Language of document : ECLI:EU:C:2024:122

Cás C-216/22

A. A.

v

Bundesrepublik Deutschland,

(Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Cottbus)

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Feabhra 2024

(Tarchur chun réamhrialú – Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Treoir 2013/32/AE – Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) – Iarratas iardain – Coinníollacha chun iarratas den sórt sin a dhiúltú toisc é a bheith do-ghlactha – Coincheap ‘eilimint nó toradh nua’ – Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais ar cheist maidir le léiriú ar dhlí an Aontais – Airteagal 46 – Ceart ar leigheas éifeachtach – Inniúlacht na cúirte náisiúnta chun rialú ar shubstaint iarratais den sórt sin i gcás neamhdhleathacht an chinnidh lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith do-ghlactha – Ráthaíocht nóis imeachta – Airteagal 14(2))

1.        Rialuithe teorann, tearmainn agus inimirce – Beartas maidir le tearmann – Nósanna imeachta chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Treoir 2013/32 – Nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú – Iarratas a bhféadfaidh na Ballstáit a mheas a bheith do-ghlactha – Cúis – Iarratas iardain nach dtagraíonn d’aon eilimint nó toradh nua – Coincheap ‘eilimint nua’ – Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha atá ag teastáil chun stádas tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a fháil – Breithiúnas maidir le léiriú forála a bhí i bhfeidhm cheana an tráth a glacadh cinneadh roimhe sin – Cuimsiú – Dáta an bhreithiúnais – Easpa tionchair

[Treoir 2013/32 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Airteagal 2(f), 33(2)(d) agus 40(2) agus (3)]

(féach míreanna 38, 40, 39 - 44, 49, 54, cuid oibríochtúil 1)

2.        Rialuithe teorann, tearmainn agus inimirce – Beartas maidir le tearmann – Nósanna imeachta chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Treoir 2013/32 – Achomharc in aghaidh cinnidh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Ceart ar leigheas éifeachtach – Neamhniú an chinnidh lena ndiúltaítear d’iarratas iardain toisc é a bheith do-ghlactha – Oibleagáid an scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tharchur ar ais chuig an údarás cinntitheach – Neamhláithreacht – Féidearthacht do Bhallstáit cumhacht a thabhairt dá gcúirteanna cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas sin iad féin – Cáilitheacht – Na ráthaíochtaí a leagtar síos le forálacha Chaibidil II den Treoir sin a urramú

[an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 47; Treoir 2013/32 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 40 (3) agus 46(1)(a)(ii) agus (3)]

(féach míreanna 58-65, 67, 2)

Résumé

Maidir leis an tarchur chun réamhrialú ó Verwaltungsgericht Sigmaringen (Cúirt Riaracháin Sigmaringen, an Ghearmáin), rialaíonn an Chúirt agus í ina suí mar Mhór-Dhlísheomra an eilimint nua é réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais a thugann le tuiscint nach mór iarratas iardain ar thearmann a scrúdú agus gan é a dhiúltú toisc é a bheith do-ghlactha.

Rinne náisiúnach de chuid na Siria iarratas ar thearmann sa Ghearmáin an 26 Iúil 2017. Le linn a agallaimh le húdarás inniúil na Gearmáine, mhínigh sé go ndearna sé a sheirbhís mhíleata sa tSiria idir 2003 agus 2005 agus gur fhág sé an tír sin ar eagla go ndéanfaí é a ath-shlógadh le haghaidh seirbhís mhíleata nó go ngabhfaí é dá ndiúltódh sé a dhualgais mhíleata a chomhlíonadh. Tar éis dó an tSiria a fhágáil, dúirt a athair leis gur sheol na húdaráis mhíleata toghairm chuige.

Le cinneadh an 16 Lúnasa 2017, thug údarás inniúil na Gearmáine cosaint choimhdeach don iarratasóir, ach dhiúltaigh sé stádas dídeanaí a thabhairt dó. Chinn sé, go háirithe, nach raibh aon chúis ann glacadh leis, tar éis dó an tSiria a fhágáil sular iarradh air dul isteach in arm na Siria arís, go measfaí an iarratasóir ina thír féin mar thréigtheoir nó mar dhuine a bhí i gcoinne an réimis. Thairis sin, níor léirigh sé gurbh é an coinscríobh an chúis lena imeacht. Go deimhin, níor thagair sé, go ginearálta, ach do chúrsaí dainséaracha a d’eascair as an gcogadh sa tSiria.

Níor thionscain an t-iarratasóir caingean in aghaidh an chinnidh sin, ar cinneadh críochnaitheach é sa deireadh. Mar sin féin, rinne sé iarratas nua ar thearmann an 15 Eanáir 2021 (‘iarratas iardain ar thearmann’) agus é ag brath ar bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís Mhíleata agus Tearmainn) (1). Mhaígh sé, sa bhreithiúnas sin, go raibh sé ráite ag an gCúirt Bhreithiúnas go bhfuil, i gcúinsí áirithe, ‘toimhde láidir’ ann go bhfuil baint ag diúltú seirbhíse míleata le ceann de na cúiseanna leis an ngéarleanúint a liostaítear in Airteagal 10 de Threoir 2011/95 (2).

Le cinneadh an 22 Márta 2021, dhiúltaigh údarás inniúil na Gearmáine d’iarratas iardain an iarratasóra ar thearmann toisc é a bheith do-ghlactha ar an bhforas nár thug breithiúnas na Cúirte le tuiscint go raibh gá di scrúdú a dhéanamh ar shubstaint an iarratais sin.

Maidir leis an gcaingean a thug an t-iarratasóir i gcoinne an chinnidh sin, tá amhras ar Chúirt Riaracháin Sigmaringen, an chúirt a rinne an tarchur, an féidir le breithiúnas ón gCúirt, a bhfuil srian léi foráil de dhlí an Aontais a bhí i bhfeidhm tráth a glacadh an cinneadh maidir leis an iarratas roimhe sin amháin a léiriú, a mheas gur ‘eilimint nó toradh nua’ é lena gcuirtear cosc ar an bhféidearthacht diúltú d’iarratas iardain ar thearmann toisc é a bheith do-ghlactha.

Breithniú na Cúirte

Meabhraíonn an Chúirt, ar an gcéad dul síos, gur léir ó fhoclaíocht agus ó chuspóir Airteagal 33(2) de Threoir 2013/32 agus ó scéim na Treorach sin go maolaíonn an fhéidearthacht iarratas ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear san fhoráil sin a dhiúltú ón oibleagáid substaint iarratais den sórt sin a scrúdú. Thug an Chúirt faoi deara cheana féin go leanann sé ó nádúr uileghabhálach an liosta san fhoráil sin agus ó chineál maolaitheach na bhforas do-ghlacthachta go n-áirítear sa liosta sin nach mór na forais sin a léiriú go docht (3). Dá réir sin, ní mór na cásanna ina n-éilítear le Treoir 2013/32 go measfaí go bhfuil iarratas iardain inghlactha a léiriú go leathan.

Chomh maith leis sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32 agus, go háirithe, ó úsáid an natha ‘eilimint nó toradh nua’ go dtagraíonn an fhoráil sin ní hamháin d’athrú fíricí ar imthosca pearsanta iarratasóra nó ar chúinsí pearsanta a thír, ach d’eilimintí dlíthiúla nua freisin.

Is léir, go háirithe, ón gcásdlí nach féidir a dhearbhú go bhfuil iarratas iardain do-ghlactha, faoi Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32 (4), i gcás ina gcinneann an t-údarás cinntitheach, de réir bhrí na Treorach sin (5), go bhfuil diúltú iomlán an iarratais roimhe sin in aghaidh dhlí an Aontais. Is gá go mbeadh cinneadh den sórt sin ina cheangal ar an údarás sin i gcás ina n‑eascraíonn an choinbhleacht sin as breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais nó i gcás ina dtagann cúirt nó binse náisiúnta ar an gcoinbhleacht sin go teagmhasach (6).

Mar thoradh ar sin agus i gcomhthéacs ar leith Threoir 2013/32, d’fhéadfadh breithiúnas ón gCúirt teacht faoin gcoincheap d’eilimint nua de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) den Treoir sin (7). Beag beann ar cibé acu a tugadh an breithiúnas sin roimhe sin nó tar éis ghlacadh an chinnidh maidir leis an iarratas roimhe sin nó cibé an gcinneann an breithiúnas sin nach bhfuil foráil náisiúnta ar a raibh an cinneadh sin bunaithe ag luí le dlí an Aontais nó go bhfuil sí teoranta do léiriú dhlí an Aontais, lena n-áirítear an dlí a bhí i bhfeidhm cheana tráth a ghlacfar an cinneadh sin.

Mar sin féin, ionas go mbeidh iarratas iardain inghlactha, caithfear freisin, i gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Threoir 2013/32, ‘go méadaíonn na heilimintí nó na torthaí nua go suntasach an dóchúlacht go gcáileoidh an t‑iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta faoi Threoir [2011/95]’[Aistriúchán neamhoifigiúil].

Dá bhrí sin, is eilimint nua de réir bhrí Airteagal 33(2)(d) agus Airteagal 40(2) agus (3) de Threoir 2013/32 é aon bhreithiúnas ón gCúirt, lena n-áirítear breithiúnas atá teoranta do léiriú ar fhoráil de dhlí an Aontais a bhí i bhfeidhm cheana tráth ar glacadh cinneadh maidir le hiarratas roimhe sin, beag beann ar an dáta a rinneadh é, má mhéadaíonn sé go suntasach an dóchúlacht go gcáileoidh an t‑iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta.


1      Breithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís Mhíleata agus Tearmainn) (C-238/19, EU:C:2020:945).


2      Treoir 2011/95/AE an 13 Nollaig 2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9). In Airteagal 10 den Treoir sin, atá sa chaibidil dar teideal ‘Cáilitheacht mar dhídeanaí’, tá liosta eilimintí nach mór do na Ballstáit a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna leis an ngéarleanúint.


3      Féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Leanbh dídeanaithe, a rugadh lasmuigh den Stát óstach) (C-720/20, EU:C:2022:603, míreanna 49 agus 51).


4      Treoir 2013/32/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60). I gcomhréir le hAirteagal 33(2)(d) den Treoir sin, féadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil iarratas iardain ar chosaint idirnáisiúnta do-ghlactha i gcás nár eascair nó nár thug an t-iarratasóir ar aird eilimintí nó torthaí nua ar bith i dtaca leis an scrúdú ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn an t-iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir 2011/95/AE.


5      In Airteagal 2(f) de Threoir 2013/32 sainmhínítear ‘údarás cinntitheach’ mar ‘aon chomhlacht gar-bhreithiúnach nó riaracháin i mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá inniúil chun cinntí a dhéanamh ag an gcéad chéim i gcásanna den sórt sin’.


6      Féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság (C-924/19 PPU agus C-925/19 PPU, EU:C:2020:367, míreanna 198 agus 203).


7      Áirítear in Airteagal 40 de Threoir 2013/32 forálacha maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas iardain.