Iarraidh ar réamhrialú ón Corte di appello di Napoli (an Iodáil) a taisceadh an 26 Meán Fómhair 2023 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh EDS
(Cás C-595/23 Cuprea1 )
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte di appello di Napoli
Páirtithe sna príomhimeachtaí
EDS
Na ceisteanna a tharchuirtear
Iarrtar ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhearbhú nach mór na forálacha comhcheangailte seo a leanas:
• Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 1 ;
• Airteagal 22(1) agus Airteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 1 ;
• Airteagail 24, 25 agus 26 agus Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 1 ;
• Aithris 46 de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018;
a léiriú sa chiall seo a leanas:
i gcás inar dhiúltaigh an Stát forghníomhaitheach an duine a thabhairt suas, arna iarradh ag an Stát eisiúna trí bharántas gabhála Eorpach arna eisiúint chun ciontú coiriúil a fhorghníomhú, agus go bhfuil an breithiúnas aitheanta aige agus gur ordaigh sé forghníomhú na pianbhreithe ar a chríoch i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, agus go bhfuil tús curtha leis an bhforghníomhú, tá sé d’oibleagáid ar an Stát eisiúna an foláireamh atá iontráilte in CFS a scriosadh agus an barántas gabhála Eorpach a urscaoileadh;
go dtí go gcuirfidh an Stát eisiúna deireadh leis an bhfoláireamh agus go léirscriosfaidh sé é, beidh sé de chumhacht ag údarás breithiúnach an Stáit fhorghníomhaithigh a iarraidh ar Bhiúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna an foláireamh a scriosadh as CFS, agus beidh sé d’oibleagáid ar Bhiúró SIRENE déanamh amhlaidh.
____________
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit – Ráitis arna ndéanamh ag Ballstáit áirithe maidir le glacadh an Chinnidh Réime (IO 2002 L 190, lch. 1).
1 Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach (IO 2008 L 327, lch. 27).
1 Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO 2018 L 312, lch. 56).