear breithiúnas atá teoranta do léiriú ar fhoráil de dhlí an Aontais a bhí i bhfeidhm cheana tráth ar glacadh cinneadh maidir le hiarratas roimhe, beag beann ar an dáta a rinneadh é, má mhéadaíonn sé go suntasach an dóchúlacht go gcáileoidh an tiarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta.

2.      Maidir le hAirteagal 46(1)(a)(ii) de Threoir 2013/32,

ní mor léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ceadaítear do na Ballstáit, ach ní cheanglaítear orthu, cumhacht a thabhairt dá gcúirteanna cinneadh a dhéanamh ar an iarratas iad féin, i gcás ina gcuireann siad cinneadh ar neamhní lena ndiúltaítear iarratas iardain toisc é a bheith do-ghlactha, gan iallach a bheith orthu scrúdú an iarratais sin a tharchur chuig an údarás cinntitheach, ar choinníoll go gcomhlíonann na cúirteanna sin na ráthaíochtaí a leagtar síos le forálacha Chaibidil II den Treoir sin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis.