Language of document : ECLI:EU:C:2024:139

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra)

20 Feabhra 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 1999/70/CE – Comhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe a thug CEC, UNICE agus CEEP chun críche – Clásal 4 – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Difríocht cóireála i gcás dífhostú – Conradh fostaíochta ar théarma socraithe a fhoirceannadh – Easpa oibleagáide cúiseanna a lua maidir leis an bhfoirceannadh – Athbhreithniú breithiúnach – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)

I gCás C‑715/20,

iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Sąd Rejonowy dla Krakowa – Nowej Huty w Krakowie (Cúirt Dúiche, Kraków – Nowa Huta, Kraków, an Pholainn), trí bhreith an 11 Nollaig 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 18 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir

K.L.

agus

X sp. z o.o.,

Tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, E. Regan, F. Biltgen, N. Piçarra, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, P. G. Xuereb, L. S. Rossi, A. Kumin (Rapóirtéir), N. Wahl, I. Ziemele, J. Passer agus D. Gratsias, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: G. Pitruzzella,

Cláraitheoir: M. Siekierzyńska, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 22 Samhain 2022,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, J. Lachowicz agus A. Siwek-Ślusarek, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag D. Martin, D. Recchia agus A. Szmytkowska, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 30 Márta 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú Chlásal 4 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe, arna tabhairt i gcrích an 18 Márta 1999 (‘an Comhaontú Réime’), atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna tabhairt i gcrích ag CES, UNICE agus CEEP (IO 1999 L 175, lch. 43), agus le léiriú Airteagail 21 agus 30 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2        Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir K.L., oibrí a dífhostaíodh agus X sp. z o.o., cuideachta faoi dhliteanas teoranta sa Pholainn agus iarfhostóir K.L., maidir le foirceannadh an chonartha fostaíochta ar théarma socraithe idir an oibrí sin agus an chuideachta sin.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 1999/70/CE

3        De bhun aithris 14 de Threoir 1999/70:

‘ba mhian leis na páirtithe sínitheacha comhaontú réime a thabhairt i gcrích maidir le hobair ar théarma socraithe lena leagtar amach na prionsabail ghinearálta agus na híoscheanglais do chonarthaí fostaíochta ar théarma socraithe agus do chaidrimh fostaíochta; tá sé léirithe acu gur mian leo caighdeán na hoibre ar théarma socraithe a fheabhsú trí chur i bhfeidhm phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú, agus creat a bhunú chun cosc a chur ar mhí-úsáid a eascraíonn as conarthaí nó caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe a úsáid i ndiaidh a chéile’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 1999/70:

‘Is é cuspóir na Treorach seo an [Comhaontú Réime] a chur chun feidhme.’

 An Comhaontú Réime

5        Sa tríú fomhír 3 sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú Réime, foráiltear don mhéid seo a leanas:

‘Sa Chomhaontú seo, leagtar amach na prionsabail ghinearálta agus na híoscheanglais maidir le hobair ar théarma socraithe, agus aithnítear nach mór réaltachtaí staideanna sonracha náisiúnta, earnála agus séasúracha a chur san áireamh agus iad a chur i bhfeidhm go sonrach. Léirítear toilteanas na gComhpháirtithe Sóisialta creat ginearálta a bhunú chun cóir chomhionann a áirithiú d’oibrithe ar théarma socraithe trína gcosaint ar idirdhealú agus trí chonarthaí fostaíochta ar théarma socraithe a úsáid ar bhonn atá inghlactha d’fhostóirí agus d’oibrithe.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Faoi Chlásal 1 den Chomhaontú Réime, is é cuspóir don chomhaontú sin, ar an gcéad dul síos, caighdeán na hoibre ar théarma socraithe a fheabhsú trí cur i bhfeidhm phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú agus, ar an dara dul síos, creat a bhunú chun cosc a chur ar mhí-úsáid a eascraíonn as conarthaí nó caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe a úsáid i ndiaidh a chéile.

7        Foráiltear le Clásal 2(1) den Chomhaontú Réime sin, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘Baineann an chomhaontú seo le hoibrithe ar théarma socraithe a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta leo mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát.’

8        Foráiltear le clásal 3 den Chomhaontú Réime sin:

‘Chun críocha an Chomhaontaithe seo, ciallaíonn:

1.      “buan‑oibrí” duine a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta ar théarma socraithe aige a dhéantar go díreach idir fostóir agus oibrí i gcás ina gcinntear deireadh an chonartha nó an chaidrimh fostaíochta de réir coinníollacha oibiachtúla amhail dáta ar leith a bhaint amach, cúram ar leith a chur i gcrích, nó teagmhas sonraithe tarlú.

2.      “oibrí ar feadh tréimhse éiginnte” oibrí a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh de thréimhse éiginnte aige, san eagraíocht chéanna, leis an obair/post céanna nó den chineál céanna, agus aird á tabhairt ar cháilíochtaí/scileanna. I gcás nach bhfuil aon bhuan‑oibrí inchomparáide sa bhunaíocht chéanna, déanfar an chomparáid trí thagairt don chomhaontú comhchoiteann is infheidhme, nó i gcás nach bhfuil aon chomhaontú comhchoiteann is infheidhme ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis na cleachtais náisiúnta.’

9        Foráiltear le Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime sin, dar teideal ‘Prionsabal an neamh-idirdhealaithe’:

‘Maidir le coinníollacha fostaíochta, ní dhéileálfar le hoibrithe ar théarma socraithe ar bhealach is lú fabhar ná le buanoibrithe inchomparáide toisc go bhfuil conradh nó caidreamh ar théarma socraithe acu, ach amháin má tá bonn cirt le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla.’

 Dlí na Polainne

10      De bhun Airteagal 8 den ustawa – Kodeks pracy (Dlí lena mbunaítear Cód Saothair) an 26 Meitheamh 1974 (Dz. U. Uimh. 24, mír 141), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (Dz. U. de 2020, mír 1320, arna leasú) (‘an Cód Saothair’), ní féidir ceart a fheidhmiú atá contrártha lena chuspóir socheacnamaíoch nó le neamhaird ar phrionsabail an tsaoil sa tsochaí.

11      Luaitear in Airteagal 183a(1) agus (2) den Chód Saothair:

‘§1.      Ba cheart cóir chomhionann a thabhairt d’oibrithe maidir le caidreamh fostaíochta a bhunú agus a fhoirceannadh, coinníollacha fostaíochta agus coinníollacha ardaithe céime, chomh maith le rochtain ar oiliúint chun cáilíochtaí gairmiúla a fheabhsú, go háirithe gan beann ar inscne, aois, míchumas, cine, reiligiún, náisiúntacht, tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, tionscnamh eitneach, creideamh, treoshuíomh gnéasach, agus beag beann ar cé acu ar feadh téarma socraithe nó ar feadh téarma éiginnte nó ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha atá siad fostaithe.

§2.      Ciallóidh cóir chomhionann san fhostaíocht nach ndéanfar aon idirdhealú go díreach ná go hindíreach d’aon chineál ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1.’

12      Foráiltear le hAirteagal 183b(1) den Chód Saothair:

‘Faoi réir mhíreanna 2 go 4, measfar gur sárú ar phrionsabal na córa comhionainne san fhostaíocht é idirdhealú arna dhéanamh ag fostóir maidir le staid an oibrí ar cheann amháin nó níos mó de na forais dá dtagraítear in Airteagal 183a(1):

1)      diúltú ar chaidreamh fostaíochta a dhéanamh nó deireadh a chur le caidreamh fostaíochta,

2)      luach saothair míbhuntáisteach a shocrú nó téarmaí míbhuntáisteacha fostaíochta eile nó mainneachtain ardú céime a thabhairt nó sochair eile a bhaineann leis an obair a chur ar fáil,

3)      [...]

–        Mura léiríonn an fostóir go raibh sé bunaithe ar chúiseanna oibiachtúla.

[...]’

13      Foráiltear le hAirteagal 30 den Chód Saothair:

« 1.       . Déanfar conradh fostaíochta a fhoirceannadh:

1)      de chomhthoil na bpáirtithe ;

2)      trí dhearbhú ó cheann de na páirtithe lena n‑áirítear tréimhse fógra (conradh fostaíochta a fhoirceannadh le fógra) ;

3)      trí dhearbhú ó cheann de na páirtithe gan tréimhse fógra a áireamh (conradh fostaíochta a fhoirceannadh gan fógra) ;

4)      ar dhul in éag don tréimhse dár tugadh an conradh fostaíochta i gcrích.

[...]

3.       Déanfar dearbhú ó cheachtar páirtí maidir le fógra foirceanta conartha fostaíochta le fógra nó gan fógra a dhéanamh i scríbhinn.

4.       Luafar i ndearbhú ón bhfostóir maidir le fógra foirceanta conartha fostaíochta d’fhad éiginnte nó maidir le conradh fostaíochta a fhoirceannadh gan fógra, an chúis a thugann údar leis an bhfógra foirceanta.’

14      Foráiltear le hAirteagal 44(1) den Chód Saothair:

‘Féadfaidh an fostaí agóid a dhéanamh i gcoinne fhoirceannadh an chonartha fostaíochta os comhair na cúirte oibreachais [...]’

15      Foráiltear le hAirteagal 45(1), den Chód Saothair:

‘Má thaispeántar nach bhfuil bonn cirt le conradh fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte a fhoirceannadh nó go bhfuil sé contrártha do na forálacha maidir le conarthaí fostaíochta a fhoirceannadh, dearbhóidh an chúirt oibreachais, ar iarratas ón oibrí an foirceannadh a chur ar neamhní nó, má tá an conradh fostaíochta foirceanta cheana féin, post an oibrí a thabhairt ar ais de réir na gcoinníollacha a bhí aige roimhe, nó cúiteamh a íoc.’

16      Foráiltear le hAirteagal 50(3) den Chód Saothair:

‘Má dhéantar conradh fostaíochta ar théarma socraithe a fhoirceannadh de shárú ar na forálacha a bhaineann le foirceannadh conartha den sórt sin, ní bheidh an t‑oibrí i dteideal ach cúiteamh a fháil.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

17      Thug K.L. agus X conradh fostaíochta ar théarma socraithe agus páirtaimseartha i gcrích don tréimhse ón 1 Samhain 2019 go dtí an 31 Iúil 2022.

18      An 15 Iúil 2020, thug X fógra do K.L., an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, maidir le dearbhú an chonartha fostaíochta sin a foirceannadh, inar tugadh fógra míosa di. Tháinig an foirceannadh sin i bhfeidhm dá bhrí sin an 31 Lúnasa 2020, gan K.L. a chur ar an eolas faoi na cúiseanna leis an bhfoirceannadh.

19      Tar éis í a bhriseadh as a post, thug K.L. caingean os comhair an Sąd Rejonowy dla Krakowa – Nowej Huty w Krakowie (Cúirte Dúiche, Kraków – Nowa Huta, Kraków, an Pholainn), an chúirt a rinne an tarchur, ar chúiteamh ar bhonn Airteagal 50(3) den Chód Saothair lena líomhnaítear go raibh a dífhostú neamhdhleathach.

20      San iarratas sin, mhaígh K.L., ar an gcéad dul síos, go raibh earráidí foirmiúla i ndearbhú X a raibh neamhrialtacht mar thoradh air as ar eascair ceart chun cúitimh faoi Airteagal 50(3) den Chód Saothair. Ar an dara dul síos, d’áitigh sé, cé nach bhforchuirtear leis an gCód Saothair an oibleagáid ar fhostóirí na forais le haghaidh foirceannadh a lua i gcás foirceannadh conarthaí fostaíochta a tugadh i gcrích ar théarma socraithe, sháraigh easpa ráitis den sórt sin prionsabal an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear i ndlí an Aontais agus i ndlí na Polainne, ar an bhforas gurb ann don oibleagáid sin i gcás foirceannadh conarthaí fostaíochta ar thréimhse éiginnte.

21      Mhaígh X, ar an taobh eile, gur dhíbh sé an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí i gcomhréir le forálacha dhlí fostaíochta na Polainne a bhí i bhfeidhm, rud nach ndearna an t‑iarratasóir agóid ina leith.

22      Dearbhaíonn an chúirt a rinne an tarchur, san iarraidh ar réamhrialú, nach ndéanann an chúirt inniúil athbhreithniú ar fhoras an dífhostaithe, faoi dhlí na Polainne, i gcás caingean arna tabhairt ag oibrí i gcoinne fhoirceannadh a chonartha fostaíochta ar théarma socraithe, agus nach bhfuil an t‑oibrí lena mbaineann i dteideal aon chúiteamh a fháil mar gheall ar an easpa údair leis an dífhostú sin. Dá bhrí sin, bhainfí d’oibrí den sórt sin an chosaint a thagann as Airteagal 30 den Chairt, ar dá réir ‘tá an ceart ag gach oibrí cosaint a fháil ar dhífhostú gan údar maith, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta’.

23      Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara ina leith sin gur thug Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil, an Pholainn) breithiúnas maidir le comhlíonadh le Konstytucja Rzeczypospolitej Polskiej (Bunreacht Phoblacht na Polainne) an 2 Aibreán 1997 (Dz. U. de 1997, Uimh. 78, mír 483) (‘an Bunreacht’), d’Airteagal 30(4) den Chód Saothair, i bhfianaise na ndifríochtaí a leagtar síos san fhoráil sin i dtéarmaí ceanglas maidir le foirceannadh, ag brath ar an gcineál conartha fostaíochta lena mbaineann.

24      Sa bhreithiúnas sin, chinn an chúirt bhunreachtúil sin go bhfuil Airteagal 30(4) den Chód Saothair, a mhéid nach leagtar síos an oibleagáid an chúis le foirceannadh a shonrú i ndearbhú an fhostóra maidir le foirceannadh conartha fostaíochta ar théarma socraithe, agus Airteagal 50(3) den Chód sin, a mhéid nach ndéantar foráil ann maidir le ceart an oibrí chun cúitimh as conradh fostaíochta den sórt sin a fhoirceannadh gan údar, comhoiriúnach le hAirteagal 2 den Bhunreacht, lena gcumhdaítear prionsabal an smachta reachta dhaonlathaigh, agus le hAirteagal 32, lena leagtar síos prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí agus lena dtoirmisctear idirdhealú sa saol polaitiúil, sóisialta nó eacnamaíoch ar chúis ar bith.

25      Chinn an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) nach raibh aon bhunús ann ach oiread a mheas nach ndearnadh an difreáil a tugadh isteach, bunaithe ar shaintréith a bhaineann le fad na fostaíochta, i gcomhréir le critéar ábhartha de réir bhrí Airteagal 32 den Bhunreacht.

26      Sa chomhthéacs sin, luann an chúirt a rinne an tarchur, i mbreithiúnas a tugadh in 2019, gur chuir an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn), ar an taobh eile, amhras in iúl maidir le cur chun feidhme ceart Chlásal 4 den Chomhaontú Réime i ndlí na Polainne agus, dá bhrí sin, maidir le comhréireacht fhorálacha ábhartha an Chóid Saothair le dlí an Aontais. É sin ráite, dúirt an chúirt uachtarach sin nach féidir a cheangal ar eintiteas nach cuid den Stát é, amhail fostóir príobháideach, freagra a thabhairt ar an neamhdhleathacht a bhaineann le trasuí mícheart de Threoir 1999/70 sa dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an chúirt uachtarach sin cur i bhfeidhm Airteagal 30(4) den Chód Saothair a chur as an áireamh sa chás as ar eascair an breithiúnas sin, ós rud é nach féidir fiú foráil shoiléir, bheacht agus neamhchoinníollach de threoir atá beartaithe cearta a thabhairt do dhaoine aonair nó oibleagáidí a fhorchur ar dhaoine aonair a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs díospóid idir daoine aonair amháin.

27      Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin nach mór, sa chomhthéacs sin, breithiúnais an 22 Eanáir 2019, Cresco Investigation (C‑193/17, EU:C:2019:43), agus an 19 Aibreán 2016, DI (C‑441/14, EU:C:2016:278) a chur san áireamh. Maidir leis sin, sonraíonn sí go luaitear go sainráite in Airteagal 21 den Chairt go bhfuil na critéir a bhfuil toirmeasc ar a gcur i bhfeidhm chun idirdhealú a dhéanamh idir oibrithe, a bhí faoi réir an dá bhreithiúnas sin, eadhon reiligiún sa chás ba chúis le breithiúnas an 22 Eanáir 2019, Cresco Investigation (C‑193/17, EU:C:2019:43), agus aois, sa chás ba chúis le breithiúnas an 19 Aibreán 2016, DI (C‑441/14, EU:C:2016:278), cé nach bhfuil caidreamh fostaíochta faoi chonradh fostaíochta ar théarma socraithe i measc na gcritéar dá dtagraítear san fhoráil sin. Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, áfach, cé go leagtar síos le hAirteagal 21(1) den Chairt an toirmeasc ar idirdhealú, nach liosta uileghabhálach é liosta na gcritéar a luaitear in Airteagal 21(1), mar a léirítear le húsáid an dobhriathair ‘go háirithe’ san fhoráil sin.

28      Ar deireadh, tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim, má léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais an Comhaontú Réime sa chiall go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí gan soiléiriú a dhéanamh ar an gceist maidir le héifeacht dhíreach chothrománach reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a bhfuil a léiriú á lorg, go mbeadh feidhm ag dhá chóras ar leith chun conarthaí ar théarma socraithe a fhoirceannadh faoi dhlí na Polainne ag brath ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil de dhéantús an Stáit é an fostóir.

29      Sna himthosca sin, chinn Sąd Rejonowy dla Krakowa – Nowej Huty w Krakowie (Cúirt Dúiche, Kraków – Nowa Huta, Kraków) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.      An gá Airteagal 1 de Threoir [1999/70/CE] ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime i dtaca le hobair ar théarma socraithe a thug Cónaidhm na nGnóthas Eorpach (UNICE), Lárionad Eorpach na bhFiontar a bhfuil Rannpháirtíocht Phobail iontu agus na bhFiontar ar Mhaithe le Leas Eacnamaíoch i gCoitinne (CEEP) agus Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CES) chun críche agus Clásail 1 agus 4 den Chomhaontú Réime sin a léiriú mar choisc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar fhostóir na cúiseanna a lua i scríbhinn ó thaobh an chinnidh conradh fostaíochta a fhoirceannadh i ndáil le conarthaí fostaíochta arna dtabhairt i gcrích go ceann tréimhse éiginnte amháin, agus, dá réir sin, an t‑athbhreithniú breithiúnach ar dhlisteanacht na bhforas le tarraingt siar ó chonarthaí tréimhse éiginnte, gan foráil a dhéanamh go comhuaineach don oibleagáid sin atá ar an bhfostóir na cúiseanna a lua maidir le conarthaí fostaíochta a tugadh i gcrích ar feadh téarma socraithe (mar sin níl ach an ghné a bhaineann le comhlíonadh na tarraingthe siar leis na forálacha maidir le tarraingt siar ó chonarthaí faoi réir athbhreithniú breithiúnach)?

2.      An féidir leis na páirtithe brath ar Chlásal 4 den Chomhaontú Réime agus ar phrionsabal ginearálta dhlí an Aontais maidir le toirmeasc ar idirdhealú (Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh) i ndíospóid dhlíthiúil inar páirtithe príobháideacha iad an dá pháirtí agus, dá bhrí sin, an bhfuil éifeacht chothrománach ag na forálacha sin?’

 Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

30      De réir cásdlí socair, sa nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra fónta a thabhairt don chúirt náisiúnta lena gcuirfear ar a cumas an díospóid atá os a comhair a chinneadh. Chuige sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCúirt na ceisteanna a tarchuireadh chuici a athfhoirmliú. Toisc gur scríobh cúirt náisiúnta, go foirmiúil, ceist a tarchuireadh chun réamhrialú trí thagairt a dhéanamh d’fhorálacha áirithe de dhlí an Aontais, ní chuireann sé sin cosc ar an gCúirt Bhreithiúnais na léirithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúnamh le linn breithniú a dhéanamh ar an gcás os a comhair a chur ar fáil don chúirt sin, cibé acu ar tharchuir sí chucu i bhfoclaíocht a ceisteanna nó nach ndearna. Chuige sin, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé, ag féachaint ar an ábhar go léir a sholáthair an chúirt náisiúnta, agus go háirithe an t‑ábhar sa ráiteas ar na cúiseanna leis an ordú tarchuir, na heilimintí de dhlí an Aontais is gá a léiriú i bhfianaise ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí a tharraingt amach (breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nordic Info, C‑128/22, EU:C:2023:951, mír 99 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31      Sa chás seo, i bhfianaise na faisnéise go léir a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil agus do na barúlacha a chuir Rialtas na Polainne agus an Coimisiún Eorpach isteach, is gá, chun treoir úsáideach maidir le léiriú a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, na ceisteanna a tarchuireadh a athfhoirmliú.

32      Dá bhrí sin, gan bheith riachtanach rialú a thabhairt ar an iarraidh ar léirmhíniú ar Airteagal 21 den Chairt, ní mór a mheas, trína ceisteanna, ar iomchuí a scrúdú le chéile, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Clásal 4 den Chomhaontú Réime a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta nach gceanglaítear ar fhostóir cúiseanna a thabhairt i scríbhinn maidir le foirceannadh conartha fostaíochta ar théarma socraithe, cé go bhfuil sé faoi cheangal ag oibleagáid den sórt sin i gcás foirceannadh conartha fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte, agus an bhféadfar brath ar an gclásal sin i gcomhthéacs díospóid idir daoine aonair.

33      Ar an gcéad dul síos, ba cheart a choinneáil i gcuimhne go bhfuil feidhm ag an gcomhaontú réime maidir le gach oibrí a sholáthraíonn seirbhísí ar luach saothair i gcomhthéacs caidreamh fostaíochta ar théarma socraithe idir iad féin agus a bhfostóir (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Meitheamh 2022, Comunidad de Castilla y León, C‑192/21, EU:C:2022:513, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34      Sa chás seo, is comhthuiscint é gur measadh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, i gcomhthéacs a chaidrimh fostaíochta le X, mar oibrí atá fostaithe faoi chonradh ar théarma socraithe, de réir bhrí Chlásal 2(1) den Chomhaontú Réime, arna léamh i gcomhar le Clásal 3(1), agus gurb é an toradh a bhí air sin go dtagann an díospóid sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Réime sin.

35      Ar an dara dul síos, baineann an toirmeasc ar chóir is lú fabhar d’oibrithe ar théarma socraithe i gcomparáid leis an gcóireáil a thugtar d’oibrithe lánaimseartha, dá dtagraítear i gClásal 4 den Chomhaontú Réime le coinníollacha fostaíochta oibrithe. Dá bhrí sin, is gá a chinneadh an dtagann an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, a mhéid a rialaíonn sí foirceannadh conartha fostaíochta, faoin gcoincheap ‘coinníollacha fostaíochta’ de réir bhrí Chlásal 4 den Chomhaontú Réime.

36      Leanann sé ó fhoclaíocht agus ó chuspóir an Chlásail sin nach mbaineann sé leis an rogha conarthaí ar théarma socraithe a thabhairt i gcrích in ionad conarthaí fostaíochta ar théarma éiginnte, ach le coinníollacha fostaíochta oibrithe a bhfuil an chéad chineál conartha tugtha i gcrích acu i gcomparáid leis na hoibrithe atá fostaithe faoin dara cineál conartha (breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 2020, Universitatea ‘Lucian Blaga’ Sibiu agus páirtithe eile, C‑644/19, EU:C:2020:810, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37      I ndáil leis sin, is é an critéar cinntitheach chun a chinneadh an dtagann beart faoin gcoincheap ‘coinníollacha fostaíochta’ de réir bhrí Chlásal 4 den Chomhaontú Réime ná fostaíocht, eadhon an caidreamh fostaíochta arna bhunú idir oibrí agus a fhostóir (ordú an 18 Bealtaine 2022, Ministero dell’istruzione (Cárta leictreonach), C‑450/21, EU:C:2022:411, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38      Dá bhrí sin, chinn an Chúirt go gcumhdaítear leis an gcoincheap sin inter alia, an chosaint a thugtar d’oibrí i gcás dífhostú neamhdhleathach (breithiúnas an 17 Márta 2021, Consulmarketing, C‑652/19, EU:C:2021:208, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus na rialacha a bhaineann le cinneadh na tréimhse fógra is infheidhme i gcás foirceannadh conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe, chomh maith leis na rialacha a bhaineann leis an gcúiteamh a deonaíodh d’oibrí mar gheall ar fhoirceannadh a chonartha fostaíochta lena fhostóir, cúiteamh den sórt sin á íoc mar gheall ar an gcaidreamh fostaíochta eatarthu (breithiúnas an 25 Iúil 2018, Vernaza Ayovi, C‑96/17, EU:C:2018:603, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39      B’ionann léiriú ar Chlásal 4(1) den Chomhaontú Réime a eisiamh ón sainmhíniú ar an gcoincheap de ‘choinníollacha fostaíochta’ na coinníollacha a bhaineann le conradh fostaíochta ar théarma socraithe a fhoirceannadh agus raon feidhme cosanta a thugtar d’oibrithe ar théarma socraithe ar chóir nach bhfuil chomh fabhrach a laghdú d’ainneoin an chuspóra a shanntar don fhoráil sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Iúil 2018, Vernaza Ayovi, C‑96/17, EU:C:2018:603, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40      I bhfianaise an chásdlí sin, dá bhrí sin, tagann reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí faoin gcoincheap ‘coinníollacha fostaíochta’ de réir bhrí Chlásal 4(1) den Chomhaontú Réime. Foráiltear leis an reachtaíocht sin don chóras chun conradh fostaíochta a fhoirceannadh i gcás dífhostú, agus is é feidhm an chórais sin ná an caidreamh fostaíochta idir oibrí agus a fhostóir.

41      Ar an tríú dul síos, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, faoi Chlásal 1(a) den Chomhaontú Réime, gurb é ceann dá chuspóirí caighdeán na hoibre ar théarma socraithe a fheabhsú trína áirithiú go gcomhlíontar prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Ar an gcaoi chéanna, luaitear sa tríú fomhír sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú Réime go ‘léirítear léi toilteanas na gComhpháirtithe Sóisialta creat ginearálta a bhunú chun cóir chomhionann a áirithiú d’oibrithe ar théarma socraithe agus iad a chosaint ó idirdhealú’. Luaitear in Aithris 14 de Threoir 1999/70, chuige sin, gurb é is aidhm don Chomhaontú Réime, go háirithe, feabhas a chur ar chaighdeán na hoibre ar théarma socraithe trí íoscheanglais a leagan amach chun cur i bhfeidhm phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú (breithiúnas an 17 Márta 2021, Consulmarketing, C‑652/19, EU:C:2021:208, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42      Féachann an Comhaontú Réime, go háirithe Clásal 4, le prionsabal an neamh-idirdhealaithe a chur i bhfeidhm maidir le hoibrithe ar théarma socraithe chun cosc a chur ar fhostóir caidreamh fostaíochta den chineál sin a úsáid chun cearta a thugtar d’oibrithe buana a bhaint de na hoibrithe sin (breithiúnas an 3 Meitheamh 2021, Servicio Aragonés de Salud, C‑942/19, EU:C:2021:440, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43      Ina theannta sin, níl sa toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos i gClásal 4(1) den Chomhaontú Réime ach léiriú sonrach do phrionsabal ginearálta an chomhionannais a thagann faoi phrionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais (breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, Lufthansa CityLine, C‑660/20, EU:C:2023:789, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44      I bhfianaise na gcuspóirí sin, ní mór an clásal sin a thuiscint mar léiriú ar phrionsabal bunúsach de dhlí sóisialta an Aontais nach féidir a léiriú go sriantach (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, Lufthansa CityLine, C‑660/20, EU:C:2023:789, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

45      I gcomhréir le deireadh a chur le hidirdhealú idir oibrithe ar théarma socraithe agus le hoibrithe buana, leagtar síos leis an gclásal sin, a bhfuil éifeacht dhíreach aige, i mír 1, maidir le coinníollacha fostaíochta, cosc ar dhéileáil le hoibrithe ar théarma socraithe ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna le hoibrithe buana inchomparáide ar an bhforas amháin go bhfuil conradh ar théarma socraithe acu, ach amháin má tá údar le cóir éagsúil ar ‘fhorais oibiachtúla’ (féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Meán Fómhair 2011, Rosado Santana, C‑177/10, EU:C:2011:557, míreanna 56 agus 64, agus an 5 Meitheamh 2018, Montero Mateos, C‑677/16, EU:C:2018:393, mír 42).

46      Go sonrach, is gá scrúdú a dhéanamh, maidir leis an scéim foirceanta sin, cibé an dtagann difríocht sa chóir de bharr na reachtaíochta atá i gceist sna príomhimeachtaí arb ionann é agus cóir nach bhfuil chomh fabhrach sin d’oibrithe ar théarma socraithe i gcomparáid le hoibrithe buana inchomparáide, sula gcinnfear, i gcás inarb iomchuí, an féidir cóir éagsúil den sórt sin a dhlisteanú ar ‘fhorais oibiachtúla’.

47      Maidir le hinchomparáideacht na gcásanna lena mbaineann, ar an gcéad dul síos, chun measúnú a dhéanamh an ndéanann na daoine lena mbaineann an obair chéanna nó obair chomhchosúil, de réir bhrí an Chomhaontaithe Réime, is gá, de réir Chlásal 3(2) agus Chlásal 4(1), scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas, ag féachaint do roinnt tosca, amhail cineál na hoibre, na coinníollacha oiliúna agus fostaíochta, go bhfuil na daoine sin i staid inchomparáide [breithiúnais an 5 Meitheamh 2018, Grupo Norte Facility, C‑574/16, EU:C:2018:390, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 5 Meitheamh 2018, Montero Mateos, C‑677/16, EU:C:2018:393, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear].

48      Ag féachaint do chineál ginearálta na reachtaíochta atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena rialaítear faisnéis a thabhairt d’oibrithe a ndéantar a gconradh fostaíochta a fhoirceannadh i dtaca leis na forais lena dtugtar bonn cirt don fhoirceannadh sin, dealraíonn sé go mbaineann an reachtaíocht sin maidir le hoibrithe atá fostaithe faoi chonradh ar théarma socraithe a d’fhéadfadh a bheith inchomparáide le hoibrithe atá fostaithe faoi chonradh fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte.

49      Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé, arb í an chúirt sin amháin a mbeidh dlínse aici measúnú a dhéanamh ar na fíorais, a chinneadh an raibh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí i staid atá inchomparáide le staid na n‑oibrithe a bhí fostaithe ar feadh tréimhse éiginnte ag X le linn na tréimhse céanna (féach, de réir analaí, breithiúnais an 14 Meán Fómhair 2016, de Diego Porras, C‑596/14, EU:C:2016:683, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 17 Márta 2021, Consulmarketing, C‑652/19, EU:C:2021:208, mír 54).

50      Ar an dara dul síos, maidir le cóir nach bhfuil chomh fabhrach sin d’oibrithe ar théarma socraithe ná mar atá ag oibrithe buana, tá comhthuiscint ann, i gcás foirceannadh le fógra faoi chonradh fostaíochta ar théarma socraithe, nach gceanglaítear ar an bhfostóir an t‑oibrí a chur ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar údar leis an bhfoirceannadh sin, cé go gceanglaítear air é sin a dhéanamh i gcás foirceannadh le fógra faoi chonradh fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte.

51      Ba cheart a thabhairt faoi deara i ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, nach mór measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar chóir nach bhfuil chomh fabhrach sin, de réir bhrí Chlásal 4 (1) den Chomhaontú Réime. I gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, maidir le hoibrí ar théarma socraithe a ndéantar a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh le fógra, ós rud é nach gcuirtear é ar an eolas, murab ionann agus oibrí buan a bhfuil deireadh lena chonradh fostaíochta, faoin gcúis nó faoi na cúiseanna leis an dífhostú sin, ní thugtar faisnéis thábhachtach d’fhonn a mheas an bhfuil údar maith leis an dífhostú agus an dtugtar caingean os comhair cúirte. Dá bhrí sin, tá difríocht sa chaoi a gcaitear leis an dá chatagóir oibrithe sin, de réir bhrí na forála sin.

52      Ar an dara dul síos, molann an chúirt a rinne an tarchur agus Rialtas na Polainne araon nach féidir leis an oibrí lena mbaineann caingean a thabhairt os comhair na cúirte oibreachais inniúla mura bhfuil ceanglas ann maidir le faisnéis den sórt sin, ionas go mbeidh an chúirt sin in ann a fháil amach an bhféadfadh an dífhostú lena mbaineann a bheith idirdhealaitheach nó an ionann é agus mí-úsáid ceart mar gheall ar neamh-chomhoiriúnacht an chirt lena mbaineann le cuspóir socheacnamaíoch an chirt lena mbaineann nó mar gheall ar shárú phrionsabail an tsaoil shóisialta, de réir bhrí Airteagal 8 den Chód Saothair.

53      Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith mar thoradh ar chás den sórt sin d’oibrí ar théarma socraithe a mhéid is nach bhfuil ag an oibrí sin, fiú má ghlactar leis go ráthaítear athbhreithniú breithiúnach ar fhiúntas na bhforas chun a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh agus go n‑áirithítear, dá bhrí sin, cosaint éifeachtach bhreithiúnach don duine lena mbaineann, faisnéis a d’fhéadfadh a bheith cinntitheach chun a chinneadh an dtionscnófar nó nach dtionscnófar imeachtaí dlíthiúla i gcoinne fhoirceannadh a chonartha fostaíochta.

54      Dá bhrí sin, má bhíonn amhras ar an oibrí lena mbaineann maidir le dlisteanacht na cúise lena dhífhostú, níl aon rogha aige, in éagmais na forála sin a bheith curtha in iúl go deonach ag an bhfostóir, ach caingean a thabhairt os comhair na cúirte oibreachais inniúla chun agóid a dhéanamh i gcoinne an dífhostaithe sin. Is i gcomhthéacs na caingne sin amháin a fhéadfaidh an t‑oibrí seo ordú a fháil ón gcúirt seo an foras nó na cúiseanna lena mbaineann a nochtadh, gan bheith in ann measúnú a dhéanamh a priori ar an dóchúlacht go n‑éireoidh leis an gcaingean sin. De réir na míniúchán a thug Poblacht na Polainne ag an éisteacht, ceanglaítear ar an oibrí sin, sa ghníomhaíocht sin, bunús a thabhairt, prima facie, lena chuid argóintí lena léirítear le cineál idirdhealaitheach nó mí-úsáideach an dífhostaithe a raibh sé faoi réir, in ainneoin nach bhfuil sé ar an eolas faoi na cúiseanna leis an dífhostú sin. Ina theannta sin, fiú más rud é go mbeadh taisceadh na caingne den sórt sin, ag oibrí ar théarma socraithe, os comhair na cúirte oibreachais sin saor in aisce, i gcomhréir leis an méid a luaigh Poblacht na Polainne freisin ag an éisteacht, d’fhéadfadh sé go mbeadh costais ar an oibrí sin, nó fiú costais a thabhófar má theipeann ar an gcaingean sin, mar thoradh ar ullmhú agus an nós imeachta leantach a bhaineann le scrúdú na caingne sin.

55      Ar deireadh, ba cheart a choinneáil i gcuimhne sa chomhthéacs sin go scoireann conradh ar théarma socraithe d’éifeacht a bheith aige don todhchaí nuair a rachaidh an téarma a shonraítear sa chonradh in éag, mar atá sa chás seo, trí dháta faoi leith a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá na páirtithe i gconradh fostaíochta ar théarma socraithe ar an eolas, a luaithe a thugtar i gcrích é, faoin dáta lena gcinntear go rachaidh sé in éag. Cuireann an téarma sin teorainn le fad an chaidrimh fostaíochta, gan iallach a bheith ar na páirtithe a dtoil a chur in iúl ina leith sin tar éis an conradh fostaíochta sin a thabhairt i gcrích (breithiúnas an 5 Meitheamh 2018, Grupo Norte Facility, C‑574/16, EU:C:2018:390, mír 57). Maidir le foirceannadh luath conartha fostaíochta den sórt sin, ar thionscnamh an fhostóra, mar thoradh ar imthosca a bheith ann nach raibh tuartha tráth a tugadh i gcrích é agus a chuireann isteach, dá bhrí sin, ar ghnáthchúrsa an chaidrimh fostaíochta, mar gheall ar a chineáil neamhthuartha, go bhféadfaidh sé difear a dhéanamh d’oibrí ar théarma socraithe ar a laghad chomh fada agus a dhéantar conradh fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte a fhoirceannadh don oibrí comhfhreagrach.

56      Dá bhrí sin, faoi réir na bhfíoruithe a bheidh ar an gcúirt a rinne an tarchur, bunaítear leis an reachtaíocht náisiúnta, mar atá i gceist sna príomhimeachtaí, difríocht sa chóir a bhaineann le cóir nach bhfuil chomh fabhrach céanna d’oibrithe ar théarma socraithe i gcomparáid le hoibrithe buana, toisc nach bhfuil siad faoi réir an tsriain atá i gceist maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann leis na forais lena dtugtar údar le dífhostú.

57      Ar an tríú dul síos, faoi réir an fhíoraithe a iarrtar ar an gcúirt a rinne an tarchur i mír 49 den bhreithiúnas seo, is gá fós a chinneadh an féidir bonn cirt a thugtar leis an difríocht sa chóir idir oibrithe ar théarma socraithe agus oibrithe buana inchomparáide, atá mar ábhar ag amhras na cúirte a rinne an tarchur, ar ‘chúiseanna oibiachtúla’, de réir bhrí Chlásal 4(1) den Chomhaontú Réime.

58      I ndáil leis sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne, de réir cásdlí socair, nach féidir coincheap na ‘cúiseanna oibiachtúla’, de réir bhrí Chlásal 4(1) den Chomhaontú Réime, a thuiscint mar údar le difríocht sa chóir idir oibrithe ar théarma socraithe agus oibrithe ar feadh tréimhse éiginnte toisc go ndéantar foráil don difríocht sin le riail náisiúnta ghinearálta agus theibí, amhail dlí nó comhaontú comhchoiteann (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, Lufthansa CityLine, C‑660/20, EU:C:2023:789, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

59      A mhalairt, ceanglaítear leis an gcoincheap sin go bhfuil údar leis an difríocht sa chóir a fhaightear mar gheall ar thosca beachta agus sonracha a bheith ann mar shaintréith den chaidreamh fostaíochta atá i gceist, sa chomhthéacs ar leith ina dtarlaíonn sé agus ar bhonn critéir oibiachtúla thrédhearcacha, d’fhonn a fháil amach an bhfreagraíonn an difríocht sin sa chóir d’fhíorghá, a bheith iomchuí chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach agus atá riachtanach chun na críche sin. D’fhéadfadh na heilimintí sin a bheith mar thoradh, go háirithe, ar chineál ar leith na gcúraimí ar lena ndéanamh a tugadh conarthaí ar théarma socraithe i gcrích agus ar shaintréithe bunúsacha na gcúraimí sin nó, de réir mar a bheidh, ar chuspóir dlisteanach beartais shóisialta de chuid Ballstáit a shaothrú (breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, Lufthansa CityLine, C‑660/20, EU:C:2023:789, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

60      Sa chás seo, tá Rialtas na Polainne, agus é ag brath ar an réasúnaíocht a lean an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) sa bhreithiúnas dá dtagraítear i míreanna 23 go 25 den bhreithiúnas seo, ag brath ar an difríocht idir feidhm shóisialta agus eacnamaíoch conartha fostaíochta ar théarma socraithe agus feidhm conartha ar thréimhse éiginnte.

61      Dar le Rialtas na Polainne, is mar chuid de shaothrú an chuspóra dhlisteanaigh maidir le ‘beartas sóisialta náisiúnta atá dírithe ar lánfhostaíocht tháirgiúil’ é an t‑idirdhealú a dhéantar i ndlí na Polainne maidir leis an gceanglas cúiseanna a lua, ag brath ar cibé acu a bhaineann sé le foirceannadh conartha ar thréimhse éiginnte nó conradh ar théarma socraithe. Chun an cuspóir sin a shaothrú, bheadh gá le leibhéal ard solúbthachta i margadh an tsaothair. Cuireann an conradh fostaíochta ar théarma socraithe leis an tsolúbthacht sin, ar an gcéad dul síos, trí dheis a thabhairt do níos mó daoine earcú a dhéanamh agus, ag an am céanna, trí chosaint iomchuí a chur ar fáil do na hoibrithe lena mbaineann agus, ar an dara dul síos, trína chur ar chumas fostóirí freastal ar a riachtanais i gcás méadú ar a ngníomhaíocht, gan bheith nasctha go buan leis an oibrí lena mbaineann.

62      Dá bhrí sin, cuireann Rialtas na Polainne in iúl go gcuirfí gnóthachtáil an chuspóra sin i mbaol dá ráthófaí an leibhéal céanna cosanta d’oibrithe ar théarma socraithe agus atá ag oibrithe ar feadh tréimhse éiginnte i gcoinne conradh fostaíochta le fógra a fhoirceannadh. Dhearbhaigh an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil) an méid sin nuair a chinn sí go raibh difríocht den sórt sin sna réimis dhlisteanacha i bhfianaise Airteagail 2 agus 32 den Bhunreacht, lena gcumhdaítear, faoi seach, prionsabal an smachta reachta dhaonlathaigh agus prionsabail an chomhionannais os comhair an dlí agus toirmeasc ar idirdhealú sa saol polaitiúil, sóisialta nó eacnamaíoch.

63      Ba cheart a thabhairt faoi deara nach tosca beachta agus sonracha iad na tosca a bhfuil Rialtas na Polainne ag brath orthu chun bonn cirt a thabhairt don reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena sainítear coinníoll fostaíochta lena mbaineann, mar a cheanglaítear leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 58 agus 59 den bhreithiúnas seo, ach go bhfuil siad cosúil le critéar, ar bhealach ginearálta agus teibí, a thagraíonn go heisiach d’fhad na fostaíochta. Dá bhrí sin, ní fhágann na tosca sin gur féidir a áirithiú go gcomhlíonann an difríocht sa chóir atá i gceist sna príomhimeachtaí riachtanas dáiríre, de réir bhrí an chásdlí sin.

64      I ndáil leis sin, chun glacadh leis gur leor cineál sealadach caidrimh fostaíochta chun údar a thabhairt le difríocht sa chóir le hoibrithe ar théarma socraithe agus le hoibrithe buana, ní bheadh brí le cuspóirí an Chomhaontaithe Réime agus b’ionann sin agus cás a bhuanú atá neamhfhabhrach d’oibrithe ar théarma socraithe [féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Governo della Repubblica italiana (Stádas giúistísí na hIodáile), C‑658/18, EU:C:2020:572, mír 152 agus an cásdlí dá dtagraítear].

65      In aon chás, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 58 agus 59 den bhreithiúnas seo, seachas go gcaithfidh an difríocht sin ó thaobh na córa de freastal ar riachtanas dáiríre, ní mór di a bheith de chineál a chumasóidh an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach agus ní mór di a bheith riachtanach chun na críche sin. Ina theannta sin, ní mór an cuspóir sin a shaothrú ar bhealach comhsheasmhach córasach, i gcomhréir le ceanglais an chásdlí sin (breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, Lufthansa CityLine, C‑660/20, EU:C:2023:789, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

66      Ní cosúil go bhfuil gá leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí i bhfianaise an chuspóra ar a bhfuil Rialtas na Polainne ag brath.

67      Fiú dá mbeadh oibleagáid ar fhostóirí na cúiseanna le foirceannadh luath conartha ar théarma socraithe a lua, ní bheadh, dá bhrí sin, an tsolúbthacht á baint acu dá bharr sa chineál conartha fostaíochta sin, ar dócha go gcuirfidh sé le lánfhostaíocht i margadh an tsaothair. Ba cheart a chur in iúl i ndáil leis sin nach mbaineann an coinníoll fostaíochta atá i gceist le ceart fostóra conradh fostaíochta ar théarma socraithe a fhoirceannadh le fógra ach leis an gcúis nó na cúiseanna is bonn lena dhífhostú a chur in iúl don oibrí, i scríbhinn, agus, mar thoradh air sin, nach féidir a mheas go bhféadfadh an coinníoll sin a bheith in ann an tsolúbthacht sin a athrú go suntasach.

68      Maidir leis an gceist an bhfuil cúirt náisiúnta faoi oibleagáid, i gcomhthéacs díospóid idir daoine aonair, gan feidhm a bheith ag foráil den dlí náisiúnta atá contrártha le Clásal 4 den Chomhaontú Réime, ní mór a mheabhrú, i gcás nach mór do na cúirteanna náisiúnta díospóid den sórt sin a réiteach, ina ndealraíonn sé go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann contrártha le dlí an Aontais, is faoi na cúirteanna sin atá sé an chosaint bhreithiúnach a eascraíonn as forálacha dhlí an Aontais a áirithiú agus a áirithiú go bhfuil na forálacha sin iomlán éifeachtach (breithiúnas an 7 Lúnasa 2018, Smith, C‑122/17, EU:C:2018:631, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

69      Ar bhonn níos cruinne, chinn an Chúirt arís agus arís eile nach mór do chúirt náisiúnta a dtugtar imeachtaí os a comhair go heisiach idir daoine aonair, agus forálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh chun na n-oibleagáidí a leagtar síos le treoir a thrasuí á gcur i bhfeidhm, corpas iomlán fhorálacha an dlí náisiúnta a chur san áireamh agus iad a léiriú, a mhéid is féidir, i bhfianaise fhoclaíocht agus chuspóir na treorach sin chun teacht ar thoradh a bheidh comhsheasmhach leis an gcuspóir atá á shaothrú leis an treoir (breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

70      Mar sin féin, tá teorainneacha áirithe ag baint leis an bprionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá an oibleagáid atá ar chúirt náisiúnta tagairt a dhéanamh d’ábhar treorach maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm rialacha ábhartha a dlí náisiúnta teoranta ag prionsabail ghinearálta an dlí agus ní féidir léi a bheith mar bhonn do léiriú contra legem ar an dlí náisiúnta (breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

71      Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a fháil amach an dtugann an fhoráil náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, eadhon Airteagal 30(4) den Chód Saothair, léiriú atá i gcomhréir le Clásal 4 den Chomhaontú Réime.

72      I gcás nach féidir foráil den dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le ceanglais dhlí an Aontais a léiriú, ceanglaítear le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais go gcuirfidh an chúirt náisiúnta atá freagrach as forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, laistigh de theorainneacha a dlínse, aon fhoráil den dlí náisiúnta atá contrártha le forálacha dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach acu a chur as feidhm.

73      Mar sin féin, is léir ón gcásdlí socair nach féidir le treoir ann féin oibleagáidí a fhorchur ar dhuine aonair agus, dá bhrí sin, ní féidir brath air mar sin os comhair cúirt náisiúnta. I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 288 CFAE, níl treoir de chineál ceangailteach, atá mar bhonn don fhéidearthacht a bheith ag brath uirthi, ann ach amháin i ndáil le ‘gach Ballstát ar a bhfuil sí dírithe’; tá sé de chumhacht ag an Aontas Eorpach oibleagáidí a achtú, ar bhealach ginearálta agus teibí, do dhaoine aonair le héifeacht láithreach ach amháin i gcás ina dtugtar de chumhacht dó Rialacháin a ghlacadh. Dá bhrí sin, fiú má tá sí soiléir, beacht agus neamhchoinníollach, ní cheadaítear don chúirt náisiúnta foráil dá dlí náisiúnta a chur ar leataobh atá contrártha leis, más rud é, agus é sin á dhéanamh, go raibh oibleagáid bhreise le forchur ar dhuine aonair (breithiúnais an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C‑573/17, EU:C:2019:530, míreanna 65 go 67, agus an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

74      Dá bhrí sin, ní cheanglaítear ar chúirt náisiúnta, ar bhonn dhlí an Aontais amháin, foráil dá dlí náisiúnta atá contrártha le foráil de dhlí an Aontais a chur as feidhm mura bhfuil aon éifeacht dhíreach ag an bhforáil sin, gan dochar, áfach, don fhéidearthacht don chúirt sin nó d’aon údarás inniúil náisiúnta riaracháin, ar bhonn an dlí náisiúnta sin, aon fhoráil den dlí sin atá contrártha d’fhoráil de dhlí an Aontais nach bhfuil aon éifeacht den sórt sin aici a chur ar leataobh (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 33).

75      Is fíor gur aithin an Chúirt éifeacht dhíreach Chlásal 4(1) den Chomhaontú Réime, á rá go ndealraíonn sé, ó thaobh a ábhair de, go bhfuil an fhoráil sin neamhchoinníollach agus beacht go leor ionas gur féidir le duine aonair brath uirthi os comhair cúirt náisiúnta i gcoinne an Stáit sa chiall is leithne (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Aibreán 2008, Impact, C‑268/06, EU:C:2008:223, mír 68, agus an 12 Nollaig 2013, Carratù, C‑361/12, EU:C:2013:830, mír 28; féach, freisin, breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2017, Farrell, C‑413/15, EU:C:2017:745, míreanna 33 go 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

76      Mar sin féin, sa chás seo, ós rud é go bhfuil an díospóid sna príomhimeachtaí idir daoine aonair, ní féidir le dlí an Aontais ceangal a chur ar an gcúirt náisiúnta Airteagal 30(4) den Chód Saothair a chur as feidhm ar bhonn an chinnidh amháin go bhfuil an fhoráil sin contrártha le Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime.

77      É sin ráite, nuair a ghlacann Ballstát reachtaíocht lena sonraítear agus lena dtugtar foirm nithiúil ar na coinníollacha fostaíochta a rialaítear, le Clásal 4 den Chomhaontú Réime, tá dlí an Aontais á chur chun feidhme ag Ballstát, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, agus ní mór dó a áirithiú go n‑urramófar go háirithe an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt [féach, de réir analaí, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, État luxembourgeois (An ceart caingean a thionscnamh i gcoinne iarraidh ar fhaisnéis in ábhair chánach), C‑245/19 agus C‑246/19, EU:C:2020:795, míreanna 45 agus 46 agus an cásdlí dá dtagraítear].

78      Leanann sé ón méid a luaitear i míreanna 47 go 56 den bhreithiúnas seo go bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí nach gcuirtear oibrí ar théarma socraithe, a ndéantar a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh le fógra, ar an eolas láithreach i scríbhinn faoin gcúis ná faoi na cúiseanna leis an dífhostú sin, murab ionann agus oibrí ar thréimhse éiginnte, go gcuirtear teorainn le rochtain oibrí ar théarma socraithe den sórt sin ar chaingean dlí, lena gcumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt. Ar an gcaoi sin, ceiltear eolas tábhachtach ar an oibrí sin chun measúnú a dhéanamh an bhfuil údar maith lena dhífhostú agus, i gcás inarb iomchuí, chun leigheas breithiúnach a ullmhú i gcoinne an dífhostaithe sin.

79      I bhfianaise na mbreithnithe sin, ní mór a mheas go sáraítear leis an difríocht sa chóir a bhunaítear leis an dlí náisiúnta is infheidhme, mar a bhunaítear i mír 56 den bhreithiúnas seo, an ceart bunúsach ar leigheas éifeachtach a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt, ós rud é go gceiltear an deis ar an oibrí ar théarma socraithe, a bhaineann an t‑oibrí buan leas as, a mheas roimh ré an bhfuil sé iomchuí imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i gcoinne an chinnidh deiridh a chur lena chonradh fostaíochta agus, más amhlaidh atá, caingean a thionscnamh ina ndéanfar agóid bheacht i gcoinne na bhforas atá leis an bhfoirceannadh sin. Thairis sin, i bhfianaise an mhéid a luaitear i míreanna 60 go 67 den bhreithiúnas seo, níl an fhianaise a bhfuil Rialtas na Polainne ag brath ar de chineál a thabharfadh údar le teorannú den sórt sin ar an gceart sin, de bhun Airteagal 52(1) den Chairt.

80      Luaigh an Chúirt, áfach, gur leor Airteagal 47 den Chairt ann féin agus ní gá é a shoiléiriú le forálacha dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta chun ceart a thabhairt do dhaoine aonair ar féidir leo a agairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Aibreán 2018, Egenberger, C‑414/16, EU:C:2018:257, mír 78).

81      Dá bhrí sin, ceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta, sa chás dá dtagraítear i mír 76 den bhreithiúnas seo, agus laistigh de theorainneacha a dlínse féin, cosaint dlí a áirithiú a fhaigheann daoine ó Airteagal 47 den Chairt, arna léamh i gcomhar le Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime, maidir le ceart ar leigheas éifeachtach, lena n‑áirítear rochtain ar an gceartas agus mar sin Airteagal 30(4) den Chód Saothair a chur as feidhm a mhéad is gá chun lánéifeacht na forála sin a áirithiú [féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Aibreán 2018, Egenberger, C‑414/16, EU:C:2018:257, mír 79, agus an 8 Márta 2018, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (Éifeacht dhíreach), C‑205/20, EU:C:2022:168, mír 57].

82      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tarchuireadh nach mór Clásal 4 den Chomhaontú Réime a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina gceanglaítear ar fhostóir cúiseanna a thabhairt i scríbhinn maidir leis an bhfoirceannadh le fógra maidir le conradh fostaíochta ar théarma socraithe, cé go bhfuil sé faoi cheangal ag oibleagáid den sórt sin i gcás conradh fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte a fhoirceannadh. Ceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta a éisteann díospóid idir daoine aonair, i gcás nach féidir léi an dlí náisiúnta is infheidhme a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir leis an gClásal sin, chun a áirithiú, laistigh de theorainneacha a dlínse féin, an chosaint bhreithiúnach a fhaigheann daoine aonair ó Airteagal 47 den Chairt agus chun lánéifeacht an Airteagail sin a áirithiú, a mhéid is gá, trí aon fhoráil náisiúnta atá contrártha a chur as feidhm.

 Costais

83      Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir le Clásal 4 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma shocraithe a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1990/70/CE an 28 Meitheamh 1999 ón gComhairle i dtaca leis an gComhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta nach gceanglaítear ar fhostóir cúiseanna a thabhairt i scríbhinn maidir le foirceannadh conartha fostaíochta ar théarma socraithe, cé go bhfuil sé faoi cheangal ag oibleagáid den sórt sin i gcás foirceannadh conartha fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte. Ceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta a éisteann díospóid idir daoine aonair, i gcás nach féidir léi an dlí náisiúnta is infheidhme a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir leis an gclásal sin, chun a áirithiú, laistigh de theorainneacha a dlínse féin, an chosaint bhreithiúnach a fhaigheann daoine aonair ó Airteagal 47 den Chairt agus chun lánéifeacht an Airteagail sin a áirithiú, a mhéad is gá, trí aon fhoráil náisiúnta atá contrártha a chur as feidhm.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Pholainnis.